bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
/
Acts 18
Acts 18
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
← Chapter 17
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 23
Chapter 24
Chapter 25
Chapter 26
Chapter 27
Chapter 28
Chapter 19 →
1
Ina dhiaidh sin dʼfhág sé an Ataen, agus chuaigh sé go Coraint.
2
Bhuail sé ansin le Giúdach darbh ainm Acuila, as Pontus, a tháinig le gairid aniar ón Iodáil é féin agus a bhanchéile Priscila, ó bhi Claudius tar éis a ordú do na Giúdaigh uile an Róimh a fhágáil. Agus thug sé cuairt ar an lánúin seo;
3
agus ó ba ionann ceird dó, dʼfhan sé ina dteachsan, agus chuaigh siad i gcomhar le chéile san obair, mar bhí siad araon ina lucht déanta puball de réir ceirde.
4
Agus bhíodh sé ag díospóireacht sa tsionagóg gach sabóid, agus a chaint ag fáil greama ar Ghiúdaigh agus ar Ghréagaigh.
5
Nuair a tháinig Sailas agus Timótéus aduaidh as an Macadóin, bhí Pól ag caitheamh iomlán a ama ag seanmóireacht, agus ag dearbhú do na Giúdaigh gurbh é an Críost Íosa.
6
Agus nuair a thosaigh siad ar chur ina éadan agus ar thabhairt masla cainte dó, chaith sé an deannach as a chuid éadaí, agus dúirt sé leo, “Bíodh éiric bhur n‑anamacha oraibh féin! Tá mise saor uirthi. As seo amach rachaidh mé chuig na Gintlithe.”
7
Agus dʼfhág sé an tsionagóg agus chuaigh sé go teach fir darbh ainm Titius Iustus, a bhí ar lucht adhartha Dé a raibh a theachsan i mbéal dhoras na sionagóige.
8
Chreid Criospas, rialtóir na sionagóige, sa Tiarna, é féin agus a theaghlach uile; agus chreid mórán de na Coraintigh a dʼéist le Pól agus baisteadh iad.
9
Agus dúirt an Tiarna le Pól oíche amháin in aisling, “Ná bíodh eagla ort, agus labhair agus ná fan i do thost;
10
mar tá mise ag taobhú leat, agus ní dhéanfaidh aon duine ionsaí ort le dochar a dhéanamh duit; mar tá mórán daoine agamsa sa chathair seo.”
11
Agus dʼfhan sé ann i rith bliana agus sé mhí, ag teagasc bhriathar Dé dóibh.
12
Ach nuair a bhí Gallio ina phrochonsal in Acáia, thug na Giúdaigh uile le chéile ionsaí ar Phól, agus thug siad os comhair bhinse an bhreithimh é,
13
agus dúirt siad, “Tá an fear seo ag tabhairt ar dhaoine Dia a adhradh ar mhodh atá crosta ag an dlí.”
14
Ach nuair a bhí Pól ar tí a bhéal a oscailt, dúirt Gallio leis na Giúdaigh, “Dá mba cheist choirpeachta nó choire gráiniúla í, a Ghiúdacha úd, bheadh cúis mhaith agam le bheith ag éisteacht go foighneach libh;
15
ach ós ceist bhriathra agus ainmneacha agus ó bhaineann sé leis an dlí is agaibhse, féachaigí chuici sibh féin; mar níl toil agam a bheith i mo bhreitheamh ar na gnóthaí seo.”
16
Agus chuir sé an ruaig orthu ó bhinse an bhreithimh.
17
Agus rug a raibh i láthair ar Shostenés, rialtóir na sionagóige, gur tugadh greasáil mhaith dó os comhair bhinse an bhreithimh. Ach rinne Gallio neamh-iontas de sin uile.
18
Ach dʼfhan Pól tamall fada de laethanta ina dhiaidh sin, agus ansin dʼfhág sé slán ag na bráithre, agus dʼimigh sé ar bhord loinge go dtí an tSír, agus Priscila agus Acuila leis. Bhearr sé gruaig a chinn i gCeanncriae ó bhí móid air.
19
Tháinig siad ansin go dtí an Eiféis, agus scar sé leo ansin; ach chuaigh sé féin isteach sa tsionagóg, go raibh díospóireacht aige leis na Giúdaigh.
20
Nuair a thug siad cuireadh dó tuilleadh ama a chaitheamh leo, níor ghlac sé leis;
21
ach nuair a dʼfhág sé slán acu, dúirt sé, “Fillfidh mé chugaibh athuair más toil le Dia sin,” agus dʼfhág sé an Eiféis ansin ar bhord loinge.
22
Nuair a tháinig sé i dtír ag Caesaríá, chuaigh sé suas gur bheannaigh don eaglais a bhí ansin, agus chuaigh sé síos go hAntíoc ina dhiaidh sin.
23
Nuair a bhí tamall caite aige ansin dʼimigh sé as gur thug sé bualadh éadain ar limistéar Ghalátia agus Phrigia, ag tabhairt misneach croí do na deisceabail.
24
Tháinig Giúdach a raibh Apollós mar ainm air, arbh é Alecsandria á áit dhúchais, go dtí an Eiféis. Ba dheis-béalach an fear é a raibh eolas cumasach aige ar na scrioptúir.
25
Bhi sé i ndiaidh fios a fháil ar shlí an Tiarna; agus ó bhí sprid dhíograiseach ann, labhair sé agus mhúin sé go cruinn beacht i dtaobh Íosa, cé nárbh fheasach dó ach baiste Eoin amháin.
26
Thosaigh seisean ar labhairt go dána móruchtúil sa tsionagóg; ach nuair a chuala Priscila agus Acuila é, ghlac siad é agus mhínigh siad slí an Tiarna dó níos cruinne ná mar a bhí sí aige.
27
Ansin nuair a thug sé ina cheann dul anonn go dtí Acáia, mhol na bráithre leis sin, agus scríobh siad litreacha chuig na bráithre ansin le fáiltiú roimhe. Nuair a tháinig sé ansin, bhí sé ina chuidiú mór ag an dream a chreid le grásta Dé,
28
mar bhréagnaigh sé na Giúdaigh go binn os comhair an tsaoil, ag cruthú ó na scrioptúir gurbh é an Críost Íosa.
← Chapter 17
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 23
Chapter 24
Chapter 25
Chapter 26
Chapter 27
Chapter 28
Chapter 19 →
All chapters:
1
2
3
4
5
6
7
8
9
10
11
12
13
14
15
16
17
18
19
20
21
22
23
24
25
26
27
28