bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
/
Deuteronomy 13
Deuteronomy 13
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
← Chapter 12
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 23
Chapter 24
Chapter 25
Chapter 26
Chapter 27
Chapter 28
Chapter 29
Chapter 30
Chapter 31
Chapter 32
Chapter 33
Chapter 34
Chapter 14 →
1
«Má éiríonn fáidh nó aislingeoir aislingí in bhur measc agus go dtairgeann sé comhartha nó iontas a dhéanamh duit,
2
agus go dtagann an comhartha nó an t-iontas a luaigh sé leat i gcrích, agus go ndeir sé: 'Téanam agus leanaimís déithe eile' (nach eol duit) ' agus déanaimís seirbhís dóibh,'
3
ná héist le briathra an fháidh sin ná le haislingeoir na n-aislingí sin; do bhur bpromhadh atá an Tiarna bhur nDia féachaint an ngránn sibh an Tiarna bhur nDia ó bhur gcroí go hiomlán agus ó bhur n-anam go hiomlán.
4
An Tiarna bhur nDia atá le leanúint agaibh, roimhe atá eagla le bheith oraibh, a aitheanta atá le coimeád agaibh, dá ghlor atá sibh le géilleadh; is dó atá sibh le seirbhís a dhéanamh agus is leis atá sibh le cloí.
5
Ach cuirtear an fáidh sin nó an t-aislingeoir aislingí sin chun báis óir theagasc sé ceannairc in aghaidh an Tiarna bhur nDia, a thug sibh amach as tír na hÉigipte agus a d' fhuascail sibh as teach na daoirse; b' áil leis thú a chlaonadh ón mbealach a d' aithin an Tiarna do Dhia duit a shiúl. Díbir an urchóid sin ó do lár ar an tslí sin.
6
«Má dheanann do dheartháir, mac [d' athar nó] do mháthar, nó do mhac, nó d' iníon, nó do mhuirnín mná, nó do chara cléibh, thú a mhealladh faoi choim á rá: 'Téanam agus déanaimís seirbhís do dhéithe eile' (nárbh eol duit féin ná do d' aithreacha),
7
de na déithe leis na ciníocha máguaird ort ó chéin nó ó chóngar, ó cheann ceann na cruinne,
8
ná géill dó, ná tabhair aird air, agus ná bíodh trua ná taise agat dó; ná déan anacal air agus ná cuir i bhfolach é,
9
ach cuirfidh tú chun báis é; do lámhsa is túisce atá le hardú ina aghaidh á chur chun báis, agus ina dhiaidh sin, lámh an phobail go léir.
10
Gabhfaidh tú de chlocha ann go dtí go n-imeoidh an dé as, mar gurbh áil leis thú a mhealladh ón Tiarna do Dhia, a thug thú amach as tír na hÉigipte, as teach na daoirse.
11
Cluinfidh Iosrael go léir trácht air, agus beidh eagla orthu, agus go brách arís ní dhéanfaidh siad a leithéid de choirpeacht in bhur measc.
12
«Má chluineann tú go bhfuil, i gceann de na cathracha a thug an Tiarna do Dhia duit le cónaí iontu,
13
go bhfuil cladhairí áirithe de bhur gcuid féin, a ghabh amach agus a mheall lucht na cathrach á rá: 'Téanam agus déanaimís seirbhís do dhéithe eile' (nárbh eol daoibh),
14
ansin déan fiosrú i dtaobh an scéil agus fiafraí agus diancheistiú. Má chinntítear agus má dheimhnítear gur tharla rud gráiniúil dá shórt in bhur measc,
15
ní foláir duit go cinnte an claíomh a imirt ar áitritheoirí na cathrach sin uile agus an chathair a scrios ó bhonn, agus idir áitritheoirí agus stoc go léir a mharú le faobhar claímh.
16
Cruinnigh a maoin go léir ar lár a plásóige poiblí agus loisc le tine an chathair agus a héadáil ar fad, á hofráil mar íobairt loiscthe don Tiarna do Dhia; fágtar í ina leachtán go brách, gan atógáil go deo.
17
Ná coinnigh siar aon ní dár cuireadh faoi bhang i dtreo go gcasfadh an Tiarna ó fhraoch a fheirge, agus trócaire a dhéanamh ort, trua a bheith aige duit, agus an rath a chur ort mar a mhionnaigh sé do d' aithreacha
18
ar choinníoll is é sin, go ngéillfidh tú do ghuth an Tiarna do Dhia, agus go gcoimeádfaidh tú na haitheanta go léir leis a ordaím duit inniu, agus go ndéanfaidh tú an ceart faoi shúile an Tiarna do Dhia.
← Chapter 12
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 23
Chapter 24
Chapter 25
Chapter 26
Chapter 27
Chapter 28
Chapter 29
Chapter 30
Chapter 31
Chapter 32
Chapter 33
Chapter 34
Chapter 14 →
All chapters:
1
2
3
4
5
6
7
8
9
10
11
12
13
14
15
16
17
18
19
20
21
22
23
24
25
26
27
28
29
30
31
32
33
34