bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
/
Isaiah 66
Isaiah 66
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
← Chapter 65
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 23
Chapter 24
Chapter 25
Chapter 26
Chapter 27
Chapter 28
Chapter 29
Chapter 30
Chapter 31
Chapter 32
Chapter 33
Chapter 34
Chapter 35
Chapter 36
Chapter 37
Chapter 38
Chapter 39
Chapter 40
Chapter 41
Chapter 42
Chapter 43
Chapter 44
Chapter 45
Chapter 46
Chapter 47
Chapter 48
Chapter 49
Chapter 50
Chapter 51
Chapter 52
Chapter 53
Chapter 54
Chapter 55
Chapter 56
Chapter 57
Chapter 58
Chapter 59
Chapter 60
Chapter 61
Chapter 62
Chapter 63
Chapter 64
Chapter 65
Chapter 66
1
Is marso a deir an TIGHEARNA, Isé neamh mo chathaóir‐ríogha, agus sé án talamh stól mo chos: cáit a bhfuil an tigh thógthaoi dhamh? agus cáit a bhfuil áit mo chomhnuighthe?
2
Oír is íad mo lámha féin do rinne gach aoin ní dhiobhsin, agus do bhádar na neithesin uile, a deir an TIGHEARNA: acht is don tí so fhéuchfus misi, eadhon don tí atá bocht agus brúighte a spioraid, agus chriothnuighios rem bhreíthir.
3
Atá an té mharbhus damh amhuil do mhuirfeadh duine; an té ofrálas lubhán, amhuil agus do ghearrfadh muinéal madraidh; an té íodhbras tiodhlacadh, amhuil do thairgfeadh fuil mhuice; an té loisgeas túis, amhuil do bheinneochadh sé iodhal. A seadh, do thoghadar so a slighthe féin, agus dúilighid a nanmanna iona nadhfhúathmhaireachtuibh.
4
Toíghfiodsa mar an ccéadna a ttríollasan, agus do bhéara mé a neagla orra; do bhrígh nar fhreagair áon, a nuáir do ghoir mé; a nuáir do labhair mé, ní chúaladar: achd do rinneadar olc ós coinne mo shúl, agus do thoghadar an ní ann nar dhúiligh mé.
5
¶ Eistigh bríathra an TIGHEARNA, a dhrong chritheaglas ré na bhréithir; Oir a dúbhradar bhur ndearbhráithre dfúathaigh sibh, do theilg amach sibh ar son manmasa, Go ma glormhar an TIGHEARNA: ach taisbéanfuidh seision chum bhur lúathgháiresi, agus beidsion fá náire.
6
Gúth fuáime ón ccathruigh, gúth ón teampall, gúth an TIGHEARNA chúitigheas luáidheacht ré na naimbdibh.
7
Suil do bhí si ré niodhnuibh rug sí, suil tháinic a tinneas, do bhí sí ar mbreith mhic.
8
Cía chúalaidh a leithéid sin do ní? cía chonnairc leithéid na neitheannso? An ttiubharthar air an ttalamh gineamhuin a náonló? nó an mbeirthear cineadh a naóinfheacht? óir comhlúath agus do sháothruigh Sion, thug sí á clann amach.
9
An dtiubhra misi chum breithe, agus gan a thabhairt breith? a deir an TIGHEARNA: an ttiubhra mé fa deara gineamhuin, agus an bhrú do dhrud? a deir do Dhía.
10
¶ Gáirdighidhsi lé Ierusalem, agus bíthi luáthgháireach lé, sibhsi uile ler biónmhuin í: gáirdighidh lé lúathghair lé, sibhsi uile chaóidheas air a son:
11
An chor go ndíulfuidhidh, agus go sáiseochuidh sibh lé cíochuibh a sóláis; chor go mblifidh, agus go mbeithí a náoibhneas tré íomad a glóire.
12
Oír is marso a deir an TIGHEARNA, Féuch, sínfidh misi síothcháin di amhuil sruth, agus glóir na ngeinteadh amhuil sruthán ag tuiliughadh: annsin díulfuidhe, béarthár sibh air a táobhuibh, agus beithi a muirníneacht air a glúinibh.
13
Amhuil áon noch chomhfhurtuighios a mhathair, mairsin fhuirteochus misi oruibhsi; agus beithí ar bhur ccomhfhurtachd ann Ierusalem.
14
Agus a nuáir do chíthí so, gáirdeochuidh bhur ccroidhe, fásfuidh bhur ccnámha amhuil luibh: agus aitheontar lámh an TIGHEARNA re na sheirbhíseachuibh, agus a dhioghaltas air a naimhdibh.
15
¶ Oír, féuch, tiucfa an TIGHEARNA le teine, agus le na charbaduibh mar ghaóith ghuairdeáin, do chúitiughadh a fheirge maille re buirbe, agus a aithbhear maille re lasracha teineadh.
16
Oír le teine agus le cloidheamh thaigeoras an TIGHEARNA ris a nuile fheóil: agus budh iomdha mairbh an TIGHEARNA.
17
An drong náomhus íad féin, agus ghlanas íad féin annsna gáirdínibh táobh shiar do áon chrann amháin a lár, ag ithe féola muice, agus na hadhfhuathmhaireachda, agus na luiche, scriosfuighear uile íad, a deir an TIGHEARNA.
18
¶ Oir is aithnid damhsa a noibreacha agus a smúaintighthe: tiucfa a gcrích, go ccruinneocha misi na huile chineadhacha agus theangtha, agus tiucfaid síad, agus do chífid mo ghlóir.
19
Agus cuirfidh mé comhartha iona measc, agus cuirfe mé an chuid rachus as díobh chum na ccineadhach, go Tarsis, go Pul, agus go Lud, noch thairngios an bogha, go Túbal, agus go Iábhan, gus na hoiléanuibh a nimchéin, nach ccúala mo thúarusgbháil, nach mó do chonnairc mo ghlóir; agus foillseochad mo ghloir a measc na ngeinteadh.
20
Agus do bhéuruid bhur ndearbhraithre uile mar ofráil chum an TIGHEARNA as gach uile chrích ar eachuibh, agus a ccarbaduibh, agus a ccóistighibh, agus ar mhúillighibh, agus ar bheathachuibh lúatha, go nuige mo shlíabh náomhtha Ierusalem, a deir an TIGHEARNA, mar bheirid clann Israel ofráil a soightheach ghlan go tigh an TIGHEARNA.
21
Agus glacfa misi cuid díobh mar shagartaibh agus mar Lebhítibh, a deir an TIGHEARNA.
22
Oír amhuil fhanfuid na flaithis núadha agus an talamh núadh, noch chrúitheochus mé, as mo choinne, a deir an TIGHEARNA, is marsin mhairfios bhur sliochdsa agus bhur nainm.
23
Agus tiucfa a ccrích, ón ghealuidh nuáidh go chéile, agus ón tsáoire go chéile, go ttiucfa a núile fheóil dadhradh dom lathairsi, a deir an TIGHEARNA.
24
Agus rachuid síad amach, agus féuchfuid ar chonablachuibh na muinntire do pheacuidh am aghaidhsi: óir ni éagfa a bpéist, agus ní múchfuighear a tteine; agus béid na ngráin do núile fheóil.
← Chapter 65
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 23
Chapter 24
Chapter 25
Chapter 26
Chapter 27
Chapter 28
Chapter 29
Chapter 30
Chapter 31
Chapter 32
Chapter 33
Chapter 34
Chapter 35
Chapter 36
Chapter 37
Chapter 38
Chapter 39
Chapter 40
Chapter 41
Chapter 42
Chapter 43
Chapter 44
Chapter 45
Chapter 46
Chapter 47
Chapter 48
Chapter 49
Chapter 50
Chapter 51
Chapter 52
Chapter 53
Chapter 54
Chapter 55
Chapter 56
Chapter 57
Chapter 58
Chapter 59
Chapter 60
Chapter 61
Chapter 62
Chapter 63
Chapter 64
Chapter 65
Chapter 66
All chapters:
1
2
3
4
5
6
7
8
9
10
11
12
13
14
15
16
17
18
19
20
21
22
23
24
25
26
27
28
29
30
31
32
33
34
35
36
37
38
39
40
41
42
43
44
45
46
47
48
49
50
51
52
53
54
55
56
57
58
59
60
61
62
63
64
65
66