bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
/
Daniel 9
Daniel 9
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
← Chapter 8
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 10 →
1
Sa chéad bhliain de réimeas Dháire, mac Áisiuéaróis, de chine na Méideach, a rialaigh ríocht na gCaildéach
2
sa chéad bhliain dá réimeas, scrúdaigh mise, Dainéil, an scrioptúr ag ríomh líon na mblianta, de réir mar a d' fhoilsigh Dia don fháidh Irimia, ba chóir a chomhlíonadh sula mbeadh críoch le scriosadh agus milleadh Iarúsailéim seachtó bliain.
3
Ansin d' iompaigh mé m' aghaidh ar an Tiarna Dia, á thóraíocht le guí agus le hurnaí, le troscadh, le sacéadach agus le luaithreach.
4
Ghuigh mé chun an Tiarna mo Dhia, agus rinne mé admháil mar a leanas: «Ó, a Thiarna, a Dhia mhór na heagla, a chomhlíonann an conradh agus an buanghrá dóibh siúd a ghránn tú agus a choimeádann d' aitheanta,
5
pheacaíomar, rinneamar éagóir, rinneamar urchóid, rinneamar brath, ag tréigean d' aitheanta agus do reachta.
6
Níor éisteamar le do shearbhóntaí, na fáithe, a labhair i d' ainm lenár ríthe, ár bprionsaí, ár n-aithreacha, agus le pobal uile na tíre.
7
Is leatsa an fhíréantacht, a Thiarna, ach orainne tá ceann faoi amhail atá an lá seo féin, ar mhuintir Iúdá, ar áitritheoirí Iarúsailéim, ar Iosrael uile, i mbaile agus i gcéin sna tíortha uile inar dhíbir tú iad toisc tú a bhrath mar a rinne siad.
8
Orainne, a Thiarna, tá ceann faoi, ar ár ríthe, ar ár bprionsaí, ar ár n-aithreacha, mar gur pheacaíomar i d' aghaidh.
9
Leis an Tiarna, ár nDia, a bhaineann trócaire agus maithiúnas mar rinneamar ceannairc ina aghaidh.
10
Níor éisteamar le guth an Tiarna, ár nDia, á rá linn maireachtáil de réir a dhlíthe, faoi mar a chuir sé faoinár mbráid iad trína shearbhóntaí na fáithe.
11
Sháraigh Iosrael uile do dhlí; bhailigh siad leo gan éisteacht le do ghuth. An mhallacht agus an mionn atá scríofa i ndlí Mhaois, searbhónta Dé, tá siad doirte sa mhullach orainne, mar gur pheacaíomar ina aghaidh.
12
Chomhlíon sé na briathra a labhair sé inár n-aghaidh agus in aghaidh ár rialtóirí a rialaigh sinn; thug sé tubaiste chomh mór sin orainn nach bhfuil leithéid a ndearnadh in aghaidh Iarúsailéim déanta in aon áit faoin spéir.
13
Mar atá scríofa i ndlí Mhaois tá an tubaiste seo go léir tagtha orainn; ach níor impíomar fabhar i láthair an Tiarna, ár nDia, agus filleadh ónár gcionta agus a géilleadh do d' fhírinne.
14
Uime sin rinne an Tiarna faire ar an urchóid agus thug anuas orainn í; mar is fíréan é an Tiarna, ár nDia, san uile obair dá ndearna sé agus níor éisteamar lena ghuth.
15
Anois, a Thiarna, ár nDia, a thug do phobal ó thalamh na hÉigipte amach le láimh chumhachtach agus maireann a cháil sin go dtí inniu féin tá an peaca, an urchóid, déanta againne.
16
A Thiarna, de réir iomad do ghníomhartha fíréanta, iompaíodh d' fhearg is do chuthach ó do chathair Iarúsailéim, do shliabh naofa; mar trínár bpeacaí agus trí choireanna ar n-aithreacha, tá Iarúsailéim agus do phobal ina ábhar gáire ag cách máguaird orainn.
17
Uime sin, éist, a Dhia, le hachainí dá shearbhónta agus lena urnaithe. Ar do shon féin, a Thiarna, go ndealraí do ghnúis ar do shanctóir tréigthe.
18
Claon do chluas, a Dhia liom, agus éist; oscail do shúile agus feic ár n-ainnise agus an chathair ar a nglaoitear d' ainm; mar ní toisc ár ndea-oibreacha a chuirimid ár n-urnaithe i do láthair, ach toisc iomad do mhórthrócaire.
19
A Thiarna, tabhair cluas dúinn! a Thiarna, tabhair maithiúnas! A Thiarna, tóg ceann dúinn agus déan beart! Ná moilligh ar do shon féin! a Dhia, mar tá glaoite ar d' ainm i gcabhair ar do chathair agus ar do phobal.»
20
Labhair mé arís, agus ghuigh mé ag admháil mo pheacaí féin agus peacaí mo phobail, Iosrael, agus ag déanamh m' urnaí i láthair an Tiarna, mo Dhia, ar son shliabh naofa mo Dhé.
21
Ag labhairt dom i mo ghuí, tháinig chugam faoi lánseol, Gaibriéil an neach a bhí feicthe agam i bhfís ar dtús ar uair íobartha na nóna.
22
Dúirt sé liom: «A Dhainéil, seo mise: tháinig mé amach chun teacht agus tú a theagasc san eagna.
23
I dtosach d' achainí ghabh briathar amach agus táim tagtha chun é a insint duit mar is mór mar a thugtar grá duit. Iniúch an focal, tuig an fhís:
24
Tá seachtó seachtain beartaithe do do mhuintir agus do do chathair naofa, chun deireadh a chur leis an sárú, chun críoch a chur leis na peacaí, chun leorghníomh a dhéanamh san éagóir, chun fíréantas síoraí a thabhairt i láthair, chun fís agus fáistine a shéalú, chun ionad rónaofa a ungadh.
25
Bíodh a fhios agat agus tuig i d' aigne, ó théann an t-ordú seo amach: ' Athchóirítear agus tógtar Iarúsailéim,' go teacht ungthaigh, prionsa, seacht seachtaine; agus ar feadh dhá sheachtain agus trí fichid beifear á thógáil arís le cearnóga agus móta ach in aimsir bhuartha.
26
Agus tar éis an dá sheachtain is trí fichid gearrfar anuas ungthach [agus fágfar dealbh é]. Scriosfar an chathair agus an sanctóir faoi láimh an phrionsa atá le teacht. Beidh a chríoch i dtuile, agus beidh cogadh go dtí an chríoch; tá mórchuid léirscriosta ceaptha.
27
Déanfaidh sé conradh a dhaingniú lena lán ar feadh seachtaine; agus ar feadh leath na seachtaine cuirfidh sé cosc le hofráil agus le híobairt. Ar sciathán [an Teampaill] beidh gráiniúlacht an léirscriosta, go dtí an deireadh, go ndoirtfear an chríoch chinnte ar an scriostóir.»
← Chapter 8
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 10 →
All chapters:
1
2
3
4
5
6
7
8
9
10
11
12