bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
/
Hebrews 7
Hebrews 7
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
← Chapter 6
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 8 →
1
Óir an Melcisedec so, rí Shálem, sagart an Dé is áirde, do theagmhuigh sé le hAbrachaim ag filleadh ar ais dó ó ár na ríogh,
2
agus thug beannacht dó, d’á dtug Abracham an deachmhadh cuid de’n uile nidh (ar mbeith dhó, ar n‐a mhíniú, Rí na fíréantachta, agus Rí Shálem,
3
leis, is é sin Rí na síothchána, gan athair, gan máthair, gan geinealach, gan tosach laethe ná deireadh saoghail, acht do rinneadh cosmhail le Mac Dé), fanann sé ’n‐a shagart de shíor.
4
Breathnuighidh anois a áirde i gcéim do bhí an fear so d’á dtug Abracham paitriarcha an deachmhadh cuid de’n éadáil dob’ fhearr.
5
Agus an méid de chlann‐mhac Lébhí do‐gheibh órd sagartachta, atá sé de cheart aca, do réir an dlighe, deachmhaithe do ghearradh ar an bpobal, is é sin ar a mbráithribh, bíodh go dtáinig siad as leasrachaibh Abrachaim:
6
acht an té nach n‐áirmhthear mar dhuine d’á gheinealach, do ghlac sé deachmhaithe ó Abracham, agus do bheannuigh sé an té go raibh na geallamhnacha aige.
7
Agus gan ceist ar bith is é an té is lughá beannuightear ó’n té is mó.
8
Agus annso do‐gheibh daoine so‐mharbhtha deachmhaithe; acht annsúd an té do‐gheibh iad, tugtar fiadhnaise ’n‐a thaobh go maireann sé.
9
Agus féadtar a rádh, Lébhí, fuair deachmhaithe, gur íoc sé deachmhaithe tré Abracham;
10
óir do bhí sé fós i leasrachaibh a athar nuair casadh Melcisedec leis.
11
Anois má bhí lán‐fhoirbheacht le fágháil de bhárr na sagartachta Lébhíticighe (óir is fá’n sagartacht sin fuair an pobal an dlighe), cia an gábhadh do bhí le sagart eile d’éirghe do réir úird Mhelcisedec, gan a áireamh mar bhéadh sé do réir úird Aáróin?
12
Óir nuair athruightear an tsagartacht, ní foláir athrú dlighe do dhéanamh, leis.
13
Óir an té go n‐abartar na neithe seo ’n‐a thaobh, baineann sé le treibh eile, nach ndearna aon duine dhi friotháileamh na h‐altóra ariamh.
14
Óir is léir gur shíolruigh ár dTighearna ó threibh Iúda; treabh nár labhair Maois éinnidh bhaineas leis an sagartacht ’n‐a taobh.
15
Agus is mó is léire é nuair éirigheann sagart eile, i gcosamhlacht Mhelcisedec,
16
do rinneadh, níorbh é do réir dlighe aithne saoghalta, acht do réir cumhachta beathadh síor‐bhuaine:
17
óir atá an fhiadhnaise seo ann ’n‐a thaobh, Is sagart go síorraidhe thú, Do réir úird Mhelcisedec.
18
Óir atá aithne do bhí ann roimhe sin d’á cur ar ceal, toisc í bheith lag,
19
gan tairbhe (óir níor chuir an dlighe éinnidh i gcrích), agus atá dóchas is fearr ’ná í, tré n‐a ndruidimíd i ngiorracht do Dhia, d’á thabhairt isteach.
20
Agus de bhrigh nach ndearnadh sagart de gan mionn
21
(óir do rinneadh sagart díobh‐san gan mionn), acht do rinneadh sagairt de’n té úd le mionn tríd an té adubhairt leis, Do dhearbhuigh an Tighearna, agus ní athróchaidh sé a aigne, Is sagart go síorraidhe thú;
22
Is móide go mór is fearr an connradh Íosa bheith mar urrdhas air.
23
Agus is fíor go ndearnadh sagairt d’á lán mór díobh‐san, de chionn nár leig an bás dóibh maireachtain i gcómhnaidhe:
24
acht de bhrigh go maireann seisean go síorraidhe, atá sagartacht síor‐bhuan aige.
25
D’á bhrigh sin atá ar chumas dó na daoine thig chum Dé tríd do shlánú ar fad, de bhrigh go maireann sé beo i gcómhnaidhe chum eadarghuidhe do dhéanamh ar a son.
26
Óir is é a theastuigh uainn a leithéid d’árd‐shagart atá naomhtha, gan cionnta, gan smál, d’á dhealú ó pheacachaibh,
27
agus é níos áirde ’ná na flaithis: nach gábhadh dhó, ar nós na n‐árd‐shagart úd, íodhbartha d’ofráil go laetheamhail, ar son a pheacaidhe féin ar dtús, agus ar son peacaidhe an phobail ’n‐a dhiaidh sin: óir do rinne sé an t‐aon uair amháin é, d’á ofráil féin mar íodhbairt.
28
Óir do‐ghní an dlighe sagairt d’fhearaibh nach bhfuil saor ó laige; acht briathar an mhionna, tháinig i ndiaidh na dlighe, d’órduigh sé Mac atá foirbhighthe go deo.
← Chapter 6
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 8 →
All chapters:
1
2
3
4
5
6
7
8
9
10
11
12
13