bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
/
Isaiah 28
Isaiah 28
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
← Chapter 27
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 23
Chapter 24
Chapter 25
Chapter 26
Chapter 27
Chapter 28
Chapter 29
Chapter 30
Chapter 31
Chapter 32
Chapter 33
Chapter 34
Chapter 35
Chapter 36
Chapter 37
Chapter 38
Chapter 39
Chapter 40
Chapter 41
Chapter 42
Chapter 43
Chapter 44
Chapter 45
Chapter 46
Chapter 47
Chapter 48
Chapter 49
Chapter 50
Chapter 51
Chapter 52
Chapter 53
Chapter 54
Chapter 55
Chapter 56
Chapter 57
Chapter 58
Chapter 59
Chapter 60
Chapter 61
Chapter 62
Chapter 63
Chapter 64
Chapter 65
Chapter 66
Chapter 29 →
1
Amhairg do choróin a núabhair, dfearuibh meisce Ephraim, noch ar bhláth diombúan a sgíamh ghlórmhar, noch atá ar cheann na ngleann méith an drong air a rug an fíon buáidh!
2
Féuch, atá áon cúmhachdach láidir ag an Ttighearna, noch atá amhuil cloichshneachda agus amhuil stoirm dhioghbhálach, amhuil tuile uisgeadh neartmhar ag dul tar bhrúach, caithfidh sé síos chum na talmhan leis an láimh íad.
3
Coróin a núabhair, luchd meisge Ephraim, sailteorthar faói chosuibh íad:
4
Agus biáidh an mhaise ghlórmhar, noch atá ar cheann an ghleanna mhéith, mar bhláth chríon, agus amhuil an toradh lúath roimbe an tsamhradh; noch do chí an té fhéuchus air, agus an feadh bhíos fós iona láimh ithidh sé súas é.
5
¶ Annsa ló sin biáidh TIGHEARNA na slógh mar choróin sgéimhe, agus mar dhiadem glóire, air an ccuid oile dá mbuinntir,
6
Agus mar spioraid bhreitheamhnuis don tí shuighios a mbreitheamhnus, agus mar neart don lucht iompoighios an cath ag an ngeata.
7
¶ Acht do sheachránadarsan fós tré fhíon, agus tré dhigh láidir atáid as a tslighe; do sheachráin an sagart agus an fáigh tré dhigh láidir, do sluigeadh súas íad lé fíon, atáid as a tslighe tré dhigh láidir; seachránuid a bfis, oilbhéimid a mbreitheamhnus.
8
Oír ata a nuile chlár lán do sgeathruigh agus do shalchar, ní bhfuil áon áit glan.
9
¶ Cía dá múinfidh sé éolus? cía air a ttiubhra sé teagasg do thuigsin? an drong bhearthar ó bhainne, agus thairngthear ó na cíchibh.
10
Oír atá aithne air aithne, aithne air aithne; líne air líne, líne ar líne; annso beagán, agus annsúd beagán:
11
Oir is le puisínibh briotacha agus lé teangaidh oile laibheorus sé ris an bpobalso.
12
Ré ndúbhairt sé, Isé so an socomhal lé a ttiubharthaói suáimhneas don duine choirthe; agus isé so an súaimhneas: gidheadh níor bháill léo a chlós.
13
Acht do bé focal an TIGHEARNA ríu aithne air aithne, aithne air aithne; líne air líne, líne air líne; annso beagán, agus annsúd beagán; chor go nimeochaidís, agus go ttiucfaidís ar a nais, agus go mbeidís briste, agus ar na bpaintéuradh, agus gabhtha.
14
¶ Uimesin éistigh focal an TIGHEARNA, a dhaóine tarcuisneach, noch ríaghlas an pobalso atá ann Ierúsalem.
15
Do bhrígh go ndúbhrabhair, Do rinneamar cconradh ris an mbás, agus atámaóid a réighteach ré hifrionn; a nuáir rachus an scíursa díbhtheirgeach thort, ní thiucfa sé orruine: óir do rinneamar ar ndídean don bhréig, agus faói an mbréig dfolchamar sinn féin:
16
¶ Ar a nadhbharsin is marso a deir an Tighearna DIA, Féuch cuirfidh mé cloch a Sion mar bhunáit, cloch dhearbhtha, cloch mhórluáigh chuáinne, bunáit dhaingean: an té chreidios ní dhéana sé deithnios.
17
¶ Cuirfe mé fós breitheamhnus chum an líne, agus firéantachd chum an phlumma luáighe: agus scuábfuidh an chloichshneachda an dídean ón mbréig, agus tuileochuid uisge a náit fholuighthe.
18
Agus cuirfighear bhur ccunradh ris an mbás ar ccúl, agus ní sheasfa bhur réighteach ré hifrionn; a nuáir rachus an scíursa tuiligheach thairis, annsin sailteorthar síos sibhsi leis.
19
O a nam fa rachaidh sé amach géabha sé sibh; óir, ó mhaidin go maidin racha sé thairis, do ló agus doidhche: agus budh buáidhreadh an túarusgbháil amháin do thuigsin.
20
Oír is giorra an leaba ná mar do fhéadfadh duine é féin do shíneadh uirre: agus an folach ní is cunga na mar do fhéadfadh duine é féin do chrapadh ann.
21
Oír éireochuidh an TIGHEARNA súas amhuil a sliabh Perasim, biáidh sé feargach amhuil do bhí a ngleann Gíbeon, chor go ndéana sé a obair, a obair iongantach; agus go ttiubhra chum críche a ghníomh, a ghniomh iongantach.
22
Anois ar a nadhbharsin na bíthíse bhur luchd magaidh, deagla go ndéantaoi bhur ccuibhrighthe láidir: óir do chúala mé ón Dtighearna DIA na slógh aidhmhilleadh, ar na thionnscnadh ar an ttalamh go hiomlán.
23
¶ Tugaidh éisteacht, agus cluinidh mo ghúth, airighidh, agus cluinidh mo ghlór.
24
An ttreabhana an treabhthach ar feadh an laói do shíolchur? an bhfosclann sé agus an mbriseann fóide a fhearuinn?
25
A nuáir do ní sé aghaidh a nfearuinn mín, nach tteilgionn sé a fhiatghal as, agus nach sreathnuighionn an cuimin, agus nach ccuireann ann an chruithneachd is féarr agus a neórna chinnte agus an seagal iona áit?
26
Oír teagaisgidh a Dhía é chum discréide, agus múinidh sé é.
27
Oír ní buáiltear an fiatghal lé súiste, ní mó iompoighthear roithleáin cartacha timchioll air an ccuimin; acht buáiltear an fiatghail a mach lé maide, agus an cuimín lé slait.
28
Brúightior arbhar a naráin; do bhrígh nach bía sé choidhche ag buáladh, agus nach brisfidh é lé roithléan a chartach, agus nach brúighfidh é lé marcshlúagh.
29
Thig so mar an ccéadna ó TIGHEARNA na slógh, noch atá iongantach a ccomhairle, agus oirdheirc a noibriughadh.
← Chapter 27
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 23
Chapter 24
Chapter 25
Chapter 26
Chapter 27
Chapter 28
Chapter 29
Chapter 30
Chapter 31
Chapter 32
Chapter 33
Chapter 34
Chapter 35
Chapter 36
Chapter 37
Chapter 38
Chapter 39
Chapter 40
Chapter 41
Chapter 42
Chapter 43
Chapter 44
Chapter 45
Chapter 46
Chapter 47
Chapter 48
Chapter 49
Chapter 50
Chapter 51
Chapter 52
Chapter 53
Chapter 54
Chapter 55
Chapter 56
Chapter 57
Chapter 58
Chapter 59
Chapter 60
Chapter 61
Chapter 62
Chapter 63
Chapter 64
Chapter 65
Chapter 66
Chapter 29 →
All chapters:
1
2
3
4
5
6
7
8
9
10
11
12
13
14
15
16
17
18
19
20
21
22
23
24
25
26
27
28
29
30
31
32
33
34
35
36
37
38
39
40
41
42
43
44
45
46
47
48
49
50
51
52
53
54
55
56
57
58
59
60
61
62
63
64
65
66