bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
/
Hebrews 4
Hebrews 4
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
← Chapter 3
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 5 →
1
Bíodh eagla orainn, d’á bhrigh sin, chómh fada agus fágthar an gheallamhain chum dul isteach ’n‐a shuaimhneas, a mheas gur theip ar aon duine agaibh breith uirthi.
2
Óir do craobhscaoileadh an soiscéal dúinne, mar craobhscaoileadh é dhóibh‐sean: acht níorbh aon tairbhe dhóibh an briathar do chualadar, toisc nach raibh creideamh ’n‐a bhun ag na daoinibh do chuala é.
3
Óir sinne do chreid téighmíd isteach san tsuaimhneas sin: fá mar dubhairt sé, Mar mhionnuigheas im’ dhíbheirg, Ní rachaidh siad isteach im’ shuaimhneas: bíodh go raibh na h‐oibreacha críochnuighthe ó thosach an domhain.
4
Óir do labhair sé fá’n seachtmhadh lá i n‐áit éigin ar an gcuma so, Agus do rinne Dia suaimhneas ó n‐a oibreachaibh uile an seachtmhadh lá;
5
agus annso arís, Ní rachaidh siad isteach im shuaimhneas.
6
Uime sin ó tá sé i ndán do dhaoinibh áirithe dul isteach ann, agus gur theip ar na daoinibh gur craobhscaoileadh an soiscéal dóibh roimhe sin dul isteach ann mar gheall ar easumhlacht,
7
ainmnigheann sé lá eile arís, g‐á rádh tré Dháibhí, tar éis aimsire chómh fada sin, Indiu, mar adubhradh cheana, Indiu, má chluineann sibh a ghuth, Ná cruadhuighidh bhur gcroidheacha.
8
Óir dá mbéadh suaimhneas tugtha ag Iósua dóibh, ní luadhfadh sé lá eile ’n‐a dhiaidh sin.
9
Uime sin fágthar suaimhneas sabóide ag pobal Dé.
10
Óir an té do chuaidh isteach ’n‐a shuaimhneas, do scuir sé ó n‐a oibreachaibh, fá mar scuir Dia ó n‐a oibreachaibh‐sean.
11
Uime sin déanaimís dícheall chum dul isteach san tsuaimhneas sin, ar eagla go dtuitfeadh aon duine ’n‐a leithéid sin d’easumhlacht.
12
Óir atá briathar Dé beo, bríoghmhar, níos géire ’ná aon chlaidheamh dhá fhaobhar. Téigheann sé isteach idir an anam agus an spiorad, idir na h‐ailt, agus an smior, agus scrúduigheann sé smaointe agus meon an chroidhe.
13
Agus ní fhuil éinnidh d’ár cruthuigheadh nach bhfuil soiléir os cómhair a shúl; acht atá an uile nidh nochta, lán‐fhoscailte roimh shúilibh an té go bhfuil cunntas againn le déanamh leis.
14
D’á bhrigh sin, ó tá árd‐shagart mór do chuaidh tré na flaitheasaibh againn, Íosa Mac Dé, congbhuighmís ár gcreideamh go daingean.
15
Óir ní fhuil árd‐shagart againne nach bhféadann cómhfhulang le n‐ár laige; acht is amhlaidh do cuireadh airsean ar cuireadh de chathuighthibh ariamh orainne, acht amháin gan peacadh do dhéanamh.
16
D’á bhrigh sin déanaimís dánacht ag druidim le righ‐chathaoir an ghrása, chum tróchaire agus grása d’fhágháil chum conganta linn i h‐uair an ghábhaidh.
← Chapter 3
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 5 →
All chapters:
1
2
3
4
5
6
7
8
9
10
11
12
13