bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
/
Song of Solomon 2
Song of Solomon 2
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
← Chapter 1
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 3 →
1
Is misi rósa Sháron, agus lile na ngleann.
2
Mar bhíos an lile a measg na ndosán. is mairsin bhíos mo ghrádhsa a measg na ninghean.
3
Mar bhios a nabhall a measg chrann na coilleadh, marsin bhios mo ghrádhsa a measg na mac. Do shuigh mé síos fa na scáth maille re duil mhóir, agus do budh milis a thoradh dom charbad.
4
Rug sé go tigh na fleidhe mé, agus ba hí a bhratach a ghrádh dhamhsa.
5
Connaimh mé ré flagúnaibh, comhfhurtaigh ré hubhalluibh mé: óir atáim tinn tré ghrádh.
6
Atá a lámh chlé fam chionn, agus teannaidh a lámh dheas ris mé.
7
Aithnighim dhíbh, a ingheana Ierusalem, maille ré pocaibh, agus ré heilitibh an mhachaire, gan mo ghrádh do chorrughadh súas, nó do mhúsgladh, nó go ttogra sé féin.
8
¶ Guth mo ghrádhuigh! féuch, atá sé ag teacht a léimnigh ar na sléibhtibh, ag tuflógadh ar na cnocaibh.
9
Is cosmhuil mo ghradh ré poc, no re cáirrfhiadh óg: féuch, seasuigh sé táobh shiar dar mballaine, féuchuidh sé amach air fhuinneóig, dhá tháisbeanadh féin thrid an laitis.
10
¶ Do labhair mo ghradh, agus a dubhairt sé riom, Eirigh súas, a ghrádh, mo áon bréadha, agus tárr liomsa.
11
Oír, féuch, do chuáidh an geimhreadh thoruinn, atá a nfearthuinn thoruinn agus ar nimtheacht;
12
Taisbeanuid na blátha air an ttalamh; tháinig aimsir ceóil na néun, agus do chlos guth a nfearáin ionar ttírne;
13
Cuiridh an crann fíge fhígeadha úra amach, agus na fíneamhna maille ris an ccaóir mbig ag tabhairt bholaidh maith úatha. Eirigh, a ghrádh, mo áon breágha, agus tárr uait.
14
¶ O mo cholum, atá a scoiltibh na cairge, a náitibh secréideacha na staighreadha, faicim do ghnúis, cluinim do ghuth; óir is binn do ghuth, agus is breágha do ghnúis.
15
Gabh dhúinn na sionnuigh, na sionnuigh bheaga, mhillios na fineamhná: óir atáid cáora beaga air ar bhfineamhuin.
16
¶ Is liomsa mo ghrádh, agus is leis mé: do ní sé inghilt a measg na hleadh.
17
Nó go néirghidh an lá, agus go nimthigh an scáile, fill, a ghrádh, agus bíse amhuil poc nó mar cháirrfhíadh óg ar shléibhtibh Béter.
← Chapter 1
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 3 →
All chapters:
1
2
3
4
5
6
7
8