bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
/
Daniel 8
Daniel 8
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
← Chapter 7
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 9 →
1
Sa tríú bliain de réimeas Bhéilseazar rinneadh fís domsa, Dainéil, ina diaidh siúd a rinneadh dom ar dtús.
2
Ag faire na físe os mo chomhair dom, b' shiúd mé féin i Súsa an phríomhchathair, atá i gcúige Éalám; agus, ag faire na físe, b' shiúd mé ag geata Úlai.
3
D' ardaigh mé mo shúile chun féachana. Féach! Reithe ina sheasamh ar bhruach na habhann. Bhí dhá adharc air; bhí an dá adharc ard, ach ceann acu níos airde ná a chéile agus ba é an ceann ab airde an dara ceann a d' éirigh suas.
4
Chonaic mé an reithe ag sá lena adharc siar, ó thuaidh, agus ó dheas. Níor fhéad ainmhí seasamh ina aghaidh, ná níor fhéad aon ní fuascailt óna ghreim. Rinne sé mar ba mhian leis agus tháinig borradh air.
5
Féach, seo mar a thug mé faoi deara: Tháinig pocán ón iarthar, de dhroim na talún uile ach gan baint leis an talamh, agus adharc shuntasach idir a dhá shúil.
6
Tháinig sé chun an reithe leis an dá adharc a chonaic mé ina sheasamh ar bhruach na habhann agus chuaigh de rith ina aghaidh le teann buile.
7
Chonaic mé é ag druidim leis an reithe agus ag dul i ngleic leis; bhí cuthach air ina aghaidh agus bhuail sé an reithe, bhris a dhá adharc, agus gan breith ag an reithe ar sheasamh ina choinne; threascair sé chun talún é agus ghabh de chosa ann, agus gan é ar chumas aon duine an reithe a shábháil óna chumhacht.
8
Chuaigh an pocán i neart go mór, ach in iomlán a nirt, bhris an adharc mhór agus ina háit d' éirigh ceithre adharc shuaithinseach i dtreo cheithre ghaoth neimhe.
9
As ceann díobh d' eascair adhaircín a mhéadaigh go mór i dtreo an deiscirt, an oirthir, agus i dtreo Thír na Glóire.
10
Bhorr a thoirt go slua neimhe, agus chaith sé anuas ar an talamh cuid de shlua na réaltaí agus phasáil orthu.
11
D' ardaigh sé é féin fiú in aghaidh Phrionsa an tSlua, chuir sé an íobairt laethúil ar ceal air agus scartáil sé ionad a shanctóra agus a shlua;
12
[in áit na híobartha chuir sé an urchóid] agus leag sé chun láir an fhírinne; rinne an adharc bearta agus chuaigh chun cinn.
13
Ansin chuala mé neach naofa ag labhairt agus dúirt ceann eile leis siúd a labhair: «Cén fad a mhairfidh an fhís i dtaobh na híobartha laethúla, na hurchóide a mhilleann, agus na gabhála de chosa sa sanctóir agus sa slua?»
14
Dúirt [an chéad cheann leis]: «Ar feadh dhá mhíle trí chéad nóin agus maidin fós; ansin cuirfear an sanctóir arís i seilbh a chirt.»
15
Ag breathnú na físe domsa, Dainéil, lorg mé a ciall agus b' sheo os mo chomhair neach mar dhuine ar a dhealramh.
16
Chuala mé guth duine idir bruacha Úlai ag glaoch: «A Ghaibriéil, tabhair tuiscint ar an bhfís don fhear seo.»
17
Ansin tháinig sé i ngar don bhall ina raibh mé i mo sheasamh, agus, nuair a dhruid sé liom, tháinig scanradh orm agus thit mé ar mo bhéal agus ar m' fhiacla. Ach dúirt sé: «Tuig a mhic an duine gur d' uain na críche atá an fhís.»
18
Thit mo chodladh go trom orm agus é ag caint liom agus m' aghaidh leis an talamh. Bhain sé liom agus d' ardaigh ar mo bhoinn mé.
19
«Cuirfidh mé in iúl duit cad a bheidh i gcrích dheireanach na feirge, óir baineann sé le huain chinnte na críche.
20
An reithe a chonaic tú, is iad ríthe na Méide agus na Peirse a dhá adharc.
21
Is é rí na Gréige an pocán; an adharc mhór idir a dhá shúil, sin é an chéad rí.
22
An adharc bhriste, agus na ceithre adharc eile a d' fhás ina hionad sin ceithre ríocht a éireoidh óna phobal ach nach mbeidh a chumhacht acu.
23
I ndeireadh a réime, in am bhrúchta a n-olc, éireoidh rí, garbh ina dhreach, sás cruacheasta a réiteach.
24
Beidh a chumhacht tréan (ach ní dá neart féin é); millfidh sé go huafásach; agus rithfidh leis ina ghnóthaí; scriosfaidh sé treoin, agus pobal na naomh.
25
Trína ghliceas neartóidh sé leis an bhfeall faoina láimh, agus borrfaidh sé le huabhar ina chroí. Millfidh sé a lán gan choinne, agus éireoidh sé fiú in aghaidh Prionsa na bPrionsa; ach brisfear é agus sin trí láimh nach daonna.
26
Is fíor í fís na nónta agus na maidineacha atá inste, ach cuirse séala ar an bhfís mar baineann sí le mórán lá ó inniu.»
27
Chaill mise, Dainéil, mo bhrí agus bhí mé breoite líon mór laethanta. Ansin d' éirigh mé agus chuaigh mé i mbun cúraimí an rí, agus alltacht orm ag an bhfís agus gan tuiscint agam uirthi.
← Chapter 7
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 9 →
All chapters:
1
2
3
4
5
6
7
8
9
10
11
12