bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
/
Isaiah 30
Isaiah 30
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
← Chapter 29
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 23
Chapter 24
Chapter 25
Chapter 26
Chapter 27
Chapter 28
Chapter 29
Chapter 30
Chapter 31
Chapter 32
Chapter 33
Chapter 34
Chapter 35
Chapter 36
Chapter 37
Chapter 38
Chapter 39
Chapter 40
Chapter 41
Chapter 42
Chapter 43
Chapter 44
Chapter 45
Chapter 46
Chapter 47
Chapter 48
Chapter 49
Chapter 50
Chapter 51
Chapter 52
Chapter 53
Chapter 54
Chapter 55
Chapter 56
Chapter 57
Chapter 58
Chapter 59
Chapter 60
Chapter 61
Chapter 62
Chapter 63
Chapter 64
Chapter 65
Chapter 66
Chapter 31 →
1
Amhairg don chloinn cheannairgidh, a deir an TIGHEARNA, ghabhus comhairle, agus nach uáimse; agus fholchas lé folach, achd ní lé mo spioraidsi, iondus go ccuirfidis peacadh a gceann peacaidh:
2
Noch shiúbhluighios do dhul síos don Négipt, (agus nar íarr ar mo bhéulsa;) dá neartughadh féin a neart Pharao, agus do dhóthchusadh a sgaile na Hégipte!
3
Uime sin bhías neart Phárao na náire dhaóibhsi, agus bhur ndóigh a sgáile na Hégipte bhur naidhmhilleadh.
4
Oír do bhádar a phrionnsadh a Soan, agus thangadar a theachda go Hanes.
5
Do bhádar uile náireach fa phobal nach ar fhéad tarbhughadh dhóibh, agus nach raibh na gcungnamh nó na sochar, acht na náire, agus fós na míochlú.
6
Ualach beathach an deisceirt: go tir na buáidheartha agus na goimhe, as a ttig an leomhan óg agus sean, an bhipear agus an naithir nimhe etil thinntighe, iomchoruid síad a saidhbhrios ar ghuáillibh assal óg, agus a nionnmhus ar chruitibh cámhall, chum pobail nach ttairbheochaidh dhóibh.
7
Oír budh díomhaóin cungnamh na Négipteach, gan bhrígh ar bith: uimesin déigh misi ar a shonso, Sé a neart fanmhain na chomhnuidhe.
8
¶ Anois éirigh, scríobh é a cclár as a ccoinne, agus cuir a leabhar é, chor go mbí ag a naimsir thiucfas go bráth agus go síorruidhe:
9
Gur pobal cogthach íad, clann bhréagach, clann le nach áill dligheadh an TIGHEARNA do chluinsion:
10
Noch a deir ris na féuchadóiribh, Ná faicidh; agus ris na faighibh, Ná tairghiridh dhúinne neithe cearta, labhraidh rinne neithe bláithe, tairghirídh cealga:
11
Téighidh amach as a tslighe, fillidh do leathtaóibh as an ccasán, tugaidh ar Aon Naomhtha Israel cosg romhuinn.
12
Ar a nadhbharsin is marso a deir Aon Náomhtha Israel, Do bhrígh go ttarcuisnighthí an bhríatharsa, agus go ccurthaói bhur ndóthchus a nainleathtrom agus a nurchóid, agus go bhfantaói orrasin:
13
Uimesin biáidh an téacceartso dhaoibhsi mar bhriseadh ullamh chum tuiteama, ag at amach a mballa árd, a ttig a bhriseadh ar ball go hobann.
14
Agus brisfe sé é amhuil briste soithighe a nuisge bhristior na bhlodhuibh; ni choigeola sé: ionnus nach bhfuighthear iona bhriseadh píosa le a mbéarthaói teine on teallach, nó leis a ttiubharthaói uisge as an log.
15
Oir is marso a deir an Tighearna DIA, Neach Náomhtha Israel; A niompogh agus a suáimhnios béithí tárthúighthe; a cciúnas agus a ndóthchus bhías bhur neart: agus níor bháill libh.
16
Acht a dubhrabhairsi, Ní headh; óir teithfiom ar eachaibh; uimesin teithfidhesi; agus, Do dhéanamne marcuigheachd ar an mbeathuch lúath; ar a nadhbharsin bhías an luchd leanfas sibh lúath.
17
Tethfidh aon mhíle le hachmhusán áoin; lé hachmhusán cúigir teithfidhe: nó go bhfágthar sibh mar mháolán ar mhullach an tsléibhe, amhuil bratach ar chnoc.
18
¶ Gidheadh fuirfheithmhigh an TIGHEARNA, ré bheith grásamhuil daóibh, agus áirdeochthar uimesin é, chor go ndéana sé trócaire oruibh: óir is Día breitheamhnuis an TIGHEARNA: is beannuigh an mhéid fhuirfheithfios air.
19
Oír áitreobhuid na daóine a Sion ann Ierusalem: ní ghuilfidh tú ní sa mhó: biáidh sé ro ghrásamhuil duit ar ccluinnsion ghotha héighimh; a nuáir do chluinnfidh sé sin, freagornidh sé thú.
20
Agus mátá go ttabhair an TIGHEARNA arán na haindeisi dhaóibhsi, agus uisge an smachduighthe, gidheadh ní háthrochthar do lucht teagaisg a ccoirnéul ní as mó, achd chífid do shúile do lucht teagaisg:
21
Agus do cluinfid do chlúasa focal táobh shíar dhíot, dhá rádh, Sí so an tslighe, siubhluighidh innte, a nuáir fhillfidhe ar an láimh dheis, agus a nuáir fhillfidhe ar an láimh chlé.
22
Truaillfighthí fós folach híomháigheadh greanta dairgiod, agus córughadh híomháigheadh leaghtha dór: teilgfidh tú uáit íad amhail éadach salach; a déara tú ris, Imthigh as so.
23
Annsin do bhéara sé fearthuinn do shíl, le a siolchuirfe tú thfearann; agus arán do bhiseach na talmhan, agus biáidh sé méith agus tóirtheach: annsa lósin ingheiltfidh háirnéis a machairighibh fairsinge.
24
Na daimh fós agus na hassail óga noch threabhus an fearann íosuid beatha ghlan, noch do cáitheadh leis a tslúasaid agus leis a ccriathar.
25
Agus biáidh ar gách uile shlíabh árd, agus ar gach cnoc árd, srotha agus caiseadha uisgeadh a ló a náir mhóir, a nuair thuitfid na tuir.
26
Tuilleamh oile biáidh solus na gealuidhe mar sholus na gréine, agus biáidh solus na gréine seachd‐nuiread, mar sholus sheachd lá, annsa ló a gceangoluidh an TIGHEARNA súas briseadh a phobail, agus leighisfidh buille a chneidhe.
27
¶ Féuch, thig ainm an TIGHEARNA ó imchéine, ag loscadh le na fheirg, agus is trom a úalachsin: ataid a phuisínighe lán dfeirg, agus a theanga amhuil teine loisgnighe:
28
Agus roichfidh a anál, amhuil tuile, tar bhrúach go lár an mhuinéil, do chríathradh na ccineadhach lé críathar an díomhaóinis: agus biáidh srían a ngíalluibh an phobal, dá thabhairt orra seachrán do dhéanamh.
29
Biáidh caintic, amhuil annsa noidhche a núair náomhthar an tsollamoin; agus gáirdeachus croidhe, amhail mar théid duine le píob do dhul ar shlíabh an TIGHEARNA, go Háon cumhachdach Israel.
30
Agus do bhéara an TIGHEARNA fa deara a ghuth glórmar do chluinsion, agus foillseochuidh sé tuirling a láimhe a núas, maille re dioghaltas a fheirge, agus lé lasair theineadh scriosta, maille re sgabadh, lé hanfa, agus lé cloichshneachda.
31
Oír is tré ghuth an TIGHEARNA bhuáilfighear an Tassírianach síos, noch do bhuáil lé slait.
32
Agus biáidh gach imtheachd na slaite seasmhuigh, noch leagfas an TIGHEARNA air, maille re tiompanuibh agus re cláirseachaibh: agus a ccathaibh criothnuigthe throidfios sé leis.
33
Oír do hórduigheadh Tophet ón tseanaimsir; iseadh, don rígh fós do hullmhuigheadh é; do rinne sé domhuin agus leathan é: sé a chárn sin teine agus iomad connaidh: lasaidh anál an TIGHEARNA é, amhuil sruth ruibhe.
← Chapter 29
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 23
Chapter 24
Chapter 25
Chapter 26
Chapter 27
Chapter 28
Chapter 29
Chapter 30
Chapter 31
Chapter 32
Chapter 33
Chapter 34
Chapter 35
Chapter 36
Chapter 37
Chapter 38
Chapter 39
Chapter 40
Chapter 41
Chapter 42
Chapter 43
Chapter 44
Chapter 45
Chapter 46
Chapter 47
Chapter 48
Chapter 49
Chapter 50
Chapter 51
Chapter 52
Chapter 53
Chapter 54
Chapter 55
Chapter 56
Chapter 57
Chapter 58
Chapter 59
Chapter 60
Chapter 61
Chapter 62
Chapter 63
Chapter 64
Chapter 65
Chapter 66
Chapter 31 →
All chapters:
1
2
3
4
5
6
7
8
9
10
11
12
13
14
15
16
17
18
19
20
21
22
23
24
25
26
27
28
29
30
31
32
33
34
35
36
37
38
39
40
41
42
43
44
45
46
47
48
49
50
51
52
53
54
55
56
57
58
59
60
61
62
63
64
65
66
Recommended Reading
Commentary
Isaiah Commentaries
→
Devotional
Isaiah Devotional Guide
→
Get This Bible
Bedell Study Bible
→