bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
/
1 Timothy 3
1 Timothy 3
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
← Chapter 2
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 4 →
1
Is cinnte an ráiteas é: an té a thnúthas le bheith ina easpag bíonn saint chun dea-oibre air.
2
Caithfidh anois an t-easpag bheith gan locht, gan ach aon chéile mná amháin a bheith aige, bheith stuama, céillí, maorga, flaithiúil, go maith ag teagasc,
3
gan bheith ina phótaire ná tugtha don láimh láidir, ach cneasta, gan bheith achrannach, ná dúil a bheith aige san airgead.
4
Caithfidh sé a theaghlach féin a ordú go maith, agus urraim a bheith ag a chlann óg dó agus smacht a bheith aige orthu.
5
Mar mura bhféadann duine bheith mar cheann urra ina theach féin, conas a bheadh cúram eaglaise air?
6
Is fearr dó gan bheith ina nuachreidmheach, ar eagla go líonfaí le huabhar é agus go dtabharfaí an breithiúnas air a tugadh ar an diabhal.
7
Agus caithfidh sé meas na n-eachtrannach a thuilleamh ar eagla go dtitfeadh sé faoi achasán agus go gcuirfeadh an diabhal dol roimhe.
8
Caithfidh na déagánaigh mar an gcéanna bheith staidéartha, gan bheith béadánach ná tugtha don fhíon, ná dúil a bheith acu san airgead;
9
ach rúndiamhair an chreidimh a bheith acu le coinsias glan.
10
Agus déantar a scrúdú an chéad uair; agus má fhaightear gan locht iad bíodh siad ina ndéagánaigh.
11
Caithfidh na mná mar an gcéanna bheith staidéartha, gan bheith béadánach, ach stuama agus iontaofa san uile ní.
12
Ná bíodh ag na déagánaigh ach aon bhanchéile amháin, agus bíodh eagar maith acu ar a gclann agus ar a dteaghlaigh;
13
mar an méid a chruthaíos go maith mar dhéagánaigh gnóthaíonn siad céim mhaith sa saol agus muinín mhór as creideamh in Íosa Críost.
14
Tá mar dhóchas agam teacht chugaibh gan mhoill, ach táim ag scríobh chugat á fhógairt sin ort ionas
15
go mbeidh fhios agat, má bhíonn moill orm, cad é mar is cóir do dhuine é féin a iompar i dteaghlach Dé, ós í eaglais an Dé bhí í, bábhún agus crann taca na fírinne.
16
Agus caithfear a admháil gur mór í rúndiamhair ár gcrábhaidh: nochtadh i gcolainn é, fíoraíodh sa Spiorad é, chonaic na haingil é, fógraíodh i mease na gciníocha é, creideadh ann ar fud na cruinne, ardaíodh i nglóir é.
← Chapter 2
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 4 →
All chapters:
1
2
3
4
5
6