bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
/
1 Timothy 5
1 Timothy 5
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
← Chapter 4
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 6 →
1
Ná tabhair achasán dʼfhear is sine ná tú féin, ach ag cur comhairle air mar a dhéanfadh mac le hathair; bíodh na fir is óige ná tú féin mar dheartháireacha agat,
2
agus na mná is sine mar mháithreacha, agus na mná óga mar dheirfiúracha, go glan geanmnaí ar fad.
3
Tabhair onóir do na baintreacha atá ina mbaintreacha dáiríre.
4
Má bhíonn clann nó clann clainne ag baintreach, bíodh orthu ar dtús foghlaim gur den chreideamh a ndualgas a dhéanamh dá dteaghlach féin agus an chomaoin a chuir a dtuismitheoirí orthu a chúiteamh; ós taitneamhach sin i súile Dé.
5
Baintreach dháiríre atá sa bhean sin a fhágtar ina haonar, agus a mbíonn a dóchas aici as Dia, agus í ag guí agus ag cur impí ar Dhia oíche aguslá;
6
ach an bhean nach gceileann aon sásamh uirthi féin is marbh cheana í siúd is go bhfuil sí beo.
7
Bí á fhógairt seo, ionas nach mbeidh locht le fáil orthu.
8
An té nach soláthraíonn riar a gcáis dá lucht gaoil, agus go háirithe do lucht a theaghlaigh féin, shéan sé an creideamh agus is measa ná díchreidmheach é.
9
Cláraítear baintreach má tá sí i mbun a seasca bliain dʼaois ar a laghad, agus í i ndiaidh bheith ina céile don t-aon fhear amháin;
10
agus caithfidh teastas maith a bheith aici ar a dea-ghníomhartha, mar bhean a thug oiliúint do chlann, agus dídean do strainséirí, a níodh cosa na naomh, agus a dʼfhóir ar lucht na hainnise, agus í go dícheallach le leas a dhéanamh ar gach dóigh.
11
Ach diúltaígí na baintreacha óga a chlárú; mar bíonn fonn pósta orthu nuair a théas siad i macnas in éadan Chríost,
12
agus is dubh ar a n-anamacha é a gcéad mhóid a shárú.
13
Agus lena chois sin, bíonn siad ag foghlaim falsachta, agus iad ag bothántaíocht, agus iad ní hamháin ina bhfalsóirí ach ina nglagairí cúlchainteacha, ag rá nithe nár choir dóibh a rá.
14
Dá bhrí sin de, dʼiarrfainn ar na baintreacha óga bheith ag pósadh agus ag iompar clainne agus ag rialú a dteaghlach, gan aon fhaill fhonóide a thabhairt don áibhirseoir.
15
Mar tá cuid acu ann a chuaigh ar seachrán i ndiaidh Shátain.
16
Má tá aon bhean ann a bhfuil creideamh aici agus baintreacha ar a daoine muinteartha, cuidíodh sise leo; ná bídís ina n-ualach ar an eaglais, ionas go gcuidí an eaglais leis na fíorbhaintreacha.
17
Bíodh sé á mheas gur fiú an dá oiread onóra iad na cruifreacha úd a bhíos ina ndea-rialtóirí, go háirithe an méid a chuireas saothar orthu féin ag seanmóireacht agus ag teagasc;
18
mar a deir an scrioptúr, “Ná cuir féastrach leis an damh a mbíonn a chosa ag bualadh an arbhair,” agus, “Is fiú an t-oibrí a thuarastal.”
19
Ná glac le gearán in aghaidh cruifreach ach ar fhianaise beirte nó triúir.
20
Ach an dream a bhíos leanúnach ina bpeaca, tabhair achasán dóibh i láthair an tslua, ionas go mbeidh eagla ar an gcuid eile.
21
Is os comhair Dé agus os comhair Íosa Críost agus os comhair na ndea-aingeal a chuirim ort na rialacha seo a choinneáil gan claonadh le taobh ar bith, ná rud ar bith a dhéanamh atá éagothrom.
22
Ná leag lámh i dtobainne ar aon duine, agus ná bíodh páirt agat i bpeaca na comharsan; coinnigh glan thú féin.
23
Ná bí gan aon ní a ól ach an t-uisce feasta, ach bíodh braon den fhíon agat mar mhaithe le do ghoile agus na heasláintí a bhíos ort chomh minic sin.
24
Tá siad ann a mbíonn a gcuid peacaí soiléir sofheicthe, ag tarraingt ar an mbreithiúnas, agus daoine eile ann nach nochtar a bpeacaí go dtí lá is faide anonn.
25
Is soiléir sofheicthe iad na dea-ghníomhartha freisin; agus mura mbíonn, ní fhéadfar a gcoinneáil ceilte i gcónaí.
← Chapter 4
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 6 →
All chapters:
1
2
3
4
5
6