bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
/
Galatians 6
Galatians 6
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
← Chapter 5
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
1
A bhráithre, má beirtear ar dhuine i míghníomh ar bith, sibh‐se atá spioradálta, cuiridh i gceart é le spiorad ceannsachta; ag féachaint chugat féin ar eagla go gcurtar cathú ort.
2
Tógaidh trom‐ualaighe a chéile, ag cóimhlíonadh dlighe Chríost mar sin.
3
Óir má mheasann aon duine gur nidh éigin é féin, agus gur neamh‐nidh é, meallann sé é féin.
4
Acht scrúduigheadh gach duine a ghnó féin, agus annsin béidh adhbhar maoidhmheachais ’n‐a thaobh féin aige, ní i dtaobh an duine thallé.
5
Óir caithfidh gach duine a ualach beag féin d’iomchar.
6
An té do‐gheibh teagasc san mbriathar déanadh sé gach deagh‐nidh do roinnt ar an té do‐bheir an teagasc.
7
Ná mealltar sinn; ní féidir cluain do chur ar Dhia: óir cibé nidh chuireas an duine, is é an nidh céadna sin bhainfeas sé.
8
Óir an té chuireas fá chómhair na colna, is truailleacht ó’n gcolainn bhainfeas sé; acht an té chuireas fá chómhair an Spioraid, is í an bheatha mharthannach bhainfeas sé.
9
Agus ná h‐éirighmís tuirseach ag déanamh maitheasa: óir bainfimíd toradh i n‐am oireamhnach, muna dtagaidh lag‐spioraidighe orainn.
10
Mar sin de, do réir mar bhíos an uain againn, déanaimís an mhaith do’n uile dhuine, go mórmhór do lucht tighe an chreidimh.
11
Féacháidh na litreacha móra atáim do dhéanamh, ag scríobhadh chugaibh dhom lem’ láimh féin.
12
An dream gur mian leo éirghe go mórdhálach san bhfeoil, cuireann siad d’fhiachaibh oraibh timcheall‐ghearradh do dhéanamh; sin chum nach ndéanfidhe géirleanmhain ortha ar son croise Críost.
13
Óir an dream sin féin atá timcheall‐ghearrtha, ní choimheádann siad an dlighe; acht do b’áil leo sibh‐se bheith timcheall‐ghearrtha, chum go mbéadh adhbhar maoidhmheachais aca as bhur bhfeoil.
14
Acht im’ thaobh‐sa, nár leigidh Dia go ndéanfainn maoidhmheachas acht amháin as crois Íosa Críost, tríd a bhfuil an saoghal céasta dhamh‐sa, agus mise do’n tsaoghal.
15
Óir ní h‐éinnidh an timcheall‐ghearradh, ná an neamh‐thimcheall‐ghearradh, acht nádúir úrnua.
16
Agus an méid shiubhalfas de réir na riaghla so, go raibh síothcháin, agus trócaire ortha go léir, agus ar Israel Dé.
17
As so amach ná cuireadh aoinneach cathú orm; óir beirim marcanna Íosa ar mo chorp.
18
Grása ár dTighearna Íosa Críost go raibh ar bhur spiorad, a bhráithre. Amen.
← Chapter 5
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
All chapters:
1
2
3
4
5
6