bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
/
Song of Solomon 1
Song of Solomon 1
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 2 →
1
Caintic na ccainticeadh, noch is lé Solamh.
2
Pógadh sé misi lé póguibh a bhéil: óir is féarr do ghrádh ná fíon.
3
Do bhrígh deaghbholuidh huinnimeinte maithe is cosmhuil hainm ré ola dóirte amach, uimesin grádhuighid na maighdiona thú.
4
Tarruing misi, riothfam ad dhiáigh: thug an rígh dhá sheomradhuibh mé: biáidh lúathgháire oruinn agus do dhéanam gáirdeachus ionnadsa, agus cuimhneochum do ghrádh nísa mhó na fíon: is ionmhuin leis an bhfírean thú.
5
¶ Atáimse dubh, acht sgíamhach, ó a ingheana Ierusálem, amhuil páillíun Cédair, amhuil cúirtíne Sholuimh.
6
Ná féuchuidh orumsa, do bhrígh go bhfuilim dubh, do chionn gur fhéuch an ghrían orum: do bhádar clann mo mhathar feargach riom; do rinneadar coimhéaduigh a lubhghoirt fhíneamhna dhíomsa; acht níor choimhéad mé mfineamhuin féin.
7
¶ Innis damh, thusa air a bhfuil grádh ag manam, cáit a ninghiltinn tú, cá háit a suáimhnighionn tú do threád san meadhón laói: óir cred as a mbéinnsi mar áon diompochadh do leathtaóibh láimh ré tréaduibh do chompánach?
8
¶ Muna bhfeidirse, ó thusa is scíamhcha a measg na mban, imthigh romhad amach le coiscéimibh an tréada, agus beathaidh do mheannáin a bhfochair pháillíun na náodhaireadh.
9
¶ Do choimhmeas mé thú, O a ghrádh, ré cuideachtuin mharcach a ccarbaduibh Phárao.
10
Is breághdha do ghruáidhe lé peirsibh séud, do mhuinéal lé slabhradhuibh óir.
11
¶ Do dhéanamne imle ór dhuit maille lé fulangaibh airgid.
12
¶ An feadh bhias an rígh na shuighe air a bhórd, cuiridh mo spiocnard a bholadh uadha.
13
Is ceanglachán mirr dhamhsa mo ghrádh; luightidh sé air feadh na hoidhche idir mo chiochuibh.
14
Atá mo ghrádh dhamhsa amhail triopall camphir a bhfineamhuin Engedi.
15
Féuch, atá tú sgíamhach, a ghrádh; féuch, atá tú scíamhach; atáid súile coluim agad.
16
Féuch, atá tú breágha, a ghrádh, agus, taitneamhach: atá fós ar leabuidh glas.
17
Is cedair gabhla ar ttighe, agus is do ghiumhas ar ttáobháin.
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 2 →
All chapters:
1
2
3
4
5
6
7
8