bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
/
Song of Solomon 4
Song of Solomon 4
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
← Chapter 3
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 5 →
1
Feuch, atá tú sgíamhach, a ghrádh: féuch, atá tú breágha; atáid suile coluim agad ann do chiabhuibh: atá do ghrúag amhuil tréud gabhar, noch do chíthior ó shlíabh Gílead.
2
Is cosmhuil thfíacla ré tréud cáorach béarrtha, a núair thigid a níos ó na nighe; a mbeirionn gach áon díobh cúpla, agus nach bí áon sheisg na measg.
3
Is cosmhuil do phuisine ré snáithe scairléid, agus is deaghmhaiseach do chómhrádh: is cosmhuil do chamóga ara re píosa pomgranaid a stigh ann do chiabhuibh.
4
Is cosmhuil do mhuineal ré tor Dháibhi do cuireadh súas don narmáil, air a mbí míle buicléir crochta, sgíatha dhaoine neartmhara uile.
5
Is cosmhuil do dhá chich ré dhá phoc óga atá na ccúpla, noch do ní inghilt a measg na lileadh.
6
No go néirghionn an lá, agus go tteithid na scáileadha rompa, racha misi go sléibhtibh an mhirr, agus go cnoc na túise.
7
Atá tú uile breágha, a ghrádh, ní bhfuil cáidhe ar bith ionnad.
8
¶ Tárr liom as Lebanon, a bhainchéile, liomsa as Lebanon: féuch ó mhullach Anána, ó mhullach Shenir agus Hermon, ó úamhuibh na leomhan, ó shléibhtibh na leopard.
9
Déiguidh tú mo chroidhe, a dheirbhshíur, a bhainchéile; déignidh tú mo chroidhe le háon dot shúilibh, le háon tslabhra dot mhuineul.
10
Créd é breághachd do ghradha, a dheirbhshíur, a bhainchéile! ciodh a mhéid is feárr do ghrádh ná fíon! agus boladh huinmeinte ná a nuile spíosradh!
11
Silid do phuisíne, a bháinchéile, amhuil criathar meala: atá mil agus bainne faói do theangaidh; agus boladh héaduigh mar bholadh Lebanon.
12
Is gáirdín ar na íadhadh mo dheirbhshíur, mo bhainchéile; tobar ar na dhrud súas, tiobruid ar na séaladh.
13
Is ubhallghort pomgranat do phlannduighe, le tórthuibh millse; cípres, maille re spiocnard.
14
Spiocnard agus cróch; calamus agus cinamon, maille ris a nuile chrann túise; mirr agus aloes, maille ris a nuile spíosra toghtha:
15
Tobar na ngáirdíneadh, tobar nisgeadh mbéo, agus srotha ó Lebanon.
16
¶ Múscail, a gháoth thuáigh; agus tárrsa, a gháoth a neas; séid air mo gháirddin, chor go seideadh a spíosradh amach. Tigeadh mo ghrádh chum a gháirdin, agus itheadh sé a thórtha taitneamhacha.
← Chapter 3
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 5 →
All chapters:
1
2
3
4
5
6
7
8