bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
/
Ephesians 1
Ephesians 1
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 2 →
1
Pól, atá ina dhuine dʼaspail Íosa Críost le toil Dé, Ag beannú do na naoimh, a chomhchreidmhigh dílse in Íosa Críost:
2
Go raibh an grásta agus an tsíocháin agaibh ó Dhia ár nAthair agus ón Tiarna Íosa Críost.
3
Moladh le Dia, Athair ár dTiama Íosa Críost. Is é a thug gach beannacht spioradálta dúinn dá bhfuil ar neamh in airde, nuair a thug sé Críost dúinn.
4
Mar bhíomar tofa mar rogha aige i gCríost, le bheith naofa gan ainimh os a chomhair, san am sular bunaíodh an domhan.
5
Bhíomar ceaptha aige ina ghrá le bheith inár gclann mhac aige trí Íosa Críost, ba é sin ba thoil agus ba mhian leis,
6
chun glóir na ngrást a roinn sé go fial linn ina Mhac ionúin.
7
Is trí fhuil a Mhic a fuasclaíodh sinn, agus a mhaitear ár míghníomhartha,
8
mar bʼfhial agus bʼfhairsing é lena ghrásta.
9
Is é a nocht dúinn rúndiamhair a thola agus ileagnaíocht a thuisceana, de réir an chuspóra a léirigh sé i gCríost,
10
a bhí lena cur i bhfeidhm in am trátha, lena bhfuil ann ar neamh agus ar talamh a chur le chéile faoina cheannas.
11
Is é atá i ndán agus i ndúchas dúinn i gcuspóir an té a chuireas a chomhairle uile i gcrích,
12
ár mbeatha a chaitheamh chun a ghlóire, ó chuireamar ár ndóchas i gCríost ar dtús.
13
Agus ó chuala sibhse briathar na fírinne, soiscéal bhur slánaithe, agus a chreid sibh i gCríost, cuireadh séala oraibh freisin i gCríost leis an Spiorad Naomh a bhí geallta daoibh,
14
atá mar urra againn ar an oidhreacht go dtí go rachaimid ina seilbh, le moladh a ghlóire a mhéadú.
15
Ar an ábhar sin, ó chuala mé iomrá ar bhur gcreideamh sa Tiama Íosa agus ar bhur ngrá do na naoimh uile,
16
ní bhíonn stad orm ach ag tabhairt buíochais ar bhur son, agus ag cuimhneamh oraibh i mʼumaithe,
17
go dtuga Dia ár dTiarna Íosa Críost, Athair na glóire, sprid a thabharfas eolas air daoibh agus tuiscint agaibh air,
18
agus go ndéana sé soiléir do bhur gcroíthe, le heolas a fháil ar an dóchas sin ar ghlaoigh sé chuige sibh, agus ar shaibhreas a oidhreachta glórmhaire i mease na naomh,
19
agus ar a chumhacht gan chuimse i mease lucht an chreidimh sin ar díobh sinn, de réir oibriú a mhórchumhachta
20
a chuir sé i gcrích i gCríost, nuair a dʼardaigh sé as mease na marbh é, agus nuair a chuir sé ina shui ar a láimh dheas in airdí neimhe é,
21
i bhfad os cionn gach rialach agus údaráis agus cumhachta agus tiamais dá bhfuil ann agus gach ainm dá n-ainmnítear san aois seo nó san aois atá chugainn;
22
tá gach ní curtha faoi chosa Chríost ag Dia. Tá ceann na heaglaise san uile ní déanta aige de.
23
Is í an eaglais a chorp, agus is inti a fhaightear iomláine an té a líonas an ollchruinne.
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 2 →
All chapters:
1
2
3
4
5
6