bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
/
Lamentations 3
Lamentations 3
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
← Chapter 2
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 4 →
1
Mise an fear a d' fhulaing cruatan faoi shúiste a dhíbheirge.
2
Ní sa solas ach sa dorchadas a thiomáin agus a sheol sé mé.
3
I m' aghaidhse amháin a ardaíonn sé a lámha ar feadh an lae go léir.
4
Tá mo chorp agus mo chraiceann tnáite aige bhris sé mo chnámha go léir.
5
Thóg sé balla i m' aghaidh agus thimpeallaigh mé le domlas agus duainéis.
6
Thug sé orm cónaí sa dorchadas ar nós na marbh a d' éag fadó.
7
Thóg sé múr i mo thimpeall chun nach n-éalóinn agus chuir sé le meáchan mo shlabhra.
8
Fiú amháin nuair a scread mé air ag lorg cabhrach, thug sé an chluas bhodhar do m' achainí.
9
Dhún sé na bealaí orm le clocha soghearrtha; chuir sé cor i mo bhóithre go léir.
10
Mar bhéar i luíochán nó mar leon in eadarnaí bhí sé in oirchill orm.
11
Chuir sé amú mé agus rinne sé ciorrú orm agus d' fhág sé treascartha tréigthe mé.
12
Theann sé a bhogha agus chuir sé i mo sheasamh mé mar sprioc dá shaighead.
13
Scaoil sé lán a bholgáin de shaigheada isteach i m' áranna.
14
Ceap magaidh ab ea mé ag an bpobal go léir, mé i m' ábhar aoire acu ar feadh an lae.
15
Líon sé mé le luibheanna searbha agus chuir sé masmas orm le mormónta.
16
Thug sé orm gairbhéal a mheilt faoi m' fhiacla, agus chlúdaigh sé mé le luaithreach.
17
Is fada ó mo chroí a dhíbir tú an tsíocháin sa chaoi nach cuimhin liom céard is sonas ann.
18
Is é a deirim: «Tá mo bhuaine curtha ó chrích; tá deireadh leis an dóchas a mhúscail an Tiarna ionam.»
19
Cuimhnigh ar m' angar agus ar mo chuid fánaíochta, ar an mormónta agus ar an domlas.
20
Is cuimhin liomsa go sármhaith iad agus tá mo chroí spíonta istigh orm dá bharr.
21
Ach tabharfaidh mé an smaoineamh seo chun mo chuimhne, mar is é fáth mo dhóchais é:
22
Tuile gan trá is ea buanghrá an Tiarna agus ní théann tobar a thrócaire i ndísc.
23
Athnuaitear iad gach maidin; óir is daingean í a dhílseacht.
24
«Is é an Tiarna mo chuid den saol,» a deirim, «is ann mar sin a chuirim mo dhóchas.»
25
Is maith é an Tiarna don té a choimeádann súil in airde leis, don duine a bhíonn á lorg.
26
Is maith an ní é fanacht go foighneach le slánú an Tiarna.
27
Is é leas an duine an chuing a iompar le linn a óige.
28
Agus suí go tostach ar leithrigh, nuair a chuirtear air í,
29
agus luí síos béal faoi sa luaithreach b' fhéidir go bhfuil ábhar dóchais ann fós
30
agus a leiceann a iompú chun an té a bhuaileann é agus masla ar mhuin masla a fhulaingt.
31
Óir ní go síoraí seasta a shéanfaidh an Tiarna a phobal;
32
má chránn sé féin, is truachroíoch é leis de réir iomadúlacht a bhuanghrá;
33
mar ní óna chroí a dhéanann sé an Ádhamhchlann a chiapadh agus a chrá.
34
Nuair a ghabhtar de chosa i gcimí uile na tíre,
35
nuair a sháraítear cearta an duine i láthair an Té is Airde;
36
nuair a thugtar cambhreith ar dhuine i gcúis dlí, an amhlaidh nach bhfeiceann an Tiarna é?
37
Cé a labhraíonn agus go ndéantar beart dá réir, mura gceadaíonn an Tiarna é?
38
Nach ó bhéal an Té is Airde a thagann an t-olc agus an mhaith?
39
Cén fáth a ndéanfadh duine ar bith gearán, go háirithe an fear atá ann fós d' ainneoin a pheacaí?
40
Scrúdaímis agus iniúchaimis ár mbéasa agus fillimis ar ais ar an Tiarna.
41
Tógaimis ár gcroíthe agus ár lámha araon chun Dé atá sna flaithis go hard.
42
«Tá peacaí agus ceannairc déanta againne; níor thug tú féin maithiúnas dúinn.
43
Chuaigh tú sa tóir orainn agus feisteas feirge umat agus rinne tú sléacht orainn gan trua.
44
D' fholaigh tú thú féin i néal ionas nach bpollfadh ár n-urnaí tríd.
45
Rinne tú dramhaíl agus bruscar dínn i measc na náisiún.
46
D' oscail ár naimhde go léir a mbéal inár n-aghaidh.
47
Scanradh agus clais ghábhála is dán dúinn, léirscrios agus lot.
48
Tá linnte uisce le mo shúile de dheasca dhíothú mo phobail ionúine.
49
Sileann deora ó mo shúile gan stad, mar ní bhfaighidh mé faoiseamh ar bith
50
go mbreathnóidh an Tiarna anuas ó neamh chun feachaint orm.
51
Is crá croí dom a bhfeiceann mo shúile dá bhfuil á fhulaingt ag iníonacha uile mo chathrach.
52
An dream a bhí ina naimhde agam gan chúis, chuaigh siad sa tóir orm mar éan.
53
Chaith siad beo mé síos sa charcair agus dhún siad le cloch orm í.
54
D' éirigh an t-uisce os mo chionn agus dúirt mé: 'Tá deireadh liom!'
55
Ghlaoigh mé ar d' ainm, a Thiarna, ó íochtar na carcrach doimhne.
56
Chuala tú mo ghuí: 'Ná tabhair an chluas bhodhar do m' éamh agus mé ag iarraidh faoisimh.'
57
Dhruid tú i mo leith an lá a ghlaoigh mé ort agus dúirt: 'Ná bíodh eagla ort.'
58
D' agair tusa, a Thiarna, an chúis a raibh mo bhás ag brath uirthi agus d' fhuascail tú m' anam.
59
Chonaic tú, a Thiarna, an éagóir a rinneadh orm; seas ceart dom.
60
Chonaic tú conas mar a lig siad a nimh amach orm, a ndrochbheartaíocht uile i m' aghaidh.
61
Chuala tú, a Thiarna, faoina gcuid achasán, faoina ndrochiompar uile i mo choinne,
62
faoi cháineadh agus faoi chogarnaíl lucht m' ionsaithe ar feadh an lae go léir.
63
Bíodh siad ina suí nó ina seasamh, féach gur mise is ábhar aoire acu.
64
Bain sásamh astu, a Thiarna, de réir a ndrochbheart;
65
tabhair stuacacht chroí dóibh: bíodh do mhallacht orthu;
66
le teann feirge déan iad a thóraíocht agus a scrios de dhruim na talún, a Thiarna.»
← Chapter 2
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 4 →
All chapters:
1
2
3
4
5