bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
/
Lamentations 4
Lamentations 4
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
← Chapter 3
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 5 →
1
Ochón! Nach murtallach a d' éirigh an t-ór! Cad é mar a d' athraigh an mínór agus mar atá clocha an tsanctóra scaipthe ag cúinne gach sráide!
2
Clann mhac oirirc Shíón, ar fiú a gcothrom féin den ór is fearr iad, mo léan, áirítear iad mar chrúscaí cré, mar dhéantúis lámh an photaire.
3
Fiú amháin na seacáil nochtann siad a n-ucht agus tugann siad an chíoch dá gcoileáin; ach tá mo phobal ionúin éirithe chomh cruachroíoch le hostraisí an fhásaigh.
4
Greamaíonn teanga an naíonáin chíche dá charball leis an tart; iarrann na leanaí arán, ach ní thugtar dóibh é.
5
An dream nach n-itheadh ach bia beadaí, tá siad ag fáil bháis sna sráideanna; iad siúd a tógadh in éadach corcra, luíonn siad go faon ar charn dramhaíle.
6
Is mó pionósú mo phobail ionúin ná smachtú Shodom, a scriosadh ar an toirt gan aon duine a leagan lámh uirthi.
7
Ba ghile a flatha ná an sneachta; ba bháine iad ná bainne; ba dheirge corp iad ná an coiréal agus ba chosúil le saifír a gcló.
8
Ach anois is duibhe a ndealramh ná súiche; ní aithnítear iad sna sráídeanna; tá an craiceann craptha ar a gcnámha; tá sé chomh seargtha le giota adhmaid.
9
B' ámharaí iad siúd a maraíodh le claíomh ná iad siúd a fuair bás den ghorta, a bhíodh á snoí agus á n-ídiú go mall righin cheal torthaí na talún.
10
Fiú amháin na mná, arb í an taise is dual dóibh, bhruith siad a leanaí lena lámha féin; is iad a bhíodh mar bhia acu, nuair a bhí mo phobal ionúin á scrios.
11
Lig an Tíarna a racht cuthaigh amach; tháinig lasair feirge fíochmhaire ann; d' adhain sé tine i Síón, a loisc a bunsraitheanna.
12
Níor chreid ríthe an domhain mhóir ná duine ar bith dá maireann ar an saol go rachadh namhaid nó eascara dá laghad isteach trí gheataí Iarúsailéim.
13
A mhilleán sin ar pheacaí a fáithe agus ar chionta a sagart, a dhoirt amach laistigh di fuil na bhfíréan.
14
D' imigh siad ar fán trí na sráideanna ina ndaill; bhí siad truaillithe le fuil, sa chaoi nárbh fhéidir le haon duine baint lena mbaill éadaigh.
15
«Greadaigí libh, a neamhghlana!» a scairteadh leo, «Greadaigí libh, greadaigí libh, ná bainigí linn!» Theith siad leo chun fáin agus dúradh i measc na náisiún: «Ní féidir leo cónaí anseo níos mó.»
16
Chuir an Tiarna é féin scaipeadh orthu; níor chuimhnigh sé orthu níos mó; níor tugadh urraim do na sagairt ná ómós do na seanóirí.
17
Mheath ár súile orainn, ag feitheamh dúinn ar chabhair nár tugadh; bhíodh súil in airde againn ónár dtúir faire le náisiún nach bhféadfadh linn a shlánú dáiríre.
18
Coinníodh lenár sála sa chaoi nárbh fhéidir siúl trínár sráideanna; bhí ár ndeireadh buailte linn agus ár laethanta caite; níorbh fhada uainn ár dturnamh.
19
Bhí ár lucht géarleanúna níos mire ná iolair an aeir; chuaigh siad sa tóir orainn thar na sléibhte agus rinne siad luíochán romhainn san fhásach.
20
Ungthach an Tiarna, arbh ionann agus beatha dúinn é, gabhadh ina bpollghaiste é, an té a ndúramar faoi: «Is faoina scáthsan a mhairfimid i measc na náisiún.»
21
Déan áthas agus gairdeas, a iníon Eadóm, tusa, a chónaíonn i dtír Úz; sínfear an cupán chugatsa chomh maith; beidh tú ar meisce agus caithfidh tú díot anuas.
22
Tá do phionósú curtha ar ceal, a iníon Shíón; ní dhíbreoidh sé thar tír amach thú choíche arís; ach smachtóidh sé thusa, a iníon Eadóm, de dheasca d' urchóide agus nochtfaidh sé do chuid peacaí.
← Chapter 3
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 5 →
All chapters:
1
2
3
4
5