bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
/
Acts 24
Acts 24
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
← Chapter 23
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 23
Chapter 24
Chapter 25
Chapter 26
Chapter 27
Chapter 28
Chapter 25 →
1
Agus nuair a chuaigh cúig lá thart tháinig an t-ardsagart anuas é féin agus seanóirí áirithe agus duine darbh ainm Tertullus le labhairt thar a gceann. Chúisigh siad Pól os comhair an uachtaráin;
2
agus nuair a glaodh air, chuaigh Tertullus á chúiseamh, agus is é a dúirt sé: “Ós tríbh a bhíos só agus síocháin againn, agus ó nach é bhur ndearmad, a Fhelix dhearscnaí, cuimhneamh ar gach cineál athchóirithe a bhíos le leas an chine seo,
3
bimid ag glacadh leis sin uaibh go buíoch beannachtach ar gach aon slí i ngach uile áit.
4
Ach de gheall ar gan bhur gcuid ama a chur amú níos faide, táim ag iarraidh oraibh cineál a dhéanamh orainn trí éisteacht linn.
5
Tá aithne againn ar an duine seo mar dhuine dochrach díobhálach, a bhíos ag cur iaróige ina suí i measc a bhfuil de Ghiúdaigh ar fud na cruinne, agus é ina cheann feadhna ar sheict na Nasarthach.
6
Thug sé iarraidh ar an teampall féin a shárú, ach rugamar air
8
Níl le déanamh agaibh ach an t‑eolas a bhaint as i dtaobh gach uile ní a bhfuilimid á chúiseamh fúthu.”
9
Dʼaontaigh na Giúdaigh leis an gcúiseamh seo freisin, ag dearbhú go raibh sin uile amhlaidh.
10
Agus nuair a rinne an t‑uachtarán comhartha leis le labhairt, dʼfhreagair Pól: “Tá áthas orm a bheith do mo chosaint féin os do chomhairse atá i do bhreitheamh le tamall fada os cionn an chine seo againne.
11
Mar is féidir leat a dheimhniú, níl sé ach dhá lá dhéag ó chuaigh mé suas go hIarúsailéim le bheith ag adhradh Dé;
12
agus ní raibh mé le fail acu ag díospóireacht le haon duine, ná ag spreagadh slua, sa teampall, ná sna sionagóga, ná sa chathair.
13
Ni fhéadann siad ach oiread aon ní a chruthú atá á rá anois acu i mʼéadan.
14
Ach admhaím an méid seo leat, go mbím ag adhradh an Dé a bhí ag ár sinsir romhainn, de réir na Slí a dtugann siad seict uirthi, agus go gcreidim gach ní atá curtha síos sa dlí nó scríofa i leabhair na bhfáithe,
15
agus go bhfuil an dóchas as Dia agam a nglacann siad féin leis, go mbeidh aiséirí fíréan agus neamhfhíréan ann.
16
Mar sin bím ar mo dhicheall coinsias glan a bheith agam os comhair Dé agus daoine.
17
Ansin tar éis tamall de bhlianta tháinig mé le déirc agus ofrálacha a thabhairt chuig mo chine féin.
18
Nuair a bhí mé á dhéanamh sin, tháinig siad orm agus mé íonghlanta sa teampall, gan aon slua ná suaitheadh ann. Ach bhí Giúdaigh as an Aise ann
19
ar chóir dóibh bheith anseo os do choinne agus mé a chúiseamh, má tá rud ar bith acu i mʼéadan.
20
Sin, nó abradh na fir seo iad féin cad é an choir a fuair siad ionam nuair a sheas mé os comhair na comhairle,
21
amach ón aon fhocal seo a ghlaoigh mé amach is mé ina measc, ‘Is i dtaobh aiséirí na marbh atá an chúirt seo á cur orm os bhur gcomhair an lá seo.’”
22
Ach ó bhí eolas measartha beacht ag Felix i dtaobh na Slí, chuir sé ar cairde é, a rá, “Nuair a thiocfas Lisias an treabhann anuas, tabharfaidh mé breithiúnas ar an gcúis seo agaibh.”
23
Dʼordaigh sé ansin don cheantúir a choimeád, ach saoirse éigin a bheith aige, agus gan cead ag aon duine a chairde a chosc ó bheith ag freastal air.
24
Tamall de laethanta ina dhiaidh sin tháinig Felix agus a bhanchéile Drusilla, a bhí ina Banghiúdach; agus chuir sé fios ar Phól agus dʼéist sé leis ag labhairt faoi chreideamh sa Chríost, in Íosa.
25
Agus nuair a bhí sé ag plé faoin gceart agus faoin tsriantacht is cóir a chur ort féin, agus faoin mbreithiúnas atá le bheith ann, tháinig eagla ar Fhelix, agus dúirt sé, “Imigh leat anois; agus cuirfidh mé fios ort arís nuair a bheas faill agam air.”
26
Lena chois sin bhí sé ag dúil le Pól airgead a thabhairt dó. Mar sin chuir sé fios air go minic agus rinne sé comhrá leis.
27
Ach nuair a chuaigh dhá bhliain thart, tháinig Porcius Festus in ionad Fhelix; agus dʼfhág Felix Pól i bpriosún, de gheall ar ghnaoi na nGiúdach a tharraingt air féin.
← Chapter 23
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 23
Chapter 24
Chapter 25
Chapter 26
Chapter 27
Chapter 28
Chapter 25 →
All chapters:
1
2
3
4
5
6
7
8
9
10
11
12
13
14
15
16
17
18
19
20
21
22
23
24
25
26
27
28