bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
/
Isaiah 36
Isaiah 36
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
← Chapter 35
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 23
Chapter 24
Chapter 25
Chapter 26
Chapter 27
Chapter 28
Chapter 29
Chapter 30
Chapter 31
Chapter 32
Chapter 33
Chapter 34
Chapter 35
Chapter 36
Chapter 37
Chapter 38
Chapter 39
Chapter 40
Chapter 41
Chapter 42
Chapter 43
Chapter 44
Chapter 45
Chapter 46
Chapter 47
Chapter 48
Chapter 49
Chapter 50
Chapter 51
Chapter 52
Chapter 53
Chapter 54
Chapter 55
Chapter 56
Chapter 57
Chapter 58
Chapter 59
Chapter 60
Chapter 61
Chapter 62
Chapter 63
Chapter 64
Chapter 65
Chapter 66
Chapter 37 →
1
Anois tárla annsa cheathramhadh blíadhain déug don rígh Heseciah, go ttáinic Senacherib rígh na Hassíria súas a naghaidh uile chaithreach daingean Iúdah, agus gur ghabh sé iad.
2
¶ Agus do chuir rígh na Hassíria Rabsáceh ó Lachis go Hierusalem gus an righ Heseciah maille ré slúagh mór. Agus do sheas sé láimh ré píob thobair an locháin úachdaraigh a slighe mhóir mhachaire a núcaire.
3
Ann sin tháinic chuige amach Eliacim, mhac Hilciah, noch do bhí ós cionn an tighe, agus Sebna an scribhneóir, agus Ioah, mhac Asaph, an cuimhnightheóir.
4
Agus a dúbhairt Rabsáceh ríu, Abruidhsi anois ré Heseciah, Is marso a deir an rígh mór, rígh na Hassíria, Cred é an daingeanso iona bhfuil do dhóthchus?
5
A déarad, achd is bríathra diomhaine íad, Atá comhairle agus neart agumsa chum cogaidh: a nois cía as a bhfuil do dhóthchus, as a bhfuil tú ag cogadh am aghuidhsi?
6
Féuch, dóthchusaigh tú a maide giolcuighe briste, air a Négipt; noch má luighionn duine air, rachas ann a láimh, agus thollfas í: marsin atá Pharao rígh na Hégipte do gach áon chuirios a dhóigh ann.
7
Acht má deir tusa riomsa, Ata ar ndóthchus annsa TIGHEARNA ar Ndía: nach eision an té, a rug Heseciah a áite árda agus a altóra leis, agus a dubhairt ré Iúdah agus re Ierusalem, Adhorthaoi a bhfíadhnnise na haltórasa?
8
A nois ar a nadbharsin, guidhim thú, tabhair braighde, dom mhaighstirse rígh na Hassiria, agus do bhéara misi dhuitsi dhá mhíle each, mas féidir leachdsa marcshlúagh do chur orra.
9
Ciondus marsin iompochus tú ar ccúl adhaigh áon chaiptín amhain do na serbhíseachaibh is lúgha ag mo mhaighistir, agus chuirfeas tú do dhoigh annsa Négipt ar son carbad agus marcshluáigh?
10
Agus an ttáinic misi a nois a níos gan an TIGHEARNA a naghaidh na tírese dá scrios? a dúbhairt an TIGHEARNA riom, Imthigh súas a naghaidh na tíresin, agus scrios í.
11
Annsin a dúbhairt Elíacim agus Sebna agus Ioah ré Rabsáceh, Guidhim thú, labhair, re do shearbhfhoghantaibh san teangaidh Shírianta; óir tuigmíd í: agus ná labhair rinn san teangaidh Iúduigh, a cclúasaibh an phobail noch atá air an mballa.
12
Acht a dúbhairt Rabsáceh, Nar chuir mo mhaighistir misi chum do mhaighistirsi agus chugadsa do labhairt na mbríatharso? nach ar chuir sé mé chum na ndaóine noch shuighios air an mballa, chor go níosaidís a notrach féin, agus go nibhthedís a mún féin maille ribhsi?
13
¶ Ann sin do sheas Rabsáceh, agus déigh sé do ghuth árd san teangaidh Iúduighe, agus a dúbhairt, Eistighsi briathra an rígh mhóir, righ na Hassíria.
14
Marso a deir an rígh; Ná mealladh Heseciah sibh: óir ní bhiáidh air a chumas bhur ccosnamh.
15
Agus ná tugadh Heseciah oruibh dóthchusadh ann sa TIGHEARNA, gha rádh, Sáorfuidh an TIGHEARNA sinn gan amharus: ní sheachodar an chathairsi a láimh rígh na Hassíria.
16
Ná héistigh re Heseciah: oir is marso a deir rígh na Hassíria, Déanaidh réiteach riomsa maille re cúmha, agus tigidh amach chugam: agus itheadh gach aon aguibh dá fhíneamhuin, agus gach aon da chrann fíge, agus ibhidhsi gach áon aguibh uisge a thiubraide féin;
17
Nó go ttí misi agus go mbeiridh mé liom sibh go tír cosmhail re bhur ttír féin, dúthaigh arbha agus fhíona, dúthaigh aráin agus lúbhghort fhíneamhna.
18
bíthí ar bhur ccoimhéad deagla go ccorrochadh Heseciah sibh, gha rádh, Sáorfuidh an TIGHEARNA sinn. Nar sháor áon do dhéibh na ccineadhach a dhúthaigh as láimh rígh na Hassíria?
19
Cáit a bhfuilid dée Hamat, agus Arphad? cáit a bhfuilid dee Sepharbhaim? agus nar sháoradar Samaria as mo láimhse?
20
Cía híad a measg uile dhée ná ttíorthadhso, do sháor a ndúthaigh as mo láimhsi, as a sáorfadh an TIGHEARNA Ierusalem as mo láimh?
21
Acht do thochdadarsan, agus níor fhreagradar áon fhocal dó: óir do bí aithne an rígh, gha rádh, Ná freagraidh é.
22
Annsin tháinic Eliacim, mhac Hilciah, noch do bhí ós cionn an tighe, agus Sebna an scribhneóir, agus Ioah, mhac Asaph, an cuimhnightheoir, go Heseciah go na néuduighibh réubtha, agus dinnsiodar dhó briathra Rabsáceh.
← Chapter 35
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 23
Chapter 24
Chapter 25
Chapter 26
Chapter 27
Chapter 28
Chapter 29
Chapter 30
Chapter 31
Chapter 32
Chapter 33
Chapter 34
Chapter 35
Chapter 36
Chapter 37
Chapter 38
Chapter 39
Chapter 40
Chapter 41
Chapter 42
Chapter 43
Chapter 44
Chapter 45
Chapter 46
Chapter 47
Chapter 48
Chapter 49
Chapter 50
Chapter 51
Chapter 52
Chapter 53
Chapter 54
Chapter 55
Chapter 56
Chapter 57
Chapter 58
Chapter 59
Chapter 60
Chapter 61
Chapter 62
Chapter 63
Chapter 64
Chapter 65
Chapter 66
Chapter 37 →
All chapters:
1
2
3
4
5
6
7
8
9
10
11
12
13
14
15
16
17
18
19
20
21
22
23
24
25
26
27
28
29
30
31
32
33
34
35
36
37
38
39
40
41
42
43
44
45
46
47
48
49
50
51
52
53
54
55
56
57
58
59
60
61
62
63
64
65
66
Recommended Reading
Commentary
Isaiah Commentaries
→
Devotional
Isaiah Devotional Guide
→
Get This Bible
Bedell Study Bible
→