bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
/
1 Timothy 2
1 Timothy 2
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
← Chapter 1
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 3 →
1
Iarraim oraibh mar sin ar dtús bheith ag déanamh achainíocha agus urnaithe agus idirghuí agus altuithe buíochais ar son an chine dhaonna uile,
2
ar son na ríthe agus ar son a bhfuil ard i gcéim, ionas go gcaithfimid ár mbeatha go socair síochánta agus go cráifeach cóir inár mbéasa uile.
3
Is maith agus is taitneamhach é sin i súile Dé ár Slánaitheoir,
4
ar mian Ieis na daoine go léir a bheith á slánú agus teacht chun eolais na fírinne.
5
Mar níl ann ach an t-aon Dia amháin, agus níl ann ach an t-aon idir-ghabhálaí idir Dia agus daoine, an duine sin Íosa Críost,
6
a thoirbhir é féin mar éiric ar son na ndaoine uile, ní ar tugadh fianaise air ina thráth féin.
7
Is chuige sin a ceapadh mise i mo sheanmóirí agus i mʼaspal (is í an fhírinne atá á hinsint agam, níl bréag orm), agus mar mhúinteoir creidimh agus fírinne do na Gintlithe.
8
Is é mo thoil mar sin na fir a bheith ag déanamh urnaí san uile áit, agus aghaidh a mbos á hardú acu gan fhearg gan achrann;
9
agus na mná a bheith á ngléasadh féin go modhúil macánta in éadaí mar is cuí, gan ór ná péarlaí a fhí ina bhfolt ná feistiú costasach a bheith orthu,
10
ach spéis a bheith acu i ndea-oibreacha mar a oireas do mhná a bhfuil ainm na cráifeachta orthu.
11
Bíodh an bhean ag foghlaim léi go ciúin socair agus i ag umhlú san uile ní.
12
Ní cheadaímse do bhean ar bith bheith ag teagasc ná bheith ceannasach os cionn fear; ach a bheith ina tost.
13
Mar is é Ádhamh a múnlaíodh ar dtús, agus Éabha ansin ina dhiaidh;
14
agus níor mealladh Ádhamh, ach mealladh an bhean go dtí gur éirigh sí ciontach.
15
Ach slánófar i as breith na clainne, má leantar don chreideamh agus don ghrá agus don naofacht maraon leis an modhúlacht.
← Chapter 1
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 3 →
All chapters:
1
2
3
4
5
6