bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
/
Acts 22
Acts 22
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
← Chapter 21
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 23
Chapter 24
Chapter 25
Chapter 26
Chapter 27
Chapter 28
Chapter 23 →
1
“A bhráithre agus a aithreacha, éistigí leis na briathra seo uaim do mo chosaint féin.”
2
Agus nuair a chuala siad é ag caint leo sa teanga Eabhrach, is móide a dʼfhan siad ina dtost. Agus dúirt sé:
3
“Is Giúdach mé, a tháinig ar an saol i dTarsus i gCilicia, ach a oileadh sa chathair seo ag cosa Ghamáliel, ar tugadh oideachas dó go cruinn beacht i ndlí ár sinsear, agus an dúthracht chéanna ar son Dé agus atá ionaibh uile an lá seo.
4
Chuir mé géarleanúint ar an tSlí seo go bás, agus mé ag ceangal fear agus ban agus á gcaitheamh i bpríosún,
5
agus fágaim a fhianaise sin ar an ardsagart agus ar chomhairle uile na seanóirí. Fuair mé litreacha chuig na bráithre uathusan, agus rinne mé aistear go dtí an Damaisc leis an dream a bhí ansin a ghabháil freisin, agus iad a thabhairt i ngeimhle go hIarúsailéim go gcuirtí pionós orthu.
6
“Nuair a bhí mé ar mʼaistear agus mé ag teacht cóngarach don Damaisc, i dtrátha lár an lae lonraigh mórsholas ó neamh go tobann i mo thimpeall.
7
Agus thit mé go talamh, agus chuala mé an glór ag rá liom, ‘A Sháúl, a Sháúl, cad chuige a mbíonn tú do mo ghéarleanúint?’
8
Agus dʼfhreagair mé, ‘Cé tú féin, a Thiarna?’ Agus dúirt sé liom, ‘Is mise Íosa as Nasair a mbíonn tú á ghéarleanúint’.
9
Anois an dream a bhí i mo chuideachta chonaic siad an solas, ach níor chuala siad glór an té sin a bhí ag labhairt liom.
10
Agus dʼfhiafraigh mé, ‘Cad é a dhéanfas mé, a Thiarna?’ Agus dúirt an Tiarna liom, ‘Éirigh, agus gabh isteach go dtí an Damaisc, agus inseofar ansin duit cad é atá i ndán duit a dhéanamh.’
11
Agus nuair nach raibh aon amharc agam de bharr mórghile an tsolais úd, ghlac an dream a bhí liom ar ghreim láimhe mé gur thángamar isteach go dtí an Damaisc.
12
“Agus bhí duine darbh ainm Ananias, a bhí ina fhear cráifeach de réir an dlí, a raibh dea-iomrá air ag na Giúdaigh uile a bhí ina gcónaí ann,
13
a tháinig chugam, agus a sheas le mo thaobh agus a dúirt liom, ‘A bhráthair Sáúl, bíodh amharc do shúl agat.’ Agus san am sin fuair mé mʼamharc agus chonaic mo shúile é.
14
Agus dúirt sé, ‘Dʼordaigh Dia ár sinsear duitse fios a thola a fháil, agus Fíréan na bhfíréan a fheiceáil agus fuaim bhriathra a bhéil a cluinstin;
15
mar beidh tú mar fhinné aige os comhair daoine ar a bhfaca agus arar chuala tú.
16
Agus anois cad é an mhoill sin ort? Éirigh agus glac baiste, agus nigh díot do pheacaí, ag glaoch ar a ainmsean.’
17
“Nuair a bhí mé ag urnaí sa teampall tar éis filleadh ar Iarúsailéim, thit támhnéal orm
18
ina bhfaca mé é ag rá liom, ‘Déan deifir agus éalaigh leat as Iarúsailéim, mar ní ghlacfaidh siad le dʼfhianaise i mo thaobh.’
19
Agus dúirt mé, ‘A Thiarna, tá a fhios acu féin go mbínn ag bualadh an dreama a chreid ionat i ngach sionagóg agus á gcur i bpríosún.
20
Agus nuair a bhíothas ag doirteadh fhuil Stiofáin, dʼfhinné, bhí mise i mo sheasamh ag amharc air, agus mé ag aontú leis, agus ag coimeád éadaí lucht a mharaithe.’
21
Agus ar seisean liom, ‘Imigh; mar tá fúm tú a chur i bhfad as seo chuig na Gintlithe.’”
22
Dʼéist siad leis chomh fada leis an bhfocal sin; ach ansin dʼardaigh siad a nglórtha agus dúirt siad, “Ba chóir a leithéid de dhuine a scriosadh de dhroim an talaimh! Mar ní ceart a fhágáil in a bheatha.”
23
Agus nuair a chuaigh siad ag béiceadh agus ag cur a gcuid éadaí ag foluain ar ghaoth agus ag caitheamh deannaigh suas san aer,
24
dʼordaigh an treabhann a thabhairt isteach chun na beairice, agus eolas a bhaint as leis an sciúirse, de gheall ar a fháil amach cad é a thug orthu gáir mar sin a thógáil ina éadan.
25
Ach nuair a bhíothas ag teannadh na dtéad air, dʼfhiafraigh Pól den cheantúira a bhí ina sheasamh dá chomhair, “An bhfuil sé dleathach agaibh fear atá ina shaoránach Rómhánach a sciúrsáil, agus gan coir ina éadan?”
26
Nuair a chuala an ceantúir sin, chuaigh sé chuig an treabhann agus dúirt sé leis, “Cad é sin a bhfuil tú lena dhéanamh? Mar tá an fear seo ina shaoránach Rómhánach.”
27
Tháinig an treabhann chuige mar sin agus dúirt sé leis, “Ceist agam ort; an saoránach Rómhánach tú?” Agus dʼfhreagair sé, “Is ea.”
28
Dʼfhreagair an treabhann, “Is ar shuim mhór airgid a cheannaigh mise an tsaoránacht seo.” Arsa Pól, “Is amhlaidh atá mise i mo shaoránach ó bhroinn.”
29
Dá bhrí sin dʼimigh siad ar gcúl ar áit na mbonn, na fir a bhí ar tí a chéasta le heolas a bhaint as; agus bhí a shá eagla ar an treabhann, nuair a thuig sé gur shaoránach Rómhánach é agus go raibh sé ceangailte aige.
30
Ach lá arna mhárach, ó bhí fonn air fios na fírinne a fháil, cad chuige a raibh na Giúdaigh á chúiseamh, scaoil sé é, agus dʼordaigh sé do na hardsagairt agus don chomhairle uile teacht le chéile, agus thug sé Pól anuas leis gur chuir ina sheasamh os a gcomhair é.
← Chapter 21
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 23
Chapter 24
Chapter 25
Chapter 26
Chapter 27
Chapter 28
Chapter 23 →
All chapters:
1
2
3
4
5
6
7
8
9
10
11
12
13
14
15
16
17
18
19
20
21
22
23
24
25
26
27
28