bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
/
Lamentations 5
Lamentations 5
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
← Chapter 4
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
1
Cuimhnigh, a Thiarna, ar ar tharla dúinn; Breathnaigh agus féach ar na maslaí a thugtar dúinn.
2
Tá ár dtailte oidhreachta i seilbh strainséirí agus ár dtithe i seilbh allúrach.
3
Dílleachtaí is ea sinn de cheal athar; baintreacha is ea ár máithreacha.
4
An t-uisce a ólaimid, caithfimid é a cheannach; bíonn orainn íoc as ár n-adhmad féin.
5
Tá [cuing] ar ár muineál agus tiomáintear go róghéar sinn; nuair a bhímid traochta, ní thugtar sos dúinn.
6
Ghéilleamar, seal do na hÉigiptigh, seal do na hAsaírigh, chun ár ndóthain bia a fháil.
7
Pheacaigh ár n-aithreacha; ach níl siadsan ann níos mó; is orainne a agraítear a gcionta.
8
Tá sclábhaithe dár rialú; agus níl duine ann chun sinn a fhuascailt uathu.
9
Is i mbaol ár n-anama a fhaighimid soláthar bia mar gheall ar shladaithe an fhásaigh.
10
Tá beirfean inár gcraiceann faoi mar a bheimis i sorn toisc cuthach ocrais a bheith dár gciapadh.
11
Rinneadh éigniú ar an mbantracht i Síón agus ar na maighdeana i gcathracha Iúdá.
12
Crochadh ár bhflatha; ní thugtar ómós do sheandaoine.
13
Bíonn na hógfhir ag oibriú na bró agus na garsúin ag tuisliú faoi ualaí adhmaid.
14
Ní bhíonn siúl na seanóirí ar an ngeata níos mó agus tá an t-aos óg tar éis éirí as an gceol.
15
Tá deireadh leis an áthas a bhíodh inár gcroí agus rinneadh caoineadh dár gcuid rinnceoireachta.
16
Tá an choróin tar éis titim dár gceann; is mairg dúinn de bhrí gur pheacaíomar.
17
Is é fáth a bhfuil ár gcroíthe go dona tinn agus ár súile go dúdhorcha dall:
18
toisc go bhfuil Sliabh Shíón treascartha tréigthe agus go mbíonn seacáil ag smúrthacht thart ann.
19
Ach maireann tusa, a Thiarna, i do rí go brách; beidh do ríchathaoir ann ó ghlúin go glúin.
20
Cén fáth a ligfeá sinne i ndearmad go deo agus a dtréigfeá sinn go síoraí suthain?
21
Cas ar ais chugat féin sinn, a Thiarna, agus fillfimid ort; athbhunaigh an réim a bhíodh againn anallód.
22
Óir tá tú tar éis sinn a shéanadh amach agus amach, is an-mhór ar fad an fhearg a ghlac tú linn.
← Chapter 4
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
All chapters:
1
2
3
4
5