bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
/
Galatians 3
Galatians 3
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
← Chapter 2
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 4 →
1
A Ghalátacha gan chéill, cia h‐é do chuir fá dhraoidheacht sibh, gur nochtadh Íosa Críost, agus é céasta, go soiléir os cómhair bhur súl?
2
Is é rud ba mhian liom a chlos uaibh, An ó oibreachaibh dlighe nó tré theachtaireacht an chreidimh fuair sibh an Spiorad?
3
An bhfuil sibh chómh dith‐céillidhe sin? tar a éis daoibh tosnú san Spiorad, an amhlaidh gur ab í an fheoil atá mar chríochnú agaibh?
4
Ar fhulaing sibh an oiread sin gan éifeacht? má’s fíor gur gan éifeacht é.
5
Uime sin an té do‐bheir an Spiorad daoibh, agus do‐ghní míorbhailtí ’n‐bhur measc, an tré oibreachaibh an dlighe, nó tré theachtaireacht an chreidimh do‐ghní?
6
Fá mar chreid Abracham Dia agus gur h‐áirmheadh é mar fhíréantacht dó.
7
Bíodh a fhios agaibh d’á bhrigh sin, na daoine atá i muinighin an chreidimh, gur ab iad clann Abrachaim iad.
8
Agus an scrioptúir, g‐á fheicsin roimh ré go bhfíréanóchadh Dia na Cineadhaigh tré chreideamh, d’fhóghair sé an soiscéal roimh ré d’Abracham, g‐á rádh, Beannóchar ionnat‐sa na náisiúin uile.
9
Uime sin na daoine chreideas atá siad beannuighthe i n‐éinfheacht le h‐Abracham creidmheach.
10
Óir an méid chlaoidheas le h‐oibreachaibh an dlighe atáid fá mhallacht: mar atá scríobhtha, Is malluighthe gach duine nach leanann do’n uile nidh athá scríobhtha i leabhar an dlighe, agus nach gcuireann i ngníomh é.
11
Agus is léir nach bhfíréanuighthear aon duine tríd an dlighe i bhfiadhnaise Dé: óir, Is tré chreideamh mhairfeas an fíréan:
12
agus ní fhuil an dlighe i muinighin an chreidimh; acht an té chleachtas na neithe sin mairfidh sé d’á mbárr.
13
D’fhuascail Críost ó mhallacht an dlighe sinn, ag déanamh mallachta dhe féin ar ár son: óir atá scríobhtha, Is malluighthe gach duine crochtar ar chrann:
14
chum go dtiocfadh beannú Abrachaim i nÍosa Críost ar na Cineadhachaibh; chum go bhfaighmís tré chreideamh an Spiorad do bhí geallta.
15
A bhráithre, is ar mhodh daoine atáim ag labhairt: Gidh nach bhfuil ann acht tiomna daonna, nuair dearbhuightear é, ní fhéadann aoinneach a chur ar gcúl, nó cur leis.
16
Anois is d’Abracham agus d’á shliocht tugadh na geallamhnacha. Ní abrann sé, Agus do shliochtaibh, mar bhéadh mórán ann; acht gan acht sliocht amháin bheith ann. Agus dod’ shliocht, is é sin Críost.
17
Adeirim anois, Tiomna do bhí dearbhuighthe roimh ré ag Dia, an dlighe tháinig ceithre céad agus deich mbliadhna fichead ’n‐a dhiaidh sin, nach gcuireann sé ar gcúl é, chum an gheallamhain do chur ar neamh‐nidh.
18
Óir má’s ó’n dlighe tháinig an oidhreacht, ní mar gheall ar gheallamhain tháinig sé: acht thug Dia d’Abracham é tré gheallamhain.
19
Cad chuige an dlighe mar sin? Do tugadh isteach é ní ba dheireannaighe mar gheall ar chionntaibh, nó go dtigeadh an sliocht go dtugadh an gheallamhaim dó; agus do h‐órduigheadh é tré aingealaibh le láimh eadarghuidhtheora.
20
Anois ní bhíonn eadarghuidhtheoir ann muna bhfuil acht duine n‐a aonraic ann acht is n‐a aonar atá Dia.
21
An bhfuil an dlighe i n‐aghaidh geallamhnacha Dé mar sin? nar leigidh Dia é: óir dá dtugtaighe dlighe d’fhéadfadh beatha do thabhairt, is léir gur tríd an dlighe do thiocfadh fíréantacht.
22
Acht do réir na Scrioptúra, atá cách i ngéibheann ag an bpeacadh, chum go dtiubhrthaí an gheallamhain tré chreideamh i nÍosa Críost do na daoinibh chreideas.
23
Acht sul a dtáinig an creideamh, do chongbhuigheadh sinn fá’n dlighe i gcoimheád fá chómhair an chreidimh do bhí le foillsiú ’n‐a dhiaidh sin.
24
Ar mhodh gurbh é an dlighe ár n‐oide chum sinn do threorú chum Chríost, chum go bhfíréanóchaidhe sinn tré chreideamh.
25
Acht ar dteacht do’n chreideamh, nílmíd feasta fá’n oide.
26
Óir is clann Dé sibh uile tré chreideamh i nÍosa Críost.
27
Óir an méid díbh do baisteadh i gCríost, do chuir sibh Críost mar chlúdach oraibh féin.
28
Ní fhuil lúdach ’ná Gréagach ann, ní fhuil saor ’ná daor ann, ní fhuil fireannach ’ná baineannach ann: óir is aon duine amháin i nÍosa Críost sibh go léir.
29
Agus má’s le Críost sibh, is sliocht Abrachaim sibh, leis, oidhrí de réir na geallamhna.
← Chapter 2
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 4 →
All chapters:
1
2
3
4
5
6