bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
/
Ephesians 4
Ephesians 4
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
← Chapter 3
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 5 →
1
Tá mise mar sin, atá i mo phríosúnach ar son an Tiarna, ag impí oraibh maireachtáil mar a oireas do bhur ngairm,
2
go mín ceansa uiríseal, go foighneach fadfhulangach carthanach le chéile,
3
ar bhur ndícheall le haontacht an Spioraid a choinneáil i gcuing na síochána.
4
Tá aon chorp amháin ann agus aon Spiorad amháin ann, mar aon dóchas amháin na gairme chun ar gaireadh sibh,
5
aon Tiarna amháin, aon chreideamh amháin, aon bhaiste amháin,
6
aon Athair-Dhia amháin againn uile, a bhíos os cionn, agus trí, agus ar fud gach ní.
7
Ach bronnadh an grásta mar thomhais Críost a thíolacadh do gach duine againn.
8
Deirtear mar sin, “Nuair a chuaigh sé in airde ghabh sé mórshlua giall, agus bhronn sé tíolaicí ar dhaoine,”
9
(nuair a deirtear go ndeachaigh sé in airde, nach ionann sin agus gur thuirling sé freisin go talamh thíos?
10
An té a thuirling is é a chuaigh suas os cionn a bhfuil de neamha ann, go líonadh sé corp uile na cruinne).
11
Agus ba iad a thíolaicí, na daoine a bhí ina n-aspail, agus ina bhfáithe, agus ina soiscéalaithe, agus ina n-aoirí anamacha, agus ina n-oidí múinte,
12
leis na naoimh a ghléasadh chun obair freastail, agus le corp Chríost a mhéadú,
13
ionas go dtiocfaimid uile chun aontacht chreidimh agus eolas Mhac Dé, mar fhear déanta, a bhfuil lántomhas airde Chríost aige;
14
agus gan bheith mar pháistí, á luascadh anonn is anall agus á dtiomáint thart ag baothghaotha teagaisc, agus daoine ag imirt a gcleas orthu go cluanach glic.
15
Ach gan géilleadh dó sin, cuirimid romhainn bheith ag déanamh na fírinne i ngrá, agus bheith ag fás suas ar gach bealach i gCríost, an Ceann,
16
nuair a bhíonn an corp uile fite fuaite in alt a chéile agus na cuislí á chothú, agus gach ball de i ngléas mar is cóir, bíonn sé ag cur leis féin agus leis an ngrá amach ón gCeann sin.
17
Dearbhaím daoibh anois agus fágaim fianaise a fhírinne ar an Tiarna, gan sibh a mhaireachtáil feasta mar Ghintlithe seo na gceann leamh;
18
is iad atá dallintinneach, dealaithe amach ó bheatha Dé trína n-aineolas, a tháinig as cruas a gcroíthe;
19
is iad a dʼéirigh fuarchroíoch, gur chloígh le gáir-siúlacht agus cíocras orthu chun gach salachar is measa ná a chéile a chleachtadh.
20
Ní hamhlaidh a dʼfoghlaim sibh Críost;
21
á rá gur chuala sibh faoi agus go bhfuair sibh teagasc na fírinne atá in Íosa.
22
Caithigí díbh an seanduine caite, an mí-eagar beatha atá morgtha lofa ag ainmhianta cealgacha na colainne a bhí oraibh roimhe seo,
23
bíodh sprid úr agaibh ag athnuachan bhur n-intinne,
24
cuirigí oraibh an nua-dhaonnacht a chruthaítear i gcosúlacht Dé go fíréanta fíornaofa fírinneach.
25
Diúltaígí mar sin don bhréag, agus labhraíodh gach duine an fhírinne lena chomharsa, ós comhbhaill dá chéile sinn.
26
Bíodh fearg oraibh gan peaca a bheith oraibh; ná ligigí don ghrian dul a luí ar bhur bhfearg,
27
agus ná déanaigí áit don diabhal.
28
Ná téadh an gadaí a ghadaíocht níos mó, ach i gcionn oibre, ag cur a lámh i saothar ionraic, ionas go bhféadfaidh sé roinnt leis an té atá i riachtanas.
29
Nár thaga aon drochchaint as bhur mbéal, ach comhrá maith a oireas don ócáid, a mbainfidh an té a éisteas leis gnaoi agus tairbhe aisti.
30
Agus ná goilligí ar an Spiorad Naomh, Spiorad Dé, atá mar shéala oraibh go lá bhur bhfuascailte.
31
Cuirtear uaibh an tseirbhe agus an fíoch agus an fhearg agus an t-ardghlór agus an chúl-chaint agus gach uile mhírún,
32
agus bígí go maith maothchroíoch le chéile, ag tabhairt maithiúnais dá chéile, mar a thug Dia an maithiúnas daoibh i gCríost.
← Chapter 3
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 5 →
All chapters:
1
2
3
4
5
6