bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
/
Hebrews 12
Hebrews 12
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
← Chapter 11
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 13 →
1
D’á bhrigh sin, ó thárla néall chómh mór sin d’fhiadhnaidhthibh bheith ’n‐ár dtimcheall, cuirimís dínn gach ualach, agus an peacadh ghreamuigheas chómh dlúth sin dínn, agus rithimís go foighdeach an cúrsa atá curtha rómhainn,
2
ag féachaint chum Íosa, príomh‐ughdar agus críochnuightheoir ár gcreidimh; an té d’fhulaing an chroch, ar son an áthais do cuireadh roimhe, do chuir neamh‐shuim san náire, agus atá ’n‐a shuidhe ar dheis righ‐chathaoireach Dé.
3
Óir samhluighidh libh féin an té gur cuireadh cómh mór sin ’n‐a choinnibh, agus peacaigh g‐á shéanadh, chum nach n‐éireochaidh sibh lag, claoidhte ’n‐bhur n‐anmannaibh.
4
Níor sheasuigh sibh fós go doirteadh fola, ag cur i n‐aghaidh an pheacaidh:
5
agus atá dearmad déanta agaibh ar an spreagadh tugadh dhaoibh mar bhéadh do chlann‐mhac, A mhic, ná déan neamh‐shuim de smacht an Tighearna, Agus ná caill meisneach nuair cheartuigheas sé thú;
6
Óir smachtuigheann an Tighearna an té go bhfuil grádh aige dhó, Agus sciúirseann sé gach mac ghlacas sé.
7
Má fhulaingeann sibh an smacht, atá Dia ag pléidhe libh mar bhéadh sé le n‐a chlainn féin; óir cia h‐é an mac nach smachtuigheann a athair é?
8
Acht má bhíonn sibh saor ó smacht, go bhfaghann gach aoinneach a chuid féin de, ní clann dlisteanach sibh, acht clann bhastairt.
9
Thairis sin, do bhí aithreacha do réir na feola againn chum ár smachtuighthe, agus thugamar urraim dóibh: nach mó go mór an urraim do‐bhéarfaimíd dár nAthair spioradálta chum beatha d’fhágháil?
10
Óir is fíor gur smachtuigheadar‐san ar feadh beagáin laethe sinn mar thógradar féin; acht do smachtuigh seisean sinn mar mhaithe linn chum sinn do dhéanamh rannpháirteach ’n‐a naomhthacht.
11
Is fíor nach adhbhar sóláis, acht ádhbhar dóláis an smachtú fá láthair, do réir cosmhalachta: acht ’n‐a dhiaidh sin do‐bheir sé toradh síothchánta do na daoinibh cleachtar leis, toradh na fíréantachta.
12
Uime sin tógtar na lámha gan tapadh, agus na glúna gan luth:
13
agus siubhladh bhur gcosa rómpa gach ndíreach, chum nach leonadh acht leigheas gheobhas an ball atá bacach.
14
Loirgidh síothcháin leis an uile dhuine, mar aon leis an naomhthacht nach bhfeicfidh aoinneach an Tighearna ’n‐a h‐uireasbhaidh:
15
ag féachain chuige ar eagla go gclisfeadh ar aoinneach fá ghrása Dé; ar eagla go bhfásfadh aon fhréamh seirbhe do bhéadh mar adhbhar buaidheartha, agus go dtruailleochaidhe mórán d’á dheascaibh;
16
ar eagla go mbéadh aon drúiseoir ann, nó aon duine neamh‐dhiadha mar Ésau, do dhíol a cheart oidhreachta ar bhéile bidh.
17
Óir atá a fhios agaibh, nuair ba mhian leis an bheannacht d’fhágháil ’n‐a dhiaidh sin, gur diúltuigheadh é (óir ní fhuair sé faill chum aithrighe do dhéanamh), gidh gur iarr sé le deoraibh é.
18
Óir ní fhuil sibh tagtha chum cnuic go bhféadtar lámh do chur air, ná chum teineadh lasánta, ná chum duibhe,
19
agus chum dorchachta, ná chum stoirme, agus chum árd‐ghlóir stuic, agus chum gleodh focal; gur iarr na daoine do chuala é d’impidhe nach labharfaidhe aon fhocal eile leo:
20
óir níor fhéadadar a raibh órduighthe dhóibh d’iomchar, Má bhaineann fiú ainmhidhe leis an gcnoc,
21
gabhfar de chlochaibh air; agus do bhí a bhfacadar chómh h‐uathbhásach sin go ndubhairt Maois, Atáim ar baill‐chrioth go mór le neart eagla:
22
acht is amhlaidh atá sibh tagtha go Sliabh Síoin, go cathair an Dé bhí, go h‐Iarúsalem neamhdha, agus go dtí na mílte as cuimse de shluaightibh na n‐aingeal,
23
go cómhchruinniú agus go h‐eaglais na gcéid‐ghein, go bhfuil a n‐ainmneacha scríobhtha ar neamh, agus chum Dé, breitheamh an uile dhuine, agus chum spioraidí na bhfíréan diongbhálta,
24
agus chum Íosa, idir‐mheadhóntóir connartha úr‐nua, agus chum na fola do crothadh, gur fearr a teachtaireacht ’ná fuil Aibéil.
25
Tabhraidh aire gan eiteach do thabhairt do’n té labhras. Óir muna dtáinig an dream slán do dhiúltuigh do’n té thug rabhadh dóibh ar talamh, is lugha‐de thiochfaimíd‐ne slán má thugaimíd cúl do’n té do‐bheir rabhadh ó neamh anuas:
26
an té gur bhain a ghuth crothadh as an talamh an t‐am sin: acht go bhfuil geallta aige anois, g‐á rádh, Aon uair amháin eile cuirfead, ní h‐é amháin an talamh ar crioth, acht neamh, mar an gcéadna.
27
Agus an focal, Aon uair amháin, cialluigheann sé aistriú na neithe úd atá so‐chorruighthe, mar atá neithe do cruthuigheadh, chum go bhfanfadh na neithe atá do‐chorruighthe ’n‐a gcómhnaidhe.
28
Uime sin, ag fágháil ríoghachta do‐chorruighthe dhúinn, taisbeánaimís ár mbuidheachas, chum go ndéanfaimíd seirbhís taithneamhach do Dhia, le h‐urraim dhiadha agus le h‐eagla,
29
óir is teine dian‐loiscneach ár nDia‐ne.
← Chapter 11
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 13 →
All chapters:
1
2
3
4
5
6
7
8
9
10
11
12
13