bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
/
Hebrews 5
Hebrews 5
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
← Chapter 4
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 6 →
1
Óir gach árd‐shagart d’á dtógtar as lár na ndaoine, órduightear é ar son na ndaoine san méid bhaineas le Dia chum tíodhlaicthe agus íodhbartha d’ofráil ar son na bpeacadh:
2
agus is fear é, gur féidir leis gan bheith ro‐dhian ar na daoinibh théigheas amudha tré aineolas, de chionn nach bhfuil sé féin gan a chion féin de’n laige.
3
Ar an adhbhar sin atá d’fhiachaibh air íodhbairt do dhéanamh i n‐éiric na bpeacadh, ní h‐é amháin ar son an phobail, acht ar a shon féin, leis.
4
Agus ní ghlacann aon duine an onóir seo chuige féin, acht amháin nuair gheibheann sé an ghairm ó Dhia, mar fuair Aáron.
5
Ar an gcuma chéadna níorbh uaidh féin do ghlac Críost an onóir chuige féin go ndéanfaidhe sagart de, acht ó’n té adubhairt leis, Is tusa mo Mhac, Indiu do gheineas thú:
6
mar adubhairt sé i n‐áit eile, leis, Is sagart go síorraidhe thú, Do réir úird Mhelcisidec.
7
Is eisean, i laethibh a fheola, tar éis urnaighthe agus athchuingthe d’ofráil, le h‐árd‐ghol agus le deoraibh chum an té go raibh ar chumas dó a shaoradh ó’n mbás, agus gur h‐éisteadh leis as ucht a naomh‐eagla,
8
is eisean, gidh gur Mhac é, d’fhoghlaim umhlacht de bhárr ar fhulaing sé:
9
agus tar éis dó teacht i bhfoirbhtheacht, do bhí sé mar ughdar slánuighthe shíorraidhe do na daoinibh go léir umhluigheas dó;
10
d’á ainmniú ag Dia mar árd‐shagart do réir úird Mhelcisidec.
11
Tá mórán againn le rádh ’n‐a thaobh‐san, agus is deacair a mhíniú de chionn go bhfuil maill‐eisteacht oraibh.
12
Óir nuair ba cheart daoibh fá’n am so bheith ’n‐bhur múinteoiribh, is amhlaidh atá gábhadh agaibh le duine do mhúinfeadh céad‐riaghlacha briathair Dé dhaoibh; agus atá sibh i riocht daoine gur mó atá bainne d’uireasbaidh oraibh’ ná biadh tacamhail.
13
Óir gach duine beathuightear ar bhainne, atá sé gan taithighe ar bhriathar na fíréantachta: leanbh is eadh é.
14
Acht is le h‐aghaidh daoine fásta atá an biadh tacamhail, le h‐aghaidh na ndaoine a mbíonn sé de chleachtadh ag a gcéadfaidhibh corpardha an mhaith d’aithint thar an olc.
← Chapter 4
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 6 →
All chapters:
1
2
3
4
5
6
7
8
9
10
11
12
13