bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
/
Lamentations 1
Lamentations 1
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 2 →
1
Pianpháis na Cathrach Tréigthe
2
Bíonn sí ag gol go géar goirt san oíche; bíonn a gruanna báite le caisí deor; níl aon sólásaí ar bith aici i measc a cuid leannán; d' fheall a cairde go léir uirthi; is naimhde di iad anois.
3
D' imigh Iúdá léi ar deoraíocht chun angar agus daoirse a sheachaint; cónaíonn sí i measc na náisiún ach ní bhfaigheann sí ionad suaimhnis ann; óir, tá an tóir tar éis teacht suas léi mar a bhfuil sí i gcúngrach mór.
4
Tá bóithre Shíón ag caoi mar ní thaithítear a hionad teagmhála; tá a geataí uile bánaithe agus déanann a sagairt osnaíl; bíonn a maighdeana go léir á gcrá. Ó nach goirt é an seirfean atá uirthi!
5
Ag a naimhde atá an ceannas; tá a heascairde uile faoi rath; óir tá an Tiarna tar éis í a chiapadh de dheasca oll-líon a peacaí; tá a leanaí imithe ina gcimí os comhair a namhad amach.
6
Tá a mórgacht uile leáite ó iníon Shíón; ba chosúil a flatha le fianna nach raibh féarach acu níos mó; bhíodh siad ar a dteitheadh go lagbhríoch roimh an tóir a cuireadh orthu.
7
Is cuimhin le Iarúsailéim anois a laethanta angair agus fáin, nuair a thit a muintir lena naimhde agus gan cabhróir dá laghad acu. Bhíodh a heascairde ag baint lán na súl aisti; ábhar scige dóibh ab ea a turnamh.
8
Pheacaigh Iarúsailéim go trom; dá dheasca sin is neamhghlan í anois; an dream a thugadh gradam di, maslaíonn siad í; óir, chonaic siad lomnocht í; ach bíonn sise ag caoineadh de shíor agus tugann sí a cúl leo.
9
Tá a salachar féin ar a sciortaí; níor mhachnaigh sí riamh ar a raibh i ndán dí; ó nach tubaisteach é a turnamh! Níl sólásaí ar bith aici. «Féach, a Thiarna, ar m' ainnise; is ag mo naimhde atá an bua.»
10
Shín a heascairde a lámha amach chun a maoinese go léir; chonaic sise na náisiúin ag réabadh isteach ina sanctóir an dream ar chros tú féin orthu do chomhthionól a thaithí.
11
Bíonn a muintir uile ag éamh agus arán á lorg acu; malartaíonn siad a n-iarmhais ar bhia chun iad féin a neartú arís. «Féach, a Thiarna, agus breathnaigh ar an drochmheas a chaitear orm.
12
Sibhse uile a thriallann thar bráid, breathnaígí agus féachaigí an bhfuil aon bhrón mar mo bhrónsa mar an gcumha atá ag criathairt mo chroí, a chuir an Tiarna féin orm, ar lá a dhíbheirge fíochmhaire.
13
Ón aird thuas chuir sé tine isteach i mo chnámha a rug greim daingean orthu go léir; leath sé líon do mo chosa agus thug orm casadh ar ais; d' fhág sé go tréigthe mé agus mé go dona tinn ó lá go lá.
14
Tá mo chionta ceangailte ina gcuing; fíodh le chéile iad ina lámhasan agus ardaíodh iad ar mo mhuineál; eisean ba chúis le lagú mo nirt; thug an Tiarna ar láimh dóibh mé sa chaoi nach dtig liom fanacht i mo sheasamh.
15
Na gaiscígh uile a bhíodh agam, tá an Tiarna tar éis iad a shéanadh; thug sé slua le chéile i m' aghaidh chun mo chuid ógánach a chloí; tá an Tiarna tar éis satailt sa chantaoir ar iníon fhíorógh Iúdá.
16
Sin an fáth a mbím ag caoi agus ag sileadh na súl go fuíoch Óir, is fada uaim aon sólásaí a mhúsclódh mo mheanma arís. Tá mo chlann mhac treascartha tréigthe mar is é an namhaid a rug an bua.
17
Leathann Síón a lámha amach; níl sólásaí ar bith aici; thug an Tiarna ordú in aghaidh Iacóib a chomharsana a bheith naimhdeach dó; rud éigin neamhghlan ina measc is ea Iarúsailéim.
18
Is cothrom cóir é an Tiarna; ach bhí mise easumhal dá ordú; éistigí, mar sin, a chiníocha uile, agus breathnaígí ar m' ainnise; tá mo mhaighdeana agus m' ógánaigh imithe uaim i mbraighdeanas.
19
Ghlaoigh mé ar mo chuid leannán; ach chlis siad go léir orm; mo shagairt agus mo sheanóirí uile, díothaíodh iadsan sa chathair, nuair a bhí siad ag cuardach bia chun iad féin a neartú arís.
20
Féach, a Thiarna, is mise atá go hainnis; tá a bhfuil istigh ionam corraithe cráite; tá mo chroí á shníomh i m' ucht mar ba mhór ar fad m' easumhlaíocht; tá an claíomh ag dísciú mo chlainne lasmuigh agus tá an Bás i réim laistigh.
21
[Éist] le mo chuid osnaíola; níl aon sólásaí ar bith agam; chuir scéala m' anó áthas ar mo naimhde uile; ar ndóigh ba thusa ba bhun leis go léir; luathaigh an lá atá fógartha agat, nuair a bheidh siadsan mar a bhfuilimse anois.
22
An mhailís go léir a rinne siad, go gcuirtear ar do shúile duit í; caith leo mar a chaith tú liomsa de dheasca mo chionta uile; óir, is iomaí osna atá á ligean agam agus tá mo chroí go tréithlag fann.»
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 2 →
All chapters:
1
2
3
4
5