bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
/
Acts 1
Acts 1
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 23
Chapter 24
Chapter 25
Chapter 26
Chapter 27
Chapter 28
Chapter 2 →
1
Rinne mé trácht i mo chéad leabhar, a Theophilas, ar chéad ghníomhartha Íosa agus ar a theagasc tosaigh,
2
go dtí an lá ar iompraíodh in airde go neamh é, i ndiaidh é aithne a thabhairt tríd an Spiorad Naomh do na haspail a bhí tofa aige.
3
Is iomaí cruthúnas atá leis gur fhoilsigh sé é féin dóibh agus é beo i ndiaidh a pháise, agus go mbíodh sé á thaispeáint féin dóibh i rith daichead lá, agus go labhraíodh sé leo i dtaobh ríocht Dé.
4
Agus nuair a bhí sé ina gcuideachta, dʼordaigh sé go dian dóibh gan imeacht as Iarúsailéim, ach bheith ag fanacht ansin le fíorú ghealltanas an Athar, “an gealltanas sin,” ar seisean, “ar chuala sibh mé ag caint air, mar
5
bhíodh Eoin ag baisteadh daoine le huisce, ach ní rachaidh mórán laethanta thart go dtí go mbeidh sibhse do bhur mbaisteadh leis an Spiorad Naomh.”
6
Mar sin de, nuair a bhí siad i gceann a chéile, dʼfhiafraigh siad de, “A Thiarna, an anois a thabharfaidh tú arís dʼlosrael an ríocht a bhíodh aici?”
7
Ar seisean leo, “Ní dual daoibhse fios a fháil ar na haimsirí ná ar na trátha atá socraithe ag an Athair agus a bhfuil sé féin mar údar leo.
8
Ach ní fhágann sin nach mbeidh cumhacht á tabhairt daoibh nuair a thiocfas an Spiorad Naomh oraibh; agus nach mbeidh sibh in bhur bhfinnéithe agamsa in Iarúsailéim agus ar fud Iúdaea agus i Samária agus go leithimeall an domhain.”
9
Agus ní luaithe a bhí sin ráite aige ná tógadh den talamh é, agus iad ag amharc air, agus dʼardaigh néal leis é as a n‑amharc.
10
Agus nuair a bhí a súile go fóill ag stánadh in airde sa spéir an bealach a dʼimigh sé, bʼshiúd beirt fhear faoi éadaí gealbhána ina seasamh lena dtaobh,
11
a dúirt leo, “A fheara as Galailí, cad chuige daoibh fanacht in bhur seasamh ag amharc mar sin in airde sa spéir? Tiocfaidh an tÍosa seo chugaibh ó neamh, a tugadh uaibh go neamh, ar an nós céanna ar imigh sé.”
12
Ba ansin a dʼfhill siad ar Iarúsailéim ón sliabh dá ngairtear Olibhet, atá cóngarach do Iarúsailéim, faoi shiúlóid sabóide uaidh;
13
agus nuair a shroich siad í, chuaigh siad suas go dtí an seomra a bhí in uachtar an tí, a mbídís ag fanacht ann, mar atá Peadar agus Eoin agus Séamas agus Aindrias, Pilib agus Tomás, Parthalón agus Matha, Séamas mac Alfaeus agus Síomón an díograiseoir agus Iúdás mac Shéamais.
14
Bhi siad seo uile le chéile gan aird acu ar aon ní ach ar an urnaí, iadsan agus an bhantracht agus Muire máthair Íosa agus a dheartháireacha leo.
15
Ba sna laethanta úd a dʼéirigh Peadar ina sheasamh i measc na mbráithre (bhí siad timpeall céad agus fiche duine ann le chéile), agus is é a dúirt sé,
16
“A bhráithre, bʼéigean an scríbhinn diaga a fhíorú, a labhair an Spiorad Naomh roimh ré trí bhéal Dháibhí, sa mhéid a bhaineas le hlúdás a bhí mar threoraí ag an dream a ghabh Íosa.
17
Mar bhí sé á chomhaireamh mar dhuine againn, agus bhí sé páirteach sa mhinistreacht seo againne.
18
(Anois cheannaigh an duine sin páirc lena chuid airgid lochtaigh; agus thit sé i mullach a chinn, gur phléasc sé ó chéile ina lár agus gur sciurd a inní as.
19
Agus bhí a fhios ag lucht áitrithe Iarúsailéim uile, ionas gur tugadh ina dteangasan Aceldama, is é sin Páirc na Fola, ar an bpáirc sin.)
20
Mar tá sé scríofa i leabhar na Salm, ‘Bíodh a áitreabh ina fhásach, ná bíodh cónaí ar dhuine ann;’ agus ‘Glacadh fear eile a oifig.’
21
Caithfidh mar sin fear a bhíodh inár gcuideachta i rith an ama ar fad a mbíodh an Tiarna Íosa ag teacht agus ag imeacht eadrainn,
22
ag tosú ón lá ar bhaist Eoin é go dtí an lá ar ardaíodh uainn go neamh é—caithfidh fear acusan a bheith ina fhinné ar a aiséirí maraon linne.”
23
Agus chuir siad dís chun tosaigh, Iósaf a ngairtí Barsabas de, a raibh Iustus,.i. ceart, mar shloinne aige, agus Maitias.
24
Agus rinne siad urnaí agus dúirt siad, “A Thiarna, ar léir duit croíthe na ndaoine, nocht dúinn cé acu den dís seo a thogh tú
25
leis an ionad sa mhinistreacht agus san aspaltacht seo a ghlacadh ar chlaon Iúdás uaidh, le dul go dtí an áit ba dhual dó.”
26
Agus chaith siad crainn orthu, agus is ar Mhaitias a thit an crann; agus ainmníodh é mar aspal leis an aon aspal déag.
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 23
Chapter 24
Chapter 25
Chapter 26
Chapter 27
Chapter 28
Chapter 2 →
All chapters:
1
2
3
4
5
6
7
8
9
10
11
12
13
14
15
16
17
18
19
20
21
22
23
24
25
26
27
28