bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
/
1 Timothy 4
1 Timothy 4
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
← Chapter 3
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 5 →
1
Ach tá an Spiorad á rá go soiléir go mbeidh daoine ann amach anseo a shéanfas an creideamh le haird a thabhairt ar spridí cluana agus ar theagasc deamhan,
2
trí fhimínteacht bréagairi a bhfuil a gcoinsias seargtha scallta,
3
a chrosas ar dhaoine pósadh agus a ordaíos dóibh staonadh ó chineálacha bia a chruthaigh Dia ionas go nglaca an dream creidmheach, a bhfuil fios na fírinne acu, leo go buíoch beannachtach.
4
Óir is maith gach ní dár chruthaigh Dia, agus ní ceart diúltú dʼaon ní ar glacadh leis le haltú buíochais;
5
mar coisrictear ansin é le briathar Dé agus le hurnaí.
6
Má chuireann tú na rialacha seo roimh na bráithre, beidh tú i do dhea-fhreastalaí ag Íosa Críost, a oileadh i mbriathar an chreidimh agus sa dea-theagasc ar lean tú de.
7
Ná bíodh baint ar bith agat le saobhscéalta salacha sean-chailleach. Bí ag cleachtadh cráifeachta;
8
siúd is go bhfuil leas beag le baint as lúthchleas corportha, bíonn gach cineál leasa sa chráifeacht, ós féidir sochar a bhaint as don saol seo agus don saol atá le teacht.
9
Is iontaofa an ráiteas é ar fiú glacadh go hiomlán leis.
10
Mar is chuige sin a bhímid ag cur tromshaothair orainn féin is ag coimh-lint go dian, ó bíonn muinín agam as an Dia beo, atá mar Shlánaitheoir ag an gcine daonna uile, agus go háirithe ag lucht an chreidimh.
11
Bíodh na nithe seo á n-ordú agus á dteagasc agat.
12
Ná lig dʼaon duine bheith beag beann ar dʼóige, ach tabhair dea-shampla do lucht an chreidimh i do chaint agus i dʼiompar, i do ghrá, i do chreideamh agus i do gheanm-naíocht.
13
Go dtí go dtaga mise, tabhair tusa aire do léitheoireacht phoiblí an scrioptúir, don tseanmóireacht agus don teagasc.
14
Ná déan faillí sa tíolacadh atá agat a tugadh duit ó thairngreacht fáidh nuair a leag na cruifreacha a lámha ort.
15
Cleacht na dualgais seo agus bí dúthrachtach iontu, chun go mba léir don saol an dul chun cinn atá déanta agat.
16
Bíodh aire agat ort féin agus ar do theagasc; coinnigh greim daingean air, mar má dhéanann tú amhlaidh, slánóidh tú thú féin agus a n-éisteann leat.
← Chapter 3
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 5 →
All chapters:
1
2
3
4
5
6