bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
/
Deuteronomy 24
Deuteronomy 24
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
← Chapter 23
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 23
Chapter 24
Chapter 25
Chapter 26
Chapter 27
Chapter 28
Chapter 29
Chapter 30
Chapter 31
Chapter 32
Chapter 33
Chapter 34
Chapter 25 →
1
«Abair gur thóg fear bean agus phós í; ach níorbh áil leis í agus fuair sé mínáire éigin le cur ina leith; agus scríobh sé bille scartha di agus thug ina láimh di é agus chuir sé chun siúil óna theach í;
2
d' imigh sí léi amach agus phós fear eile í.
3
Má thagann gráin ag an bhfear eile uirthi agus go scríobhann sé bille scartha di, agus é a thabhairt ina láimh di agus í a chur chun siúil óna theach (nó má fhaigheann an fear eile seo, a phós í, bás)
4
ní ceadmhach dá céad fhear, a chuir uaidh í, í a ghlacadh ar ais anois mar bhean ós rud é gur truaillíodh í ar an gcuma seo. Óir is fuath leis an Tiarna é sin agus ná tabhair ciontacht ar an tír a thugann an Tiarna do Dhia duit mar oidhreacht.
5
«Fear nuaphósta, ná téadh sé san arm agus ná bítear ag cur cúraimí air; fágtar sa bhaile é ar feadh bliana, saor ó dhualgais, le sólás a thabhairt don bhean a ghabh sé chuige.
6
Ná tógadh aon duine muileann ná bró i ngeall mar b' ionann sin agus anam a thógáil i ngeall.
7
Má bheirtear ar dhuine ag fuadach duine dá bhráithre, de chlann Iosrael, cibé acu le daor a dhéanamh de nó lena dhíol, ní foláir an gadaí sin a chur chun báis. Díbir an t-olc seo ó bhur measc.
8
I gcás taom lobhra déan gach a n-ordaíonn na sagairt Léivíteacha duit a choimeád go beacht agus a chomhlíonadh le barr cúraim; déan mar a d' aithin mé dóibh le cáiréis.
9
Cuimhnigh ar a ndearna an Tiarna le Miriám agus sibh ar an mbealach ón Éigipt amach.
10
«Má bhíonn iasacht d' aon sórt á thabhairt agat do do chomharsa ná téigh isteach ina theach agus a gheall a ghabháil.
11
Fan lasmuigh agus tugadh an té dá bhfuil an iasacht á tabhairt agat an geall amach chugat.
12
Más bochtán é ná codail ina gheall.
13
Nuair a théann an ghrian faoi, tabhair an geall ar ais dó i dtreo gur féidir dó codladh ina bhrat agus beannacht a chur ort; beidh sin ina ghníomh fónta agat i láthair an Tiarna do Dhia.
14
«Ná tar i dtír ar fhostúch bocht dealbh, más bráthair duit é, más deoraí i do dhúiche é atá ag cur faoi i do bhailte.
15
Tabhair a thuarastal dó an lá a thuillfidh sé é, sula dtéann an ghrian faoi (mar tá sé bocht agus tá dúil aige ann) le heagla go n-éifeadh sé chun an Tiarna i d' aghaidh, agus gur pheaca duit sin.
16
Ná cuirtear aithreacha chun báis thar ceann a mac, ná mic thar ceann a n-aithreacha. Cuirtear gach duine chun báis ar son a choire féin.
17
«Ná déan breith a chlaonadh i gcás deoraí ná dílleachta, agus ná tóg brat baintrí i ngeall.
18
Cuimhnigh go raibh tú féin i do dhaor san Éigipt agus go ndearna an Tiarna do Dhia thú a fhuascailt as an áit sin; uime sin a thugaim an aithne seo duit le comhlíonadh.
19
«Nuair a bhíonn an fómhar á bhaint agat sa ghort agus go ndéanann tú dearmad ar phunann sa ghort, na téigh siar ag triall uirthi. Fág ansiúd í don deoraí, don dílleachta agus don bhaintreach i dtreo go ndéanfadh an Tiarna do Dhia a bheannacht a chur ort i do chúraimí go léir.
20
Nuair a bhuaileann tú do chrann ológ, ná téigh siar arís ar na géaga. Bíodh an chuid eile don deoraí, don dílleachta agus don bhaintreach.
21
Nuair a chruinníonn tú fómhar d' fhíonghoirt, ná pioc a thuilleadh é. Bíodh an chuid eile don deoraí, don dílleachta agus don bhaintreach.
22
Cuimhnigh go raibh tú i do dhaor i dtír na hÉigipte; sin é an fáth go dtugaim an aithne seo duit le comhlíonadh.
← Chapter 23
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 23
Chapter 24
Chapter 25
Chapter 26
Chapter 27
Chapter 28
Chapter 29
Chapter 30
Chapter 31
Chapter 32
Chapter 33
Chapter 34
Chapter 25 →
All chapters:
1
2
3
4
5
6
7
8
9
10
11
12
13
14
15
16
17
18
19
20
21
22
23
24
25
26
27
28
29
30
31
32
33
34