bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
/
Lamentations 2
Lamentations 2
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
← Chapter 1
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 3 →
1
Ochón! Tá an Tiarna tar éis duibhe a chur ar iníon Shíón le corp cuthaigh; theilg sé ó neamh go talamh áilleacht Iosrael; níor chuimhin leis stóilín a chos ar lá a chuid díbheirge.
2
Scrios an Tiarna go neamhthrócaireach áitribh uile Iacóib; chreach sé go fíochmhar feargach dúnta iníon Iúdá; leag sé ar lár agus thruailligh sé an ríocht agus a flatha.
3
Bhasc sé le fraoch feirge cumhacht uile Iosrael; níor thug sé tacaíocht a dheasláimhe in aghaidh an namhad; las sé suas in Iacób mar chraos tine a d' ídigh a raibh ina thimpeall.
4
Theann sé a bhogha mar namhaid agus dhaingnigh sé a dheaslámh mar eascara; rinne sé ár orthu siúd ar lán a shúl iad tráth; lig sé a racht amach mar thine ar bhoth iníon Shíón.
5
D' iompair an Tiarna é féin mar namhaid; rinne sé Iosrael a mhilleadh; scartáil sé a caisleáin go léir; leag sé a dúnta daingne; mhéadaigh sé an éagaoin agus an t-éagnach a bhí á ndéanamh ag iníon Iúdá.
6
Scrios sé an gairdín agus a bhoth; chreach sé a ionad teagmhála; i Síón chuir an Tiarna ar ceal an tionól féiliúil agus an tsabóid; le racht cuthaigh thug sé droim láimhe don rí agus don sagart araon.
7
Rinne an Tiarna a bheag dá altóir; ghlac sé fuath dá shanctóir; chuir sé ballaí a caisleán i seilbh a naimhde nimhneacha; tógadh gártha i dteach an Tiarna mar a thógfaí ar fhéile reachtúil.
8
Chinn an Tiarna ar chonamar a dhéanamh de bhalla iníon Shíón; shín sé an dorú tomhais leis agus níor stad sé go raibh sé scriosta; chuir sé drochbhail ar bhalla agus ar bhábhún sa chaoi go bhfuil siad araon ag mionú.
9
Tá a geataí sáite sa talamh; mar réab sé agus bhris sé a mbarraí; tá a rí agus a flatha i measc na náisiún agus níl aon dlí ann níos mó; go fiú ní bhfaigheann a cuid fáithe aon fhís ar bith ón Tiarna.
10
Tá seanóirí iníon Shíón ina suí ar an talamh ina dtost, luaithreach caite ar a gceann acu agus iad gléasta in éadach róin; tá a gceann cromtha go talamh ag maighdeana Iarúsailéim.
11
Tá mo shúile tnáite le caoineadh agus a bhfuil istigh ionam corraithe cráite; tá mo chroí á reabadh le brón mar gheall ar léirscrios mo phobail ionúin; óir tá naíonáin agus leanaí cíche ag snoí i gcearnóga na cathrach.
12
Bíonn siad ag fiafraí dá máithreacha «Cá bhfuil an t-arán (agus an fíon)?» agus iad ag titim mar dhaoine gonta i gcearnóga an bhaile, agus an t-anam ag sceitheadh astu i mbaclainn a máithreacha.
13
Cá bhfaighidh mé do leithéid nó do shamhail, a iníon Iarúsailéim? Cad leis a samhlóinn thú chun tú a shólású, a iníon ógh Shíón? Óir, tá do scrios chomh leathan leis an bhfarraige. Cé a fhéadfaidh thú a leigheas?
14
Chonaic do chuid fáithe thar do cheann físeanna folmha fealltacha; níor nocht siad duit d' urchóid, rúd a chuirfeadh cor bisigh i do chinniúint; ní bhfuair siad thar do cheann sna físeanna ach oracail bhréagacha mhealltacha.
15
Na daoine uile a ghluaiseann tharat, buaileann siad a mbosa i d' aghaidh; déanann siad faireach agus croitheann siad a gceann le hiníon Iarúsailéim: «An í seo an chathair ar glaodh uirthi: ' Blas na hÁille', ' Ábhar Áthais an Domhain Mhóir'?»
16
Osclaíonn do naimhde uile a gcraos chun tú a shlogadh; déanann siad faireach agus díoscán fiacal; «Tá sí slogtha siar againn,» deir siad, «is é seo an lá a rabhamar ag súil leis; tá sé buailte linn anois go soiléir.»
17
Rinne an Tiarna a raibh beartaithe aige; an rabhadh a thug sé fadó riamh tá sé curtha i gcrích aige anois; tá sé tar éis tú a threascairt gan trua; rinne sé ábhar suilt do do naimhde díot agus chuir sé go mór lena gcumhacht.
18
Éigh ó do chroí amach ar an Tiarna, a bhalla iníon Shíón; bí ag tál na ndeor ina dtuile de lá agus d' oíche; ná tabhair faoiseamh ar bith duit féin; nár thriomaí do shúile choíche.
19
Éirigh! Glaoigh amach san oíche i dtús gach seala faireacháin! lig do racht bróin amach mar thuile i láthair an Tiarna! Ardaigh chuige do lámha ar son bheatha do leanaí óga, (atá ag titim i laige le hocras ag béal gach uile shráide).
20
Féach, a Thiarna, agus breathnaigh ar cé hí ar chaith tú léi mar seo; ní féidir gurbh éigean do mhná naíonáin dhea-chumtha a mbroinne féin a ithe; ní féidir gurbh éigean sagairt agus fáithe a mharú i sanctóir an Tiarna!
21
Tá óg agus aosta ina luí ar an talamh sna sráideanna; tá m' ógfhir agus mo mhaighdeana tar éis titim le faobhar an chlaímh; tusa a mharaigh iad ar lá do dhíbheirge; rinne tú sléacht orthu gan trua.
22
Chruinnigh tú uafás thart orm ó gach taobh, mar a chruinníonn daoine le chéile ar lá féile; níor fágadh fuíoll áir ná fear inste scéil ar lá dhíbheirge an Tiarna; an chlann a rug agus a thóg mé, dhíothaigh mo namhaid iad go léir.
← Chapter 1
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 3 →
All chapters:
1
2
3
4
5