bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
/
Ephesians 3
Ephesians 3
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
← Chapter 2
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 4 →
1
Is mar sin atá mise, Pól, i mo phríosúnach ar son Íosa Críost thar bhur gceann atá in bhur nGintlithe.
2
Cuirim i gcás gur chuala sibh go bhfuil mé i mo mhaor ag Dia lena ghrásta a roinnt oraibh,
3
agus gur nochtadh an rúndiamhair dom i dtaispeáint, mar atá scríofa agam i mbeagán briathra.
4
Nuair a bheas sé léite agaibh, aithneoidh sibh an tuiscint atá agam ar rúndiamhair sin Chríost,
5
nár nochtadh dʼaon mhac máthar dʼaon ghlúin romhainn mar nocht an Spiorad anois í dá aspail agus dá fháithe naofa;
6
is é sin, go bhfuil na Gintlithe ina gcomhoidhrí agus ina gcomhbhaill den aon chorp, agus go bhfuil comh-sheilbh acu sa ghealltanas i soiscéal Íosa Críost.
7
Rinneadh ministir díom leis an soiscéal sin a fhreastal de réir ghrásta Dé a oibríodh ionam trína chumhacht.
8
Dá shuaraí mé i mease a bhfuil de naoimh ann, is dom a tugadh an grásta seo, go mbeinn ag craobhscaoileadh shaibhreas dochuimsithe Chríost i mease na nGintlithe,
9
agus le hamharc a thabhairt don Ádhamhchlann uile ar chóras na rúndiamhaire sin a bhí á ceilt i nDia a chruthaigh gach uile ní;
10
agus go mba tríd an eaglais a nochtfaí ileagna Dé dá bhfuil in údarás agus i gcumhacht in ard na bhflaitheas.
11
Tharla sin uile de réir an chuspóra shíoraí atá curtha in éifeacht aige in Íosa Críost ár dTiarna,
12
a mbíonn misneach agus muinín againn trínár gcreideamh ann le dul isteach ina láthair.
13
Táim ag iarraidh oraibh mar sin gan drochmhisneach a bheith oraibh i dtaobh a bhfuil le fulaingt agam ar bhur son, ar chóra daoibh maíomh as.
14
Dá bhrí sin feacaim mo ghlúine roimh an Athair úd,
15
óna n-ainmnítear gach athaireacht teaghlaigh ar neamh agus ar talamh,
16
go ndeona sé daoibh de réir shaibhreas a ghlóire bheith do bhur neartú le cumhacht a Spioraid in bhur gcroíthe istigh,
17
agus Críost a bheith ina chónaí in bhur gcroíthe tríd an gcreideamh; agus sibh a bheith fréamhaithe bunaithe sa ghrá,
18
agus tuiscint a bheith agaibh in aontacht leis na naoimh uile ar cad é an leithead agus an fad agus an airde agus an doimhne,
19
le heolas a chur ar an ngrá sin Chríostʼatá os cionn gach eolais, ionas go mbeidh líonmhaireacht uile Dé do bhur líonadh.
20
Agus anois, ó tá an té sin ag obair ionainn, ar féidir leis i bhfad níos mó a dhéanamh ná is féidir linne cuimhneamh air ná a iarraidh,
21
bíodh glóir aige san eaglais agus in Íosa Críost ó ghlúin go glúin agus go saol na saol. Áiméan.
← Chapter 2
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 4 →
All chapters:
1
2
3
4
5
6