bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
/
Song of Solomon 7
Song of Solomon 7
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
← Chapter 6
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 8 →
1
Cred é sgéimhe do chos go mbrógaibh, ó a inghean an phrionnsa! atáid ailt do láirgeadh amhuil séuda dobair lámh chéarda ghlic.
2
Is cosmhuil himliocán re cupán cruinn, air nach bí easbhuigh dighe: is cosmhuil dó bholg le cárn cruithneachda ar na chur fa ccuairt le lilibh.
3
Is cosmhuil do dhá chích ré dha eilid atá na ccúpla.
4
Atá do bhráighe mar thor imoige; do shúile cosmhuil ré lochánuibh éisg ann Hesbon, láimh ré geata Bhat‐rabbim: do shrón amhuil tor Lebanon noch fhéuchus leath ré Damascus.
5
Is cosmhuil do cheann ort ré Carmel, agus is cosmhuil grúag do chinn re purpair; connaimhthear an rígh annsna raftuibh.
6
Cíodh a bhreágha agus cred é a ghlórmhuire ataói, chum aoibhnis, a ghrádh!
7
Is cosmhuil hárrachdus ré crann pailme, agus do chíche ré tríopaill cáor.
8
A dubhairt mé, Racha mé súas gus an ccrann pailme, béuruidh mé greím air a ghéagaibh: fos anois béid do chíche mar thríopall don nfhineamhuin, agus boladh do shróna mar ubhallaibh;
9
Agus carbad do bhéil cosmhuil ris an bhfíon is féarr dom ghrádh, noch théid síos go díreach, do bheir air na puisinibh bhíos na ccodlah labhairt.
10
¶ Is le mo ghrádh misi, agus atá a fhonnsan chugamsa.
11
Tárr uáit, a ghrádh, déanam amach fán mhachaire; fosuighiom annsna bailtibh.
12
Eírghiom go moch gus na fíneamhnuibh; féucham an bhfuil an fhíneamhuin ag bláthadh, an bhfuil an cháor mháoth ag taisbeanadh, agus na pomgranait ag scinneadh amach: annsin do bhéara misi mo ghrádh dhuit.
13
Do bhéirid na mandráca boladh, agus ann ar ngeatadhuibh atá a nuile shórt toruidh shólásuigh, nuádh agus sean, noch do thaisgidh mé fád chomhairsi, a ghrádh.
← Chapter 6
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 8 →
All chapters:
1
2
3
4
5
6
7
8