bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
/
Hebrews 8
Hebrews 8
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
← Chapter 7
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 9 →
1
Anois, is é an poinnte is tábhachtaighe de’n méid atá ráidhte againn: Atá a leithéid d’árd‐shagart againn, atá ’n‐a shuidhe ar dheas‐láimh na Mórdhachta ins na flaitheasaibh,
2
do‐ghní friotháileamh san tsanctóir agus san bhfíor‐thabernacal, nár dhaoine, acht gurbh é an Tighearna do shuidhigh é.
3
Óir órduightear gach árd‐shagart chum tabhartaisí agus íodhbartha d’ofráil: agus d’á bhrigh sin ní foláir do’n árd‐shagart nidh éigin bheith aige le n’íodhbairt.
4
Óir dá mbéadh sé ar talamh ní bhéadh sé ’n‐a shagart ar chor ar bith, toisc sagairt ofrálas tabhartaisí de réir an dlighe bheith ann;
5
fir do‐ghní friotháileamh ar shompla agus ar scáil na neithe neamhdha, fá mar fuair Maois fógra agus é ar tí an tabernacal do dhéanamh: Óir féach chuige ars’ sé, go ndéanaidh tú gach uile nidh do réir an tsompla do taisbeánadh ar an gcnoc duit.
6
Acht anois is fearr go mór an mhiniostrálacht fuair sé, san méid gur idirmheadhontóir connartha níos fearr é, connradh atá bunuighthe ar gheallamhna chaibh níos fearr.
7
Óir dá mbéadh an chéad chonnradh úd saor ó locht, ní bhéadh an dara connradh i gceist.
8
Óir is g‐á lochtú atá an Tighearna, agus e g‐á radh, Féach, atá na laethe ag teacht, adeir an Tighearna, ’N‐a gcuirfead connradh nua ar bun le teaghlach Israel agus le teaghlach lúda:
9
Connradh nach mbéidh cosmhail leis an gconnradh do rinneas le n‐a sinnsearaibh, San lá ’n‐a rugas ar láimh ortha g‐á dtreorú amach as tír na hÉigipte: Óir níor sheasuigheadar i mbun mo chonnartha, Agus d’iompuigheas uatha, adeir an Tighearna.
10
Óir is é seo an connradh dhéanfad le teaghlach Israel Tar éis na laethe úd, adeir an Tighearna: Cuirfead mo dhlighthe isteach ’n‐a n‐aigne, Agus scríobhfad ar a gcroidhe iad: Agus béidhead im’ Dhia aca, Agus béidh siad‐san ’n‐a bpobal agam:
11
Agus ní mhúinfidh gach duine a chómharsa, Agus gach duine a bhráthair, g‐á rádh, Bíodh aithne agat ar an Tighearna: Óir béidh aithne ag gach uile dhuine orm, Ó’n té is lugha go dtí an té is mó dhíobh.
12
Óir déanfad tróchaire ar a mí‐ghníomharthaibh Agus ní chuimhneochad a thuilleadh ar a bpeacaidhibh.
13
Gh‐á rádh dhó, Connradh nua, is amhlaidh atá an chéad chonnradh curtha i seandacht aige. Acht an nidh atá ag éirghe sean agus ag dul i n‐aois, is gearr uaidh dul as ar fad.
← Chapter 7
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 9 →
All chapters:
1
2
3
4
5
6
7
8
9
10
11
12
13