bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
/
Ephesians 5
Ephesians 5
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
← Chapter 4
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 6 →
1
Déanaigí aithris mar sin ar Dhia, mar a dhéanfadh a chlann a bhfuil grá aige dóibh,
2
agus siúlaigí ar shlí an ghrá, de réir mar a bhí grá ag Críost dúinn, a thug é féin ar ár son mar thairscint chumhra agus mar íobairt do Dhia.
3
Ach maidir leis an striapachas agus an mhíghean-mnaíocht agus an tsaint, ná bídís á lua féin in bhur mease, mar ba dhual do naoimh Dé.
4
Ná bíodh graostacht ná baothchaint ná beadaíocht mhíchóir ann ach oiread; ach altú do Dhia.
5
Mar féadann sibh bheith cinnte de, nach bhfuil aon striapach, ná duine salach, ná duine santach (a mbíonn déithe bréige á n-adhradh aige), a bhfuil sé i ndán dó bheith ina oidhre ar ríocht Dé agus Chríost.
6
Ná cuireadh aon duine dallamullóg oraibh lena chuid briathra bréagacha mar titeann dianfhearg Dé ar chlann na míchomhairle dá bharr sin.
7
Ná bíodh baint ná páirt agaibh leo mar sin.
8
Bhí an t-am ann a raibh sibh in bhur ndor-chacht, atá in bhur solas anois sa Tiarna; siúlaigí mar sin mar a shiúlas clann an tsolais.
9
(Is é toradh an tsolais a bhfuil feabhas agus fíréantacht agus fírinne ann).
10
Bíodh tóir agaibh ar a dtaitníonn leis an Tiarna.
11
Ná bíodh aon bhaint agaibh le hoibreacha neamhthorthúla an dorchadais, ach á dtaispeáint mar atá siad.
12
Mar tá sé náireach oiread agus a lua, a mbíonn á dhéanamh acu os íseal.
13
Ach nuair a thabhartar ní chun solais bíonn sé sofheicthe, agus bíonn a bhfuil sofheicthe ina sholas.
14
Is dá bhrí sin a deirtear, “Múscail, a chodlatóir, agus éirigh ó mhairbh, agus tabharfaidh Críost solas duit.”
15
Féachaigí romhaibh mar sin sula dtugann sibh bhur gcéim, gan amaidí ná díth céille,
16
ag breith ar an bhfaill agus ag baint a bhfuil ann aisti, ós laethanta oilc iad na laethanta seo.
17
Ná bígí amaideach, ach tuisceanach faoi thoil an Tiama.
18
Ná gabhaigí ar meisce i bhfíon, ó nach bhfuil ansin ach drabhlás; ach bígí do bhur líonadh féin leis an Spiorad,
19
agus sailm agus duanta agus dánta diaga á gcanadh agaibh le chéile, ag seinm ceoil don Tiarna le croí maith mór,
20
ag tabhairt buíochais go síor ar son gach aon ní in ainm ár dTiarna Íosa Críost do Dhia an tAthair.
21
Bígí ag umhlú dá chéile as ómós do Chríost.
22
A mhná pósta, géilligí do bhur bhfir chéile mar a dhéanfadh sibh don Tiarna.
23
Mar is é an fear céile ceann a bhanchéile mar atá Críost ina cheann ar an eaglais, atá mar chorp aige, agus é féin mar Shlánaitheoir aici.
24
Mar a ghéilleann an eaglais do Chríost, go mba mar sin a ghéillfeadh na mná pósta dá bhfir i ngach ní.
25
A fheara pósta, bíodh grá agaibh do bhur mná, mar a bhí grá ag Críost don eaglais, a thug é féin ar a son,
26
go naomhódh sé í, á glanadh le huisce agus leis an mbriathar,
27
go dtí go mba eaglais ghlórmhar aige í, nach bhfuil ciothramach ná ruicneach ná lochtach, ach í niamhghlan naofa.
28
Ba cheart do na fir bheith chomh ceanúil ar a mná agus tá siad ar a gcorp féin. Is ionann grá a bheith ag fear dá bhean agus grá a bheith aige dó féin.
29
Ní bhíonn fuath ag fear ar bith ar a fheoil féin, ach é á cothú agus á caomhnú. Is amhlaidh a chothaíonn agus a chaomhnaíonn Críost an eaglais,
30
ós baill dá chorp sinne.
31
“Dá bhrí sin tréigfidh fear a athair agus a mháthair le gabháil chuig a bhean, agus déanfar aon lánúin amháin den bheirt.”
32
Rúndiamhair mhór í seo, agus cuirim Críost agus an eaglais mar mhíniú uirthi;
33
ach cibé scéal é, bíodh an grá ag gach fear agaibh dá bhean a bhíos aige dó féin, agus bíodh urraim ag gach bean dá fear féin.
← Chapter 4
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 6 →
All chapters:
1
2
3
4
5
6