bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
/
Song of Solomon 5
Song of Solomon 5
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
← Chapter 4
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 6 →
1
Ataim ar tteacht dom gháirdín, a dheirbhshíur, a bhainchéile: do chruinnigh mé mo mhirr, agus mo spíosradh; a duáidh mé mo chríathar meala maille re mo mhil; dibh mé mfíon lem bhainne: ithidh, a chairde; ibhidh, ibhidh fós go lór, a áos grádha.
2
¶ Codluim, acht músgluidh mo chroidhe; sé guth mo ghrádhuigh bhuáilios, gha rádh, Oscuil damhsa, mo dheirbhshíur, mo ghrádh, mo cholum, mo neamhthruáillighthe: óir atá mo cheann líonta do dhrúcht, agus mo chíabha le bráonuibh na hoidhche.
3
Do chuir mé mo chóta dhíom; cíondus chuirfead orum é? dionnail mé mó chosa; ciondus shaileochus mé íad?
4
Do chuir mo ghrádh a lámh a steach a bpoll an doruis, agus do chorruigheadar minnighe ris.
5
Déirigh mé súas dosgladh dom ghrádh; agus do shiliodar mo lámha le mirr, agus mo mhéir lé mirr deaghbholuidh, ar bhacánuibh an ghlais.
6
Dfosguil mé dom ghrádh, acht do sheachuin mo ghrádh é féin, agus do imthigh sé: do mhainnigh mo chroidhe a nuáir do labhair sé: díarr mé é, acht ní bhfuáir mé é; do ghoir mé air, acht ní thug sé freagra orum.
7
Fuáir an lucht faire do chuáidh fa gcuáirt na caithreach mé, do bhuáileadar mé, do loiteadar mé; rugadar luchd coimhéada na mballadh folach mo chinn uáim.
8
Cuirim dúalach oruibh, a ingheana Ierusalem, má gheibhthí mo ghrádh, go ninnistí dhó, go bhfuilimse tinn lé grádh.
9
¶ Cred é thfear grádhsa ní as mó ná grádhach oile, ó thusa is breádhgha a measg na mban? cred é thfear ghrádhsa ní sa mhó ná grádhach oile, as a ccuireann tú an cúram sin oruinne?
10
Atá mo ghrádhsa geal agus dearg, an té is féar bratuighe ar dheith mile.
11
Atá a cheann mar a nór is finéulta, atáid a chíabha casda, agus dubh mar an bhfíach.
12
Atáid a shúile mar shúilibh coluim láimh ris na srothuibh uisge, ar na níghe le bainne, agus ar na suigheadh go ceart.
13
Atáid a ghruaidhe mar leabuidh spíosradh, mar bhláithibh deagbholuigh: a phuisiníghe amhuil lile, ag silt mhirr dheaghbholuidh.
14
Atáid a lamha amhuil fáinnighe óir ar na ccur ar bherill; atá a bholg amhuil imhóg loinnreach air na fholach lé saphiribh.
15
Atáid a chosa amhuil piléir marmuir, air na suigheadh air fhulangaibh dór fhínealta: a ghnúis amhuil Lebanon, oirdheirc mar na cédair.
16
Atá a bhéul ro mhilis; atá sé fós, thríd amach go grádhach: isé so mo ghrádhsa, agus isé so mo chara, ó a ingheana Ierusalem.
← Chapter 4
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 6 →
All chapters:
1
2
3
4
5
6
7
8