bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
/
Galatians 5
Galatians 5
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
← Chapter 4
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 6 →
1
Is chum saoirse do rinne Críost saor sinn: seasaidh go daingean, mar sin, gan bheith ceangailte arís fá chuing na daoirse.
2
Féach, atáim‐se Pól g‐á rádh libh, má timcheall‐ghearsthar sibh, nach mbéidh tairbhe agaibh i gCríost.
3
Dearbhuighim arís do gach duine timcheall‐ghearrthar, go bhfuil sé d’fhiachaibh air an dlighe ar fad do chóimhlíonadh.
4
Atá sibh deighilte ó Chríost; an méid díbh gur mian libh bhur bhfíréanú tríd an dlighe; atá sibh tuitthe ó ghrása.
5
Óir is tríd an Spiorad le creideamh atáimíd ag súil le fíréantacht.
6
Óir i nÍosa Críost ní fhuil fóghnamh ar bith i dtimcheall‐ghearradh ná i neamh‐thimcheall‐ghearradh acht oiread: acht amháin san gcreideamh oibrigheas tré ghrádh.
7
Do bhí sibh ag rith go maith: cia h‐é do chuir cosc libh fá bheith umhal do’n fhírinne?
8
Ní ó’n té do ghlaodh sibh tháinig an spreagadh sin.
9
Is leor beagán laibhín do’n chnap ar fad.
10
Atá muinighin agam asaibh san Tighearna, nach mbéidh sibh ar athrú intinne: acht an té atá ag d éanamh buaidheartha dhaoibh, iomcharfaidh sé a bhreitheamhnas, cibé cia h‐é féin.
11
Acht im’ thaobh‐sa, a bhráithre, má táim ag fógradh an timcheall‐ghearrtha fós, cad chuige a bhfuil géirleanamhain d’á déanamh orm fós? Ins an gcás sin atá deireadh déanta de cheap tuislidh na croise.
12
An dream atá ag cur as daoibh, bá mhaith liom go gciorrbhaidís iad féin.
13
Óir, a bhráithre, is chum saoirse do glaodhadh sibh; acht amháin ná déanaidh leithscéal de bhur saoirse le h‐aghaidh na feola, acht bidhidh mar sheirbhísigh i ngrádh d’á chéile.
14
Óir chóimhlíontar an dlighe uile i n‐aon fhocal amháin; Grádhóchair do chómharsa mar thú féin.
15
Acht má bhíonn sibh ag sclamhadh agus ag alpadh a chéile, tabhraidh aire nach scriosfaidh sibh a chéile.
16
Uime sin adeirim, Siubhlaidh do réir an Spioraid, agus ní chóimhlíonfaidh sibh mianghas na colna.
17
Óir bíonn mianghas na colna ag cur i gcoinnibh an Spioraid, agus bíonn an Spiorad ag cur i gcoinnibh mianghais na colna; mar tá siad i n‐aghaidh a chéile; ar mhódh nach bhféadann sibh na neithe dob’ áil libh do dhéanamh.
18
Acht má tá sibh fá threorú an Spioraid, ní fhuil sibh fá’n dlighe.
19
Anois atá gníomhartha na colna follasach, mar atá, striapachas, neamh‐ghlaine, drúis,
20
íodhal‐adhradh, piseogacht, náimhdeachas, imreas, éada, fearg, clampar, easaontacht, aicmí, formad,
21
ólachán, dreabhlas, agus a leithéidí eile: fógraim daoibh roimh ré, mar adubhras libh cheana, na daoine chleachtas a leithéidí sin, nach bhfaighidh siad oidhreacht i ríoghacht Dé.
22
Acht is é toradh an Spioraid, grádh, aoibhneas, síothcháin, fád‐fhulang, muinntearas, maitheas, dílse,
23
caoimhe, stuamdhacht: ní fhuil dlighe ar bith i n‐aghaidh a leithéidí sin.
24
Agus na daoine is le h‐Íosa Críost, atá an cholainn le n‐a h‐antoil agus le n‐a miantaibh céasta aca.
25
Má’s do réir an Spioraid chaithimíd ár saoghal, siubhlaimís do réir an Spioraid.
26
Ná bidhidh mórdhálach, ag cur dubhshláin fá n‐a chéile, ag formad le chéile.
← Chapter 4
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 6 →
All chapters:
1
2
3
4
5
6