bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
/
Ephesians 2
Ephesians 2
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
← Chapter 1
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 3 →
1
Bheoigh sé sibh, a bhí marbh ag na peacaí agus ag na míghníomhartha
2
a chleacht sibh nuair a chuaigh sibh le cúrsa an tsaoil seo, agus a lean sibh ardfhlaith chumhachta an aeir, an sprid seo a bhíos ar obair i mic na michomhairle.
3
Bhi an t-am ann a rabhamar féin go léir orthu siúd, ag géilleadh dʼainmhianta na colainne, agus ag déanamh gach uile ní a thoiligh ár gcorp nó ár n-intinn, agus ar an ábhar sin bhíomar mar an chuid eile den chine daonna, inár gclann feirge Dé ó nádúr.
4
Ach ós saibhir Dia i dtrócaire, agus ó ba mhór a ghrá dúinn,
5
cé gur thug ár gcoireanna ár mbás, bheoigh sé sinn in éineacht le Críost (trí chreideamh a slánaíodh sibh),
6
agus thóg sé ar an aiséirí sinn in éineacht leis, agus chuir sé inár suí sinn leis in airde neimhe raaraon le hÍosa an Críost,
7
ionas go mbeadh saibhreas dothomhaiste a ghrásta á thaispeáint sna haoiseanna a bhí le teacht sa mhaith a rinne sé orainn in Íosa an Críost.
8
Mar is le grásta trí chreideamh a slánaíodh sibh; ní uaibh é, ach ina bhronntanas ó Dhia—
9
nlor saothraíodh é, ar eagla a bheith le maíomh ag aon duine.
10
Mar is sinne saothar Dé, a chruthaigh sé in Íosa Críost le haghaidh na ndea-oibreacha a bhí ullmhaithe aige dúinn roimh ré, ionas go gcleachtfaimis iad.
11
Cuimhnígí mar sin ar an am a chuaigh thart. Is Gintlithe sibh de réir folaíochta. An dream a bhfuil ainm an timpeallghearrtha (láimhdhéanta chollaí) orthu, thug siad an neamh-thimpeallghearradh oraibh.
12
Bhi sibh scartha ó Chríost, dealaithe ó chomhlathas Iosrael, gan aithne agaibh ar chúnaint na ngealltanas, agus sibh gan dóchas ná Dia agaibh ar an domhan.
13
Ach anois, de thairbhe Íosa an Críost, tugadh i gcóngar trína fhuil sibh a bhí roimhe sin i gcéin.
14
Is é féin ár síocháin, a rinne aon den dís, agus a leag claí an chónaimhdis,
15
mar ba é a chuir dlí na n-aitheanta agus na n-orduithe ar ceal ina chorp féin, agus a chruthaigh ina phearsa féin an t-aon duine úrnua amháin in ionad na díse, agus a rinne an tslocháin eatarthu,
16
ag athaontú na díse le Dia in aon chorp tríd an gcrois, agus ag cur an naimhdeasa chun báis.
17
Agus is é a tháinig a chraobhscaoileadh na síochána daoibhse a bhí i gcéin agus dóibh siúd a bhí i gcóngar;
18
ós tríd a bhíos cead cainte leis an Athair ag an dís againn trí aon Spiorad amháin.
19
Ní strainséirí ná coimthígh sibh feasta, ach comhshaoránaigh leis na naoimh in áitreabh Dé.
20
Is iad na haspail agus na fáithe bhur mbun, agus is é Íosa Críost an chloch chúinne,
21
ina mbíonn an foirgneamh uile á thógáil agus á tháthú ina theampall naofa sa Tiarna,
22
agus is cuid dá chlocha sibhse, agus é ina áras cónaithe ag Dia sa Spiorad.
← Chapter 1
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 3 →
All chapters:
1
2
3
4
5
6