bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
/
Galatians 1
Galatians 1
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 2 →
1
Pól, abstal (ní ó dhaoinibh, agus ní tríd an duine, acht tré Íosa Críost, agus tré Dhia, an tAthair, do thóg ó na marbhaibh é),
2
agus na bráithre uile atá im’ fhochair, chum eaglaisí Ghalátia:
3
grása chugaibh agus síothcháin ó Dhia an tAthair, agus ó n‐ár dTighearna Íosa Críost,
4
thug é féin i n‐éiric ár bpeacaidhe, chum go saorfadh sé ó’n aois uilc so atá ann de láthair, do réir tóla ár nDé agus ár nAthar,
5
dó‐san go raibh an ghlóir go saoghal na saoghal. Amen.
6
Is mór is iongnadh liom sibh bheith chómh luath sin ag iompodh ó’n té do ghlaodh i ngrása Chríost sibh, chum soiscéil eile;
7
ní h‐é gur soiscéal eile é: acht go bhfuil dream áirithe ann atá ag déanamh buaidhearth a dhaoibh, agus gur mian leo soiscéal Chríost do chur bun os cionn.
8
Acht dá bhfógradh sinne nó aingeal as na flaitheasaibh soiscéal eile dhaoibh seachas an soiscéal d’fhógramair‐ne dhaoibh, bíodh sé malluighthe.
9
Mar tá ráidhte againn cheana, adeirim arís é, Má fhógrann aon duine soiscéal ar bith seachas an soiscéal fuarabhar, bíodh sé malluighthe.
10
Óir an é do dhaoinibh, nó do Dhia go bhfuilim d’iarraidh sásamh do thabhairt? nó an bhfuilim d’iarraidh taithneamh do thabhairt do dhaoinibh? Dá mbéinn fós d’iarraidh taithneamh do thabhairt do dhaoinibh, ní bhéinn im’ sheirbhíseach ag Críost.
11
Óir do‐bheirim le fios daoibh, a bhráithre, i dtaobh an tsoiscéil d’fhógras, nach dó réir an duine é.
12
Óir ní ó’n duine fuaras é, agus níor múineadh é dhom, acht tháinig sé chugam tré thaisbeánadh Íosa Críost.
13
Óir do chualabhar i dtaobh mo shaoghail roimhe seo i gcreideamh na nIúdach, cionnas mar rinneas géirleanmhain as miosúr ar eaglais Dé, g‐á scrios:
14
agus gur mhó do chuadhas ar aghaidh i gcreideamh na nIúdach ’ná a lán daoine dem’ chómhaois féin i measc muinntire mo chinidh, agus mé i bhfad ní ba dhúthrachtaighe i dtaobh gnáth‐nósann mo shinnsir.
15
Acht nuair ba é deagh‐thoil Dé é, do chuir ar leith mé ó bhroinn mo mháthar, agus do ghlaodh tré n‐a ghrása mé,
16
chum a Mhac d’fhoillsiú ionnam, chum go bhfógróchainn i measc na gCineadhach é; ar an láthair sin ní dheachas i gcómhairle feola agus fola:
17
agus níor mhó nach ndeachas suas go h‐Iarúsalem chum na ndaoine do bhí ’n‐a n‐abstalaibh rómham: acht d’imthigheas chum na h‐Aráibe; agus tháinig mé ar ais go Damaisc.
18
I gcionn trí bliadhan ’n‐a dhiaidh sin do chuadhas suas go h‐Iarúsalem chum aithne do chur ar Chéfas, agus d’fhanas cúig lá déag ’n‐a chuideachtain.
19
Acht ní fhacas aon duine eile de na h‐abstalaibh, acht amháin Séamas, dearbhráthair an Tighearna.
20
Anois i dtaobh na neithe atá agam g‐á scríobhadh chugaibh, féach, i bhfiadhnaise Dé, ní bréag atáim d’innsint.
21
’N‐a dhiaidh sin tháinig mé isteach i gcríochaibh Shiria agus Chilicia.
22
Agus do bhíos gan aithne súl bheith ag eaglaisibh Iúdaea do bhí i gCríost orm:
23
ní chualadar d’á rádh acht, An té do rinne géirleanmhain orainn roimhe seo, atá sé anois ag fógairt an chreidimh go ndearna sé léirscrios air tráth;
24
agus thugadar glóir do Dhia im’ thaobh.
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 2 →
All chapters:
1
2
3
4
5
6