bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
/
Acts 10
Acts 10
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
← Chapter 9
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 23
Chapter 24
Chapter 25
Chapter 26
Chapter 27
Chapter 28
Chapter 11 →
1
Bhí fear a raibh Cornélius mar ainm air ina chónaí i gCaesaríá, ceantúir den díorma ar tugadh an Cohórt Iodáileach air,
2
fear cráifeach a raibh urraim aige féin agus ar a theaghlach uile do Dhia, a bhíodh ag déanamh déirce go fial ar na daoine, agus ag guí Dé go síor.
3
Agus chonaic sé go soiléir in aisling, i dtrátha an naoú huair den lá, an t‑aingeal ó Dhia a tháinig isteach chuige agus a dúirt leis, “A Chornélius.”
4
Agus stán sé air agus é ar bharr creatha, agus dúirt sé, “Cad é atá uait, a Thiarna?” Agus dúirt sé leis, “Chuaigh dʼurnaithe agus do dhéirc suas chuig Dia, le tú a chur i gcuimhne dó.
5
Agus anois cuir teachtairí uait go hIoppa, ag cur fios ar Shíomón dar comhainm Peadar,
6
tá sé ar lóistín ag Síomón, an súdaire a bhfuil a theach cois na farraige.”
7
Nuair a dʼimigh an t‑aingeal a labhair leis, ghlaoigh sé ar bheirt dá chuid seirbhíseach agus ar shaighdiúir cráifeach dá lucht leanúna,
8
agus dʼinis sé dóibh tríd síos faoinar tharla, agus chuir sé go hIoppa iad.
9
An lá arna mhárach, nuair a bhí siad i gcionn a mbealaigh agus iad ag teacht i ndeas don chathair, chuaigh Peadar suas go mullach an tí le bheith ag guí, i dtrátha an séu huair.
10
Agus tháinig ocras air, agus bhí fonn air bia a chaitheamh; ach nuair a bhíothas á dhéanamh réidh, thit támhnéal air
11
agus chonaic sé na flaithis ar oscailt, agus mar a bheadh bráillín mhór ag teacht anuas, agus é á ligean anuas go dtí an talamh le cordaí a bhí ceangailte as a ceithre choirnéal.
12
Bhi sí lán den uile chineál dʼainmhithe ceathairchosacha agus de phéisteanna agus d éanlaith an aeir.
13
Agus tháinig glór a dúirt leis, “Éirigh, a Pheadair; maraigh agus ith.”
14
Ach dʼfhreagair Peadar, “Ní dhéanfaidh mé sin a Thiarna, mar níor bhlais mé riamh aon bhia a bhí salach nó neamhghlan.”
15
Agus tháinig an glór an dara huair go ndúirt leis, “Ná tabhair neamhghlan ar an ní ar ghlan Dia é.”
16
Tharla sin faoi thrí, agus ansin tugadh an t‑árthach aníos uaidh sna flaithis gan mhoill.
17
Anois nuair a bhí Peadar idir dhá intinn faoi cad é ba chiall don aisling a bhí feicthe aige, bʼshiúd iad teachtairí Chornélius, i ndiaidh iad tuairisc theach Shíomóin a chur, agus iad ina seasamh os coinne an gheata
18
agus iad ag fiafraí i nglór ard an raibh Síomón ar chomhainm dó Peadar ar lóistín ansin.
19
Agus dúirt an Spiorad le Peadar, nuair a bhí sé ag déanamh machnaimh ar an aisling, “Seo triúr fear do dʼiarraidh.
20
Éirigh agus gabh síos chucu, agus ná bíodh leisce ort faoi dhul leo; mar is mise a chuir chugat iad.”
21
Agus chuaigh Peadar síos chuig na fir agus ar seisean leo, “Is mé an fear a bhfuil sibh á iarraidh; cad é an chúis atá le bhur dteacht?”
22
Agus dʼfhreagair siadsan, “Is é Cornélius, an ceantúir, atá ina fhear cneasta cráifeach, a mbíonn an dea-fhocal dó ag an gcine Giúdach uile, ar ordaigh aingeal naofa dó fios a chur ort chun a thí féin, agus éisteacht lena bhfuil le rá agat.”
23
Mar sin thug sé cuireadh dóibh chun teacht isteach agus chuir fáilte rompu. An lá arna mhárach dʼéirigh sé agus dʼimigh sé leo, agus chuaigh cuid de na bráithre ó Ioppa in éineacht leo.
24
Agus an lá arna mhárach shiúil siad isteach go Caesaríá. Bhí Cornélius ag dréim leo agus a dhaoine muinteartha agus a dhlúthchairde bailithe le chéile aige.
25
Nuair a tháinig Peadar isteach chun tí aige, chuaigh Cornélius ina airicis agus thit sé ag a chosa á adhradh.
26
Ach thóg Peadar é, á rá, Éirigh i do sheasamh; níl ionam ach duine mar tú féin.
27
Agus chuaigh sé ar aghaidh agus é ag caint leis, agus nuair a bhí sé istigh chonaic sé cruinniú mór daoine ann;
28
agus dúirt sé leo, “Tá a dhea-fhios agaibh féin cad é chomh dian agus a chrosann a dhlí ar Ghiúdach cuideachta a choinneáil nó cuairt a thabhairt ar dhuine de chine eile; ach tá Dia tar éis a fhoilsithe dom nach cóir dom salach ná neamhghlan a thabhairt ar aon duine beo.
29
Mar sin nuair a cuireadh fios orm, tháinig mé gan cur ina éadan. Táim ag fiafraí díbh mar sin cad chuige ar chuir sibh fios orm.”
30
Agus dúirt Cornélius, “Ceithre lá ó shin, i dtrátha an ama seo de lá, bhí mé ag coinneáil an naoú huair, uair na hurnaí, i mo theachsa; agus bʼshiúd an fear in éadaí solasta ina sheasamh romham,
31
á rá, ‘A Chornélius, éisteadh le dʼurnaí agus cuimhníodh ar do dhéirc i láthair Dé.
32
Cuir teachtairí uait mar sin go hIoppa ar thuairisc Shíomóin dá ngairtear Peadar; tá sé ar lóistín i dteach Shiomóin an súdaire ar chladach na farraige.’
33
Chuir mé fios ort mar sin gan mhoill, agus is maith an mhaise duit é teacht chugam. Táimid uile go léir i láthair anseo agus Dia ag amharc orainn, le héisteacht lenar ordaigh an Tiarna duit.”
34
Agus dʼoscail Peadar a bhéal agus dúirt sé, “Scéal fíor é go bhfuil sé tuigthe agam nach mbíonn claonadh i gceart Dé,
35
ach go nglacann sé leis an duine a mbíonn urraim aige dó agus a bhíos ag déanamh mar is cóir is cuma cé an cine ar de é.
36
Tá a fhios agaibh an briathar a chuir sé chuig Iosrael, nuair a dʼfhógair sé dea-scéal na síochána trí Íosa Críost (is é Ardtiarna na cruinne é),
37
an briathar a foilsíodh ar fud Iúdaea, ag tosú as Galailí tar éis an bhaiste a bhíodh á sheanmóireacht ag Eoin:
38
inar nochtadh conas a dʼung Dia Íosa as Nasair leis an Spiorad Naomh agus le mór-chumhacht; agus conas a chuaigh sé ó áit go háit ag déanamh gach cineál maitheasa agus ag leigheas na ndaoine a bhí faoi leatrom ag an diabhal, mar bhí Dia leis.
39
Agus is finnéithe sinne ar a ndearna sé i dtír na nGiúdach agus in Iarúsailéim. Chuir siad chun báis é, á chrochadh ar chrann;
40
ach thóg Dia é an tríú lá agus thaispeáin sé go soiléir é,
41
ach níor thaispeáin sé do na daoine uile é ach dúinne a bhí tofa ag Dia mar fhinnéithe, a bhí ag ithe agus ag ól ina chuideachta i ndiaidh é éirí ó mhairbh.
42
Agus dʼordaigh sé dúinn bheith ag seanmóireacht do na daoine, agus ag tabhairt fianaise gurb é sin atá ordaithe ag Dia le bheith ina bhreitheamh ar bheo agus ar mhairbh.
43
Tugann na fáithe uile go léir fianaise air seo, go bhfaighidh gach duine dá gcreideann ann maithiúnas na bpeacaí trína ainmsean.”
44
Ni raibh an focal sin as béal Pheadair, nuair a thit an Spiorad Naomh ar a raibh ag éisteacht leis an mbriathar.
45
Agus bhí dubhiontas ar na creidmhigh de lucht an timpeallghearrtha a tháinig le Peadar, a rá is gur doirteadh tíolacadh an Spioraid Naoimh go fiú ar na Gintlithe.
46
Mar chuala siad iad ag labhairt i dteangacha éagsúla agus ag móradh Dé. Dúirt Peadar leis sin,
47
“An féidir le haon duine cosc a chur ar an uisce a mbaistfear na daoine seo ann, iadsan a bhfuil glactha acu leis an Spiorad Naomh ar an nós ceánna linne?” Agus thug sé ordú chun a mbaiste in ainm Íosa Críost. Ba ansin a thug siad cuireadh dó chun fanacht acu tamall de laethanta.
← Chapter 9
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 23
Chapter 24
Chapter 25
Chapter 26
Chapter 27
Chapter 28
Chapter 11 →
All chapters:
1
2
3
4
5
6
7
8
9
10
11
12
13
14
15
16
17
18
19
20
21
22
23
24
25
26
27
28