bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
/
Ephesians 6
Ephesians 6
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
← Chapter 5
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
1
A pháistí, déanaigí rud ar bhur dtuismitheoirí ar thoil an Tiarna, mar atá de dhualgas oraibh.
2
“Tabhair onóir do dʼathair agus do do mháthair” (Is í sin an chéad aithne a bhfuil gealltanas léi),
3
“ionas go mbeidh rath ort agus fad saoil agat ar an talamh.”
4
A aithreacha, ná fadaígí fearg in bhur gclann, ach oiligí iad le bheith faoi smacht agus faoi threoir an Tiarna.
5
A dhaora, umhlaígí do bhur máistrí saolta, le critheagla agus le hionracas croí, mar a dhéanfadh sibh do Chríost;
6
gan iarraidh súile agus gnaoi daoine a tharraingt oraibh féin, ach mar dhaoir Chríost ag cur bhur dtoil le toil Dé,
7
ag saothrú go fonnmhar don Tiarna agus ní do dhaoine,
8
agus a dhea-íhios agaibh go gcúiteoidh an Tiarna le duine i maith ar bith a dhéanfas sé, is cuma cé acu saor nó daor é.
9
A mháistri, déanaigí mar an gcéanna leo, gan bheith ag bagairt orthu, ó tá a fhios agaibh go bhfuil máistir agaibhse agus acusan araon ar neamh, a thugas breith gan bheann gan bhá.
10
Faoi chríoch, neartaígí sibh féin sa Tiarna agus i dtréine a chumhachta.
11
Gabhaigí airm agus éide Dé oraibh, chun go mbeidh cumas agaibh le seasamh in éadan camchleas na hainspride.
12
Nílimid ag dul i ngleic le fuil agus feoil, ach le lucht ceannais agus cumhachtaí, le tíoránaigh dhomhanda an dorchadais seo, le drochdheamhain aeir sna háiteanna neamhaí.
13
Glacaigí chugaibh mar sin airm agus éide Dé, ionas go bhféadfaidh sibh seasamh i lá an oilc agus bheith in bhur seasamh nuair a bheas deireadh déanta agaibh.
14
Seasaigí mar sin, agus crios na fírinne faoi bhur gcom, agus lúireach na fíréantachta faoibhur n-ucht,
15
agus soiscéal na síochána mar choisbheart oraibh;
16
agus tharstu seo uile ar ardú sciath chosanta an chreidimh, ina bhféadann sibh saigheada tintreacha uile na hainspride a mhúchadh.
17
Agus glacaigí clogad an tslánaithe, agus bíodh claíomh an Spioraid, is é sin briathar Dé, agaibh.
18
Bígí ag umaí ar feadh an ama sa Spiorad, agus gach impí agus achainí á gcur suas agaibh. Tugaigí aire dó sin go foighneach faichilleach, ag urnaí ar son na naomh uile,
19
agus ar mo shonsa, go mbronnfar saoruchtach agus urlabhra orm, leis an rúndiamhair sin,
20
a bhfuil mé i mʼambasadóir i ngeimhle aici, a fhógairt os ard chomh neamheaglach agus ba chóir dom.
21
Má tá uaibh mo thásc agus mo thuairsc a fháil, gheobhaidh sibh an fios uile ó Thicicus, bráthair dílis agaibh agus ministir dílis ag an Tiarna,
22
atá curtha agam chugaibh dʼaonghnó le hinsint daoibh fúm agus le misneach a chur in bhur gcroíthe.
23
Go raibh síocháin Dé ag na bráithre, agus grá maraon le creideamh, ó Dhia an tAthair agus ón Tiarna Íosa Críost.
24
Go raibh grásta ag a mbíonn grá bithbhuan acu dár dTiama Íosa Críost.
← Chapter 5
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
All chapters:
1
2
3
4
5
6