bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
/
Acts 17
Acts 17
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
← Chapter 16
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 23
Chapter 24
Chapter 25
Chapter 26
Chapter 27
Chapter 28
Chapter 18 →
1
Anois nuair a bhi Amfipolis agus Apollónia curtha tharstu acu, shroich siad Tesaloníca, áit a raibh sionagóg ag na Giúdaigh.
2
Agus chuaigh Pól isteach ansin, mar ba ghnách leis, agus chaith sé trí sheachtain ag plé leo as na scrioptúir,
3
á míniú agus ag cruthú as go raibh sé riachtanach don Chríost an pháis a fhulaingt agus aiséirí ó mhairbh agus ag rá, “Is é an Críost é, an tÍosa seo a bhfuilim á fhógairt daoibh.”
4
Ghéill cuid acu dá theagasc agus thaobhaigh siad le Pól agus Sailas, iadsan agus mórán dʼfhir chráifeacha na nGréagach agus cuid mhaith de na mná uaisle ab airde céim.
5
Ach chuir sin formad ar na Giúdaigh, agus fuair siad cuid de dhíogha agus de dhríodar na ndaoine agus thóg siad raic agus chruinnigh daoscarshlua na cathrach agus thug siad ionsaí ar theach Iasóin, agus é ar intinn acu iad a tharraingt amach agus a chaitheamh chuig an daoscarshlua.
6
Ach nuair nach bhfuair siad ansin iad, stróic siad Iasón agus bráithre áirithe eile os comhair cheannurraí na cathrach, agus iad ag scairteadh amach, “An dream seo a bhfuil an saol curtha bun os cionn acu tá siad i ndiaidh teacht anseo freisin,
7
agus Iasón tar éis fáilte a chur rompu chun a thí; agus bíonn gnásanna acu seo uile atá crosta ag reachtanna Chaesair, mar deir siad go bhfuil rí eile ann a bhfuil Íosa mar ainm air.”
8
Nuair a chuala an slua agus ceannurraí na cathrach sin, bhí imní orthu.
9
Agus ghlac siad bannai ó Iasón agus ón gcuid eile agus lig siad a gcinn leo ansin.
10
Mar sin de, chuir na bráithre Pól agus Sailas ar shiúl gan mhoill an oíche sin go Beraía; agus ní luaithe a shroich siad an áit ná chuaigh siad go sionagóg na nGiúdach.
11
Bʼuaisle an dream iad siúd ná lucht Tesaloníca, mar ghlac siad leis an mbriathar agus chuir siad spéis mhór ann, agus chaith siad an lá ag scrúdú na scrioptúr le feiceáil an raibh sin uile amhlaidh.
12
Bhi mórán acusan a tháinig chun creidimh, iadsan agus cuid mhaith de na mná agus de na fir chéimiúla i measc na nGréagach.
13
Ach nuair a fuair Giúdaigh Thesaloníca fios an scéil go raibh Pól ag foilsiú bhriathar Dé i mBeraía, tháinig siad ansin freisin, agus iad ag tógáil raice agus ag séideadh faoin daoscarshlua.
14
Ba ansin a chuir na bráithre Pól amach ar shiúl chun na farraige, ach dʼfhan Sailas agus Timótéus ansin.
15
An dream a bhí ag comóradh Phóil thug siad leo é go dtí an Ataen; agus dʼfhill siad ansin le hordú do Shailas agus Thimótéus teacht chuige chomh tiubh géar agus dʼfhéadfaidís.
16
Bhí Pól ag feitheamh leo ansin san Ataen, agus é ag goilliúint ar a anam an chathair a fheiceáil agus í lán dʼíola.
17
Ach bhíodh sé ag díospóireacht sa tsionagóg leis na Giúdaigh agus leis na daoine cráifeacha, agus i sráid an mhargaidh gach lá leis na daoine a chastaí dó.
18
Bhuail fealsúnaigh dʼaicmí na nEpicúréach agus na Stóiceach leis, agus cuid acu á rá, “Cad é a bheadh le rá ag béalastán breacléannta mar é seo?” Agus cuid eile, “Tá an chuma air go bhfuil déithe coimhthíocha á léiriú aige”—mar dʼfhógair sé Íosa agus an t‑aiséirí.
19
Ghlac siad ansin é gur thug leo go Cnoc Chúirt Arés é, agus gur labhair mar seo leis, “An féidir fios a thabhairt dúinn ar an nuatheagasc sin a mbíonn tú á fhoilsiú?
20
Mar cluinimid rudaí neamhchoitianta á rá agat, agus ba mhaith linn, más toil leat é, a fhios a fháil cad é is ciall leo.”
21
Mar ní bhíonn aon am ag muintir na hAtaena ná ag na strainséirí a bhíos ag fanacht acu nach gcaitheann siad ag insint nó ag éisteacht le gach scéal is nua ná a chéile.
22
Mar sin sheas Pól amach i gceartlár Chnoc Chúirt Arés gur labhair mar seo a leanas: “A fheara na hAtaena, feicim go bhfuil gach uile chomhartha oraibh a bheith cráifeach in bhur gcleachtadh.
23
Mar nuair a bhí mé ag siúl thart, ag breathnú na scrínte adhartha atá agaibh, tháinig mé ar altóir a raibh an inscríbhinn seo uirthi, ‘Don Dia anaithnid.’ An Dia sin a dtugann sibh ómós dó gan aithne, is é atá agam á chur in aithne daoibh.
24
An Dia a chruthaigh an chruinne agus a bhfuil inti, tá sé ina Ardtiarna neimhe agus talaimh, agus ní bhíonn sé ag baint faoi i dteampaill láimhdhéanta,
25
ná ní bhíonn lámha daoine ag freastal air mar a bheadh easpa aon ní air, ós é a bhronn beatha agus anáil agus gach uile ní ar gach créatúr beo.
26
Agus chruthaigh sé dʼaon mhianach amháin na ciníocha daonna uile le bheith beo ar aghaidh an talaimh uile, agus is é a shocraigh roimh ré na tréimhsí a bhí i ndán dóibh agus na críocha a ndéanfaidís cónaí iontu,
27
ionas go mbeadh iarraidh acu ar Dhia, agus mar dhúil is go mothóidís é agus go lorgóidís é agus go bhfaighidís é. Mar ní bhíonn sé i bhfad ó aon duine againn,
28
mar ‘Is ann a mbíonn cumas againn maireachtáil agus gluaiseacht agus bheith ann;’ mar atá ráite ag cuid de bhur bhfilí féin, ‘Mar is fíor gur sinne a shliochtsan.’
29
Ós de shliocht Dé sinne mar sin, ní ceart dúinn an nádúr diaga a shamhlú le hór ná le hairgead ná le cloch, ná le híomhá, a cumadh le healaín nó le hintleacht dhaonna.
30
Nior agair Dia na tréimhsí seo an aineolais orainn, ach go bhfuil sé anois ag foláireamh do na daoine uile san uile áit aithreachas a dhéanamh,
31
ó tá an lá socraithe aige a ndéanfaidh sé ceartbhreithiúnas ar an domhan tríd an bhfear atá ordaithe aige faoina choinne sin, agus tá bannaí tugtha aige air do na daoine uile, á thógáilsean ar an aiséiri ó mhairbh.”
32
Ansin nuair a chuala siad an focal faoin aiséirí ó mhairbh, dʼéirigh cuid acu magúil; ach dúirt cuid eile, “Éistfimid leat faoi sin am éigin eile.”
33
Dʼimigh Pól mar sin amach as a gcomhluadar.
34
Ach bhí siad ann a cheangail iad féin leis agus a ghlac le creideamh, agus bhí Díonéis— duine a bhí ar Chúirt Chnoc Arés—agus bean darbh ainm Damaris agus daoine eile orthu.
← Chapter 16
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 23
Chapter 24
Chapter 25
Chapter 26
Chapter 27
Chapter 28
Chapter 18 →
All chapters:
1
2
3
4
5
6
7
8
9
10
11
12
13
14
15
16
17
18
19
20
21
22
23
24
25
26
27
28