bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
/
1 Timothy 6
1 Timothy 6
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
← Chapter 5
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
1
Bíodh a bhfuil faoi chuing na daoirse ag meas gur fiú a máistrí a n-onórú, ionas nach gcuirfí míchlú ar ainm Dé ná ar ár dteagasc.
2
Ná bíodh an méid acu a mbíonn creidmhigh ina máistrí orthu easurramach dóibh as siocair iad a bheith mar bhráithre acu; go mba mhóide a dhéan-faidís a bhfreastal ós do chreidmhigh is ansa leo a théas sé ar sochar. Bíodh na dualgais seo á dteagasc agus á moladh go dian agat.
3
Má bhíonn athrach teagaisc ag aon duine, nach gcuireann le briathra folláine ár dTiarna Íosa Críost agus leis an dea-theagasc diaganta,
4
tá sé séidte le huabhar, gan fios aon ní aige; bíonn dúil chráite aige i ndíospóireacht agus i mbriatharchathanna, nach mbíonn de thoradh orthu ach éad agus achrann agus ithiomrá agus drochamhras,
5
agus imreasán an dreama a bhfuil a n-intinn truaillithe agus an fhírinne ceilte orthu, ag meas nach bhfuil sa chráifeacht ach deis le hairgead a ghnóthú.
6
Agus ar ndóigh bíonn mórán le gnóthú leis an gcráifeacht ach bheith sóch sásta;
7
mar níor thugamar aon ní isteach ar an domhan seo linn, agus ní féidir linn aon ní a bhreith linn as;
8
ach go mba leor linn é bia agus éadaí a bheith againn.
9
Ach an dream atá ag dréim le bheith saibhir, tagann na cathuithe orthu agus téann siad i ndol, agus tagann mórán ainmhianta amaideacha aimhleasta orthu a tharraingíos daoine síos chun a gcreachta agus a gcaillte.
10
Mar is í saint an airgid fréamh gach oilc; agus is í an dúil a bhí acu ann a thug ar mhórán dul ar seachrán ón gcreideamh agus isiomaí arraing a chuaigh trína gcroíthe.
11
Ach fan tusa amach as seo uile, a dhuine is le Dia; bíodh tóir agat ar an bhfíréantacht, ar an diagantacht, ar an gcreideamh, ar an ngrá, ar an tseasmhacht, ar an gcneastacht.
12
Cuir dea-chath an chreidimh; faigh seilbh ar an mbeatha shíoraí a bhfuair tú cuireadh chuici nuair a dʼadmhaigh tú an dea-admháil os comhair mórán finnéithe.
13
Is os comhair Dé a bhronnas beatha ar a bhfuil ann, agus os comhair Íosa Críost a rinne an dea-admháil san fhianaise a thug sé os coinne Phointias Píoláid,
14
a iarraim ort an aithne a choinneáil gan sárú gan smál go dtí nochtadh ár dTiama Íosa Críost;
15
a bheas á thaispeáint in am agus in uair ag an aon Ardfhlaith beannaithe, Ardrí na ríthe agus Ardtiarna na dtiarnaí,
16
is é amháin a mhaireas go buan gan bhás sa solas doshroichte, nach bhfaca aon duine riamh é agus nach bhféadann aon duine a fheiceáil. Go raibh onóir agus tiarnas síoraí aige. Áiméan.
17
Maidir le lucht saibhris an tsaoil seo, mol dóibh gan bheith uaibhreach, ná a ndóchas a chrochadh as saibhreas neamh-iontaofa ach as Dia a bhíos ag soláthar dúinn na nithe uile a mbainimid só astu.
18
Tá orthu an mhaith a dhéanamh, agus bheith saibhir i ndea-oibreacha, agus féile agus flaithiúlacht a chleachtadh,
19
mar is amhlaidh a chuirfeas siad i dtaisce an ní a bheidh mar bhun maith leo san am a thiocfas, agus is mar sin a ghlacfaidh siad seilbh ar an mbeatha shíoraí.
20
A Thimótéus, bí ag coimeád ar taobhaíodh leat. Fan amach ó bhaothchaint bhéalscaoilte agus ó chodarsnacht na heagnaíochta bréagaí,
21
mar tá siad ann a chuaigh ina cionn agus a scaoil an creideamh tharstu. Go raibh an grásta agaibh agus libh.
← Chapter 5
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
All chapters:
1
2
3
4
5
6