bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
/
Hebrews 13
Hebrews 13
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
← Chapter 12
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
1
Bíodh grádh bráthardha i gcómhnaidhe eadraibh.
2
Ná déanaidh dearmad ar fháilte d’fhearadh roimh choimhthightheachaibh: óir g‐á dhéanamh sin, thug daoine
3
áirithe aoidheacht d’ainglibh gan a fhios dóibh féin. Cuimhnighidh ar na priosúnachaibh, fá mar bhéadh sibh ceangailte i n‐éinfheacht leo; ar na daoinibh atá ag fágháil íosbairte, fá mar tá sibh féin i riocht corpordha.
4
Bíodh an pósadh fá onóir ag cách, agus bíodh an leabaidh gan truailleadh: óir bhéarfaidh Dia breitheamhnas ar lucht drúise agus adhaltrannais.
5
Bidhidh saor ó ghrádh an airgid; sásta leis an méid atá agaibh: óir adubhairt sé féin, Ní chlisfead ort, agus ní thréigfead go deo thú.
6
D’á bhrigh sin tig linn a rádh gan eagla, Is é an Tighearna mo chongantóir; ní bhéidh eagla orm: Créad atá ar chumas an duine do dhéanamh dhom?
7
Cuimhnighidh ar bhur dtreoraidhthibh, do labhair briathar Dé libh; breathnuighidh deireadh a saoghal ar talamh, agus déanaidh aithris ar a gcreideamh.
8
Atá Íosa Críost gan athrú indé, indiu agus go síorraidhe.
9
Ná bidhidh d’bhur bhfuadach ag teagascaibh éagsamhla, aisteacha; óir is maith go gcothóchaidhe an croidhe le grása, ní le biadhaibh do bhí gan tairbhe ariamh do na daoinibh do ghnáthuigh iad.
10
Atá altóir againne nach bhfuil sé de chead ag an dream fhriotháileas ar an tabernacal éinnidh d’ithe dhe.
11
Óir cuirp na n‐ainmhidhe go dtugann an t‐árd‐shagart a gcuid fola isteach san áit naomhtha, dóightear iad taobh amuigh de’n champa.
12
Ar an adhbhar sin d’fhulaing Íosa, leis, taobh amuigh de’n gheata, chum go naomhóchadh sé an pobal le n‐a fhuil féin.
13
D’á bhrigh sin imthighmís amach as an gcampa chuige, ag iomchar a mhasla.
14
Óir ní cathair chómhnuightheach atá againn annso, acht is amhlaidh atáimíd ag tnúth le cathair atá le teacht.
15
Uime sin ofráilimís íodhbairt adhmholta do Dhia i gcómhnaidhe, is é sin toradh ár mbeola admhuigheas a ainm.
16
Acht ná déanaidh dearmad ar dheagh‐ghníomharthaibh agus ar fhéile do chleachtadh: óir taithneann íodhbartha d’á leithéidibh sin le Dia.
17
Bidhidh umhal d’bhúr dtreoruighthibh, agus tabhraidh ómós dóibh: óir bíonn siad ag faire bhur n‐anmanna, mar dhaoine go bhfuil sé de dhualgas ortha cunntas do thabhairt: chum go ndéanfaidh siad go lúthgháireach é, agus ní go doilgheasach: óir ní bhéadh sin chum bhur leasa.
18
Guidhidh orainne: óir creidimíd go bhfuil coinsias glan againn, agus a fhonn orainn maireachtain go cneasta ar gach slighe.
19
Agus is móide impidhim oraibh é seo do dhéanamh, gur luaithe‐de gheobhas sibh ar ais mé ’n‐bhur measc.
20
Anois, Dia na síothchána thug aodhaire mór na gcaorach ar ais ó na marbhaibh tré fhuil an chonnartha shíorraidhe,
21
go bhfoirbhidh sé ins gach deagh‐ghníomh sibh, chum a thoil do dhéanamh, ag oibriú ionnainn a bhfuil taithneamhach ’n‐a fhiadhnaise, tré Íosa Críost; dó‐san go raibh an ghlóir go saoghal na saoghal. Amen.
22
Impidhim oraibh, a bhráithre, glacadh le briathar an spreagtha so uaim: óir níor scríobhas acht go h‐aithghearr chugaibh.
23
Bíodh a fhios agaibh gur scaoileadh saor ár mbráthair Timóteus; má thagann sé go luath, chifead mar aon leisean sibh.
24
Beannuighidh d’bhur dtreoruighthibh uile, agus do na naomhaibh go léir. Beannuigheann bráithre na hIodáile dhaoibh.
25
Grása go raibh libh go léir. Amen.
← Chapter 12
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
All chapters:
1
2
3
4
5
6
7
8
9
10
11
12
13