bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
/
Galatians 2
Galatians 2
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
← Chapter 1
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 3 →
1
Annsin i gcionn ceithre bliadhan déag ’n‐a dhiaidh sin do chuadhas suas go h‐Iarúsalem arís i n‐éinfheacht le Barnabas, ag tabhairt Títuis liom, chómh maith.
2
Agus is do réir taisbeánta do chuadhas suas; agus do leagas rómpa an soiscéal fhógraim i measc na gCineadhach, acht os íseal rómpa‐san ba mhó clú, ar eagla, ar chor ar bith, go mbéinn ag rith, nó go rabhas ag rith gan éifeacht.
3
Acht níor cuireadh d’fhiachaibh ar Thítus féin do bhí i n‐éinfheacht liom, a thimcheall‐ghearradh, gidh gur Ghréagach é:
4
agus sin mar gheall ar na bráithribh bréige tugadh isteach os íseal, agus d’éaluigh isteach os íseal chum spiadh‐aireacht do dhéanamh ar ár saoirse atá againn i nÍosa Críost, ag súil le n‐ár dtabhairt fá dhaoirse:
5
acht níor ghéilleamar dóibh‐sean oiread agus uair amháin; chum go bhfanfadh fírinne an tsoiscéil i gcómhnaidhe agaibh‐se.
6
Acht uatha‐san ba mhó le rádh (is cuma liom‐sa cionnas mar bhíodar roimhe sin: ní ghlacann Dia le pearsain an duine), iad‐san, adeirim, ba mhó clú, níor roinneadar éinnidh orm:
7
a chontrárdhacht sin ar fad, nuair chonnacthas dóibh go dtugadh soiscéal an neamh‐thimcheall‐ghearrtha fá mo chúram‐sa, fá mar tugadh soiscéal an timcheall‐ghearrtha do Pheadar;
8
(óir an té do rinne abstal an timcheall‐ghearrtha de Pheadar, thug sé cumhacht damh‐sa, chómh maith, bheith im’ abstal chum na gCineadhach);
9
agus Séamas agus Céfas agus Eoin, go raibh meas ortha mar cholamhnaibh, nuair thugadar fá deara an grása tugadh dhom, do shíneadar deas‐lámh cumainn chugam‐sa agus chum Bharnabais, chum go n‐imtheochaimís chum na gCineadhach, agus iad féin le dul chum luchta an timcheall‐ghearrtha;
10
acht amháin cuimhneamh ar na bochtaibh, an nidh céadna do bhí mar bhárr cúraim orm féin.
11
Acht nuair tháinig Céfas go h‐Antuaigh do chuireas go dána ’n‐a éadan, ó ba léir dom é bheith san éagcóir.
12
Óir sara dtáinig daoine áirithe ó Shéamas, do bhíodh sé ag ithe i gcuideachtain na gCineadhach: acht nuair tháinig siad‐san, do tharraing sé siar agus d’éaluigh sé uatha, ar eagla luchta an timcheall‐ghearrtha.
13
Agus do rinne an chuid eile de na h‐lúdachaibh an mealladh céadna sin i n‐éinfheacht leis; ar mhodh gur scuabadh Barnabas féin chum siubhail le n‐a gceilg.
14
Acht nuair chonnacas nach rabhadar ág siubhal go díreach do réir fírinne an tsoiscéil, adubhras le Céfas ’n‐a bhfiadhnaise uile, Má chaitheann tusa do shaoghal, agus gur Iúdach thú, ar nós na gCineadhach, ní h‐é ar nós na nIúdach, cad chuige dhuit a chur d’fhiachaibh ar na Cineadhachaibh a saoghal do chaitheamh ar nós na nIúdach?
15
Sinne Iúdaigh ó dhúthchas, agus nach peacaigh de Chineadhachaibh sinn,
16
acht gur ab eol dúinn nach bhfíréanuightear an duine tré oibreachaibh dlighe, acht amháin tré chreideamh i nÍosa Críost, do chreideamar féin i nÍosa Críost, chum go bhfíréanóchaidhe sinn tré chreideamh i gCríost, agus ní tré oibreachaibh dlighe: de bhrigh nach tré oibreachaibh dlighe fíréanochar feoil ar bith.
17
Acht chómh fada is bhímíd d’iarraidh bheith fíréanuighthe i gCríost, má gheibhtear sinn bheith ’n‐ár bpeacachaibh, arbh ionann sin agus seirbhíseach do’n pheacadh do dhéanamh de Chríost? Nár leigidh Dia é.
18
Óir má thógaim arís na neithe do bhí leagtha ar lár agam, is ag déanamh cionntaigh díom féin atáim.
19
Óir is tríd an dlighe d’éagas do’n dlighe, chum go mairfinn beo do Dhia.
20
Do céasadh mé mar aon le Críost; agus ní mise mhaireas beo anois, acht Críost atá beo ionnam: agus an saoghal chaithim san gcorp, is tré chreideamh chaithim é, creideamh i Mac Dé, do ghrádhuigh mé, agus thug é féin ar mo shon.
21
Ní ag cur grása Dé ar ceal atáim: óir má’s tríd an dlighe gheibhtear fíréantacht, is i n‐aisce fuair Críost bás.
← Chapter 1
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 3 →
All chapters:
1
2
3
4
5
6