bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
/
Isaiah 51
Isaiah 51
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
← Chapter 50
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 23
Chapter 24
Chapter 25
Chapter 26
Chapter 27
Chapter 28
Chapter 29
Chapter 30
Chapter 31
Chapter 32
Chapter 33
Chapter 34
Chapter 35
Chapter 36
Chapter 37
Chapter 38
Chapter 39
Chapter 40
Chapter 41
Chapter 42
Chapter 43
Chapter 44
Chapter 45
Chapter 46
Chapter 47
Chapter 48
Chapter 49
Chapter 50
Chapter 51
Chapter 52
Chapter 53
Chapter 54
Chapter 55
Chapter 56
Chapter 57
Chapter 58
Chapter 59
Chapter 60
Chapter 61
Chapter 62
Chapter 63
Chapter 64
Chapter 65
Chapter 66
Chapter 52 →
1
Eistigh riomsa, a dhrong leanas a ndiáigh na fíréantachda, a lucht iarrus an TIGHEARNA: féuchuidh ar an ccarruic as ar snoigheadh sibh, agus ar pholl an luig as ar tochladh sibh.
2
Féuchuidh air Abraham bhur nathair, agus ar Sharah do rug sibh: óir do ghoir misi eision amháin, agus do bheannuigh mé é, agus do mhéaduigh mé é.
3
Oír coibhreochuidh an TIGHEARNA Sion, coibhreochuidh sé a háite fásuigh uile; agus do dhéana sé a fásach cosmhuil ré Heden, agus a díothramh cosmhuil ré gáirdin an TIGHEARNA; do gheibhthear gáirdeachus agus sólás ann sin, breith bhuidhe, agus guth ceóil.
4
¶ Eístigh riomsa, mo phobal; agus tugaidh aire dhamh, mo chineadh: óir tiucfaidh dligheadh uáimsi, agus do bhéara mé air mo bhreitheamhnus seasamh mar sholus do na daóinibh.
5
Atá mfíréantachd a bhfogus; do chuáidh mo shlánughadh amach, agus do dhéanaidh mo lámh breitheamhnus ar an bpobal; féithmhid na hoileáin orum, agus ar mo láimh bhías a ndóthchus.
6
Tógbhuidh súas bhur súile chum na neamh, agus féuchuidh ar an ttalamh síos: óir leaghfuid na neamha thort amhuil deatach, agus rachuidh an talamh a nárrsuigheachd amhuil éadach, agus rachaidh an mhéid chomhnuigheas ann déug ar an modh ccéadna: achd biáidh mo shlánughadhsa go bráth, agus ní cuirfighear mfíréantachd ar ccúl.
7
¶ Eístigh riomsa, a luchd dar budh aithnid ionnracus, an pobal agá bhfuil mo dhligheadh iona ccroidhe; na heagluighidh roimhe mhasla na ndaóine, agus ná bíodh eagla a ccáinteoireachd oruibh.
8
Oír íosuidh an léamann súas íad amhuil éadach, agus íosuidh an phéist íad amhuil olann: acht biáidh mfírinnesi ann go bráth, agus mo shlánughadh ó ghinealach go ginealach.
9
Músgáil, músgáil, cuir neart ionnad, a rígh an TIGHEARNA; músgail, amhuil annsna seanláethibh, annsna ginealachaibh áosda. Nach tusa sin do ghéarr Rahab, agus do loit an dragún?
10
Nach tusa sin do thiormuigh a nfairge, uisgeadha a naigéin mhóir; noch do rinne slighe do dhoimhne na fáirge go ttiucfaidís na daóine do fúascladh thairis?
11
Uimesin fillid fúascailtigh an TIGHEARNA, agus tiucfuid go Sion maille ré céol; agus biáidh sólás suthain ar a ccionn: do gheabhuid lúathgháir agus gáirdeachus; agus teithfidh dóbrón agus dólás uatha.
12
¶ Is misi, misi féin, an té chobhruigheas sibhsi: cía thusa, as a mbíath eagla ort roimhe dhuine rachus déug, agus roimhe mhac an duine noch do dhéantar mar an bhféur;
13
Agus dhearmaduighios an TIGHEARNA do chruthaightheóir, noch do leathnuigh amach na neamha, agus do shuighidh bunáit an domhuin; agus go raibh eagla ort gach aon lá go cinnte do bhrígh cuthaigh an mhilltéora, fa mar do bhiath réidh chum scriosta? agus cáit a bhfuil cuthach an mhillteóra?
14
Deithfrigh an bhráighe dhíbirtheach chor go scaóilfidhe é, agus nach bhfuigheadh bás annsa lóg, agus nach mó do fháilleochadh a arán.
15
Acht is misi an TIGHEARNA do Dhía, noch roinneas a nfairge, ar bhéiceadar a tonna: TIGHEARNA na slógh isé a ainm.
16
Agus do chuir misi mó bhríathar ad bhéul, agus dfoluigh mé thú ar scáile mo láimhe, chor go bplainndeochuinn na neamha, agus go suighfinn bunáite na talmhan, agus go naibeorúinn, re Sion, Is tú mo phobal.
17
¶ Múscail, múscail, seas súas, a Ierusalem, noch do ibh as láimh an TIGHEARNA cupán a fheirge; dibh tú dearcaidh cupáin an chreatha, dfáisg tú amach íad.
18
Ní bhfuil áon do thréorochadh í a measg a nuile mhac dá rug sí féin; ní mó atá aon bhéarus ar láimh uirre do na huile mhacaibh thug sí súas.
19
Thangadar an dá nísi chugad; cía air a mbiáidh doilghios umad? dólás, agus milleadh, agus gorta, agus an cloidheamh: cía lé a ndéana mé do chobhrughadh?
20
Do anbhfainnigheadar do mhic, luighid ag cinn na sráideann uile, amhuil tarbh fíadhta a líon: atáid lán dfíoch an TIGHEARNA, daithbhear do Dhési.
21
¶ Uimesin éist so anois, thusa atá buáidheartha, agus atá ar meisce, achd ní lé fíon:
22
Is marso a deir do Thighearna an TIGHEARNA, agus do Dhía thagras cúis a mhuinntire, Féuch, do bhean mé a mach as do láimh cupán an chreatha, eadhon deascuidh chupáin mfeirge; ní iobha tú níosa mhó a rís é:
23
Acht cuirfe mé é a láimh na muinntire phíanas thú; noch a dubhairt red anam, Crom síos, go ndeachamaois thairis: agus do leag tú do chorp mar an ttalamh, agus mar an tsráid, don droing do chuáidh thairis.
← Chapter 50
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 23
Chapter 24
Chapter 25
Chapter 26
Chapter 27
Chapter 28
Chapter 29
Chapter 30
Chapter 31
Chapter 32
Chapter 33
Chapter 34
Chapter 35
Chapter 36
Chapter 37
Chapter 38
Chapter 39
Chapter 40
Chapter 41
Chapter 42
Chapter 43
Chapter 44
Chapter 45
Chapter 46
Chapter 47
Chapter 48
Chapter 49
Chapter 50
Chapter 51
Chapter 52
Chapter 53
Chapter 54
Chapter 55
Chapter 56
Chapter 57
Chapter 58
Chapter 59
Chapter 60
Chapter 61
Chapter 62
Chapter 63
Chapter 64
Chapter 65
Chapter 66
Chapter 52 →
All chapters:
1
2
3
4
5
6
7
8
9
10
11
12
13
14
15
16
17
18
19
20
21
22
23
24
25
26
27
28
29
30
31
32
33
34
35
36
37
38
39
40
41
42
43
44
45
46
47
48
49
50
51
52
53
54
55
56
57
58
59
60
61
62
63
64
65
66