bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
/
1 Timothy 1
1 Timothy 1
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 2 →
1
Pól, atá ina aspal ag Íosa Críost le haithne ó Dhia is Slánaitheoir dúinn agus ó Íosa Críost a bhíos mar dhóchas againn,
2
Ag beannú do Thimótéus, mo mhac dlisteanach sa chreideamh: Ag guí an ghrásta, na trócaire, agus na síochána dó ó Dhia an tAthair agus ó Íosa Críost ár dTiarna.
3
Nárab é do dhearmad déanamh mar a mhol mé duit nuair a bhí mé ag imeacht go dtí an Mhacadóin, ach fan san Eiféis ag iarraidh go dian ar dhaoine áirithe gan athrach teagaisc a thabhairt uathu,
4
ná a n-am a chur amú le finscéalta agus le craobhacha ginealaigh, is mó a chothaíos samhlaíocht ná cuireann siad i bhfeidhm smacht cráifeach creidimh Dé;
5
ach is é is cuspóir dár moltaí-ne grá ó chroí glan agus ó choinsias maith agus ó chreideamh gan chluain.
6
Tá daoine áirithe ann a chuaigh ar seachrán uathu seo chun saobhchainte,
7
ar mhian leo bheith ina n-oidí múinte dlí, ach nach mbíonn tuiscint acu ar a mbíonn siad ag áiteamh fúthu.
8
Anois tá a fhios againn an feabhas atá sa dlí, ach duine an fheidhm cheart a bhaint as,
9
is é sin le rá nár ceapadh an dlí i gcomhair na bhfíréan, ach le haghaidh lucht na héagóra agus na hainrialtachta, le haghaidh an dreama choirpigh éagráifigh, le haghaidh an dreama mhínaofa shaolta, le haghaidh fionghaile athar agus máthar agus dúnmharfóirí
10
le haghaidh striapach agus sodamach, le haghaidh fuadaitheoirí, agus bréagairí agus éitheoirí, agus cibé rud eile atá bunoscionn leis an teagasc folláin,
11
atá ag cur leis an soiscéal beannaithe a taobhaíodh liom ó Dhia na glóire.
12
Beirim buíochas leis an té a neartaigh chuige sin mé, le hÍosa Críost ár dTiarna, ó mheas sé go raibh mé dílis nuair a cheap sé mé le bheith i mo fhreastalaí aige,
13
cé go mbínn roimhe seo ag tabhairt aithise agus masla dó agus ag cur géarleanúna air; ach go ndearnadh trócaire orm as a dhéanamh in aineolas trí dhíchreideamh,
14
agus gur chuir tuile ghrásta ár dTiarna thar na bruacha leis an gcreideamh agus leis an ngrá atá le fáil in Íosa Críost.
15
Is fírinne iontaofa an ráiteas é, gur tháinig Íosa an Críost ar an saol chun peacaigh a shlánú. Agus is mé an peacach is mó a bhí ann;
16
ach is air seo a rinneadh trócaire ormsa, ionas go nochtfadh Íosa Críost a ardfhoighne uile ormsa ar dtús, le heiseamláir a chur roimh an dream a chreidfeadh ann chun na beatha síoraí.
17
Onóir agus glóir don té atá ina Rí síoraí dofheicthe ó aois go haois, agus nach bhfuil aon Dia ann ach é, choíche agus go deo. Áiméan.
18
Fágaim seo mar fhoráileamh ort, a Thimótéus, a mhic, de réir na dtairngreachtaí a bhí dírithe ort, go dtuga siad misneach duit le bheith ag cur an dea-chogaidh,
19
agus greim a choinneáil ar chreideamh agus ar dhea-choinsias. Tá siad ann a dhiúltaigh do choinsias agus ar tharla long-bhriseadh dá gcreideamh,
20
ar díobh Haimenaius agus Alastair, ar scaoil mé le Sátan iad le múineadh dóibh staonadh de mhasla a chur ar Dhia.
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 2 →
All chapters:
1
2
3
4
5
6