bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
/
Song of Solomon 8
Song of Solomon 8
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
← Chapter 7
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
1
Is trúagh nach tusa mo dhearbhrathair, do dhiúil cíche mo mháthar! a nuáir do gheabhuinn amuigh thú, do phógfuinn thú; thairis sin, ní cuirfidhe a ttarcuisne mé.
2
Do thréorochuin thú, agus do bhearuinn go tigh mo mhathar thú, noch do mhúinfeadh mé: do bhéuruinn ort ól dfíon mo spíosruidhe do shúgh mo phomgranat.
3
Do bhíadh a lámh chlé fám cheann, agus do theannfadh a lámh dheas ris mé.
4
Cuirim dúalach oruibh, a ingheana Ierusalem, gan a chorrughadh súas, agus gan mo ghrádh do dhúsgadh, nó go madh toil leis.
5
Cía hí so thig a níos ón bhfásach, ag luidhe air a grádh? do thóg mé súas thú faói an chrann abhaill: annsin thug do mháthair amach thú: annsin thug sí amach thú noch do rug thú.
6
¶ Cuir misi mar shéala air do chroidhe, mar shéala air do righe: óir is láidir an grádh amhuíl an bás; is fíochmhar an téud mar a nuáigh: is sméaróide teineadh a smearóide sin, agá mbí lasair ro dhíbhfheirgeach.
7
Ní fhéaduid mórán uisgeadh an grádh do mhuchadh, ní mó fhéaduid na tuilte a bháthadh: dá ttugadh duine uile mhaóin a thighe ar ghrádh, do dísbeagfuidhe é thríd amach.
8
¶ Atá deirbhshíur bheag aguinn, agus ní bhfuilid cíche air bith aice: cred dhéanam ar son ar ndeirbhsheathar annsa ló a laibhéorthar air a son?
9
Má bhíonn sí na balla, do dhéanam pálás airgid uirre: agus má bhíonn sí na dorus, druidfiom í le borduibh cédair.
10
Atáim am bhalla, agus mo chíche cosmhuil ré toruibh: annsin do bhí mé iona shúilibhsion mar áon do fuáir fabhar.
11
Do bhí gárdha fíneamhna ag Solamh ann Baal‐hamon; do shuighidh sé an gárdha fíneamhna do choimheaduibh; do bhí ar gach aon díobh ar son a thoruidh míle píosa airgid do thabhairt leis.
12
Mo ghárdha fíneamhnasa, noch is liom féin, atá sí as mo choinne: thusa, a Sholuimh, caithfidh tú míle dfagháil, agus an mhuinntir choimhéadás a toradhsin dhá chéad.
13
Thusa áitreabhus annsna gáirdínibh, éisdidh na companuigh red ghuth: tabhair orumsa a chluinsion.
14
¶ Déan deithnios, a ghrádh, agus bí cosmhuil re heilit nó ré fíadh óg ar shlíabh na spíosradh.
← Chapter 7
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
All chapters:
1
2
3
4
5
6
7
8