bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
/
Galatians 4
Galatians 4
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
← Chapter 3
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 5 →
1
Adeirim anois, chómh fada agus bhíos an t‐oidhre ’n‐a leanbh, nach mbíonn deifir idir é agus sclábhaidhe, má tá féin go bhfuil sé ’n‐a thighearna os cionn an uile nidh;
2
acht go mbíonn sé fá stiúradh oidí agus feadhmannach go dtí an t‐am atá órduighthe ag a athair.
3
Agus sinne mar an gcéadna, nuair bhíomar ’n‐ár leanbhaibh, do bhíomar i ndaor‐bhroid ag dúlibh na cruinne:
4
acht nuair tháinig an t‐am, do chuir Dia uaidh a Mhac, tugadh ó mhnaoi, rugadh fá’n dlighe,
5
chum an dream do bhí fá’n dlighe d’fhuascailt, chum go bhfaighmís‐ne uchtcacht mar chlann‐mhac.
6
Agus de bhrigh gur clann‐mhac sibh do chuir Dia uaidh Spiorad a Mhic isteach ’n‐bhur gcroidheachaibh, g‐á ghlaodhach, Abba, a Athair.
7
Ar mhodh nach bhfuilir id’ sclábhaidhe níos faide, acht id’ mhac; agus má táir id’ mhac, atáir id’ oidhre leis, de dheoin Dé.
8
Acht ó thárla gan aithne bheith agaibh ar Dhia an tráth úd, do bhí sibh i ndaor‐bhroid ag déithibh nach déithe iad do réir nádúra:
9
acht anois, ó tá aithne agaibh ar Dhia, nó dob’ fhearr a rádh go bhfuil aithne ag Dia oraibh‐se, cad chuige dhaoibh bheith ag casadh ar ais chum na ndúl laga, gan tairbhe, gur mian libh bheith i ndaor‐bhroid aca athuair?
10
Coimheádann sibh laethe, agus míosa, agus féilte, agus bliadhanta.
11
Atá sibh ag cur eagla orm, gur féidir gur saothar gan éifeacht atá déanta agam ar bhur son.
12
Impidhim oraibh, a bhráithre, bidhidh mar táim‐se, óir atáim‐se mar tá sibh‐se. Ní dhearna sibh éagcóir ar bith orm.
13
Is eol daoibh gur tré easláinte colna do sheanmóirigheas an soiscéal daoibh an chéad uair,
14
agus an nidh im’ cholainn do bhí mar chathú oraibh, ní thug sibh tarcuisne ná gráin dó; acht do ghlac sibh liom mar aingeal Dé, mar Íosa Críost féin.
15
Uime sin, cá bhfuil an déighmhéin úd thug sibh dom? mar bheirim m’fhiadhnaise dhaoibh go mbainfeadh sibh amach bhur súilí féin, dá mb’ fhéidir é, agus go dtiubhradh sibh dom iad.
16
An amhlaidh, mar sin, go bhfuilim im’ námhaid agaibh, toisc an fhírinne d’innsint daoibh?
17
Ní mar mhaithe libh atá siad chómh díoghraiseach sin ar bhur lorg: ní h‐eadh, acht is amhlaidh ba mhian leo bhur gcongbháil uainn, chum go loirgfeadh sibh iad féin.
18
Acht is maith í duithract i gcómhnaidhe, agus deagh‐cúis bheith léi ní h‐é amháin nuair bhím i n‐bhur láthair.
19
A chlann bheag, go bhfuilim i dtinneas clainne arís ’n‐bhur dtaobh nó go ngeintear Críost ionnaibh,
20
ba mhian liom bheith láithreach ’n‐bhur measc anois, agus bheith ar athrú glóir; óir atáim i mbárr mo chéille ’n‐bhur dtaobh.
21
Innsidh dhom, sibh‐se gur mian libh bheith fá’n dlighe, nach n‐airigheann sibh an dlighe?
22
Óir atá scríobhtha go raibh beirt chlann‐mhac ag Abracham, mac aca leis an gcailín daoirseachta, agus mac leis an saor‐mhnaoi.
23
Acht rugadh mac an chailín daoirseachta de réir na feola; acht rugadh mac na saor‐mhná do réir geallamhna.
24
Atá fáith‐chiall ag baint leis na neithibh sin; óir dhá thiomna is eadh an bheirt bhan so; bean aca ó chnoc Sína, bheireas clann chum daoirse, is í sin Hágar.
25
Anois is ionann Hágar agus cnoc Sína san Aráib, agus cialluigheann sin an Iarúsalem atá ann anois; óir atá sí i ndaor‐bhroid i n‐éinfheacht le n‐a clainn.
26
Acht an Iarúsalem atá thuas atá sí saor, agus is í ár máthair í.
27
Óir atá scríobhtha, Déan gáirdeachas, a bhean aimrid nach mbeireann; Cuir do chroidhe amach le luthgháir, thusa nach bhfulaingeann tinneas clainne: Óir is líonmhaire iad clann na mná aonaránaighe ’Ná clann na mná go bhfuil fear aici.
28
Anois, a bhráithre, is clann geallamhna sibh, dálta Íosóig.
29
Acht fá mar rinne an té rugadh do réir na feola géirleanmhain ar an té rugadh do réir an Spioraid, is mar sin atá an scéal anois.
30
Acht créad adeir an scrioptúir? Caith amach an cailín daoirseachta agus a mac: óir ní bhéidh oidhreacht ag mac an chailín daoirseachta i n‐éinfheacht le mac na saor‐mhná.
31
D’á bhrigh sin, a bhráithre, ní clann an chailín daoirseachta sinne, acht clann saor‐mhná.
← Chapter 3
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 5 →
All chapters:
1
2
3
4
5
6